Beckett go Gaeilge

BEIDH GEARRDHRÁMA de chuid Samuel Beckett le feiceáil i nGaeilge i mBaile Átha Cliath ar an mhí seo chugainn.

BEIDH GEARRDHRÁMA de chuid Samuel Beckett le feiceáil i nGaeilge i mBaile Átha Cliath ar an mhí seo chugainn.

Is é Teacht is Imeacht ainm an phíosa agus is é an file agus an t-aistritheoir, Gabriel Rosenstock, a thiontaigh go Gaeilge é ón bhundráma, Come and Go. Is é an compántas Mouth on Fire a stáitseoidh an saothar agus Cathal Quinn a stiúróidh é.

Agus an dráma á sheoladh i mBaile Átha Cliath inné, dúirt Quinn go raibh áthas air cead a fháil an dráma a léiriú den chéad uair riamh i nGaeilge. Bhí mórán daoine den bharúil gurbh é an dráma gairid ab fhearr de chuid Beckett é. Bhí sé ag súil leis an dráma a chur os comhair lucht na Gaeilge le go mbainfeadh siad sult as agus le go dtuigfeadh daoine nach raibh saothar Beckett deacair nó gruama.

Beidh Teacht agus Imeacht ar siúl sa Focus Theatre, Baile Átha Cliath, idir an Mháirt 10ú, Aibreán, go dtí an Satharn 21ú Aibreán, ag 8pm.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times