Beatha an scolaire

Beocheist: Ó is aoibhinn beatha an scoláire. Tá dán den teideal seo scríte sa Ghaeilge Chlasaiceach

Beocheist: Ó is aoibhinn beatha an scoláire. Tá dán den teideal seo scríte sa Ghaeilge Chlasaiceach. Is filíocht shiollach le hamas, uaim agus uaithne í sa mheadaracht a nglaotar séadna uirthi.

D'fhéadfainn níos mó a mhíniú mar gheall ar an dán nótálta. Ó thús na míosa, bhí mo bheatha aoibhinn caite ar fhoghlaim faoi fhilí, fhilíocht agus ghramadach gan chodladh cuí do scrúduithe scanrúla na hollscoile.

Scaipeadh pinn ghorma saor in aisce i halla na scrúdaithe. Leanas na fógraí go dtí gur shroich mé an áit a raibh "Gaeilge: An Dara Bliain" scríte.

Mhothaíos mearbhlach mar níor aithníos éinne. Chonac cailín go bhfaca an chéad lá. Níor fhreastail leath den ghrúpa ar na léachtaí riamh. Mhéadaigh mo mhisneach, ar a laghad d'fhreastailíosa. Suite, istigh san RDS, áit a mbíonn ceolchoirmeacha bhí na mílte scoláire ina suí, ag scríobh gan stad le pinn saor ina seilbh acu seachas micreafón.

READ MORE

Bhíos féin ag scríobh mar gheall ar amhráin, an fhoirm meadarachta sna dánta clasaiceacha. Is fada iad ó na hamhráin a chuala agus mé i gceoilchoirm san RDS.

De réir na gcomhairleoirí cáiliúla, ní mholtar do mhic léinn staidéar thar 40 nóiméad. Bhíos ag iarraidh rith timpeall an halla agus cupán tae te bheith ar an mbord agus mé ag filleadh, nó fiú éalú. Bhí dhá uair agus scór nóiméad fágtha gan sos. Cad a scríobhfainn?

Tháinig an scrúdaitheoir ó roinn na Fraincise chugam sa scrúdú Fraincise, gan tae, chun féachaint tríd an bhfoclóir agus deimhniú nach raibh fíricí faoin fhilíocht Fraincise scríte agam istigh ann. Ní bheadh duine chomh hamaideach nótaí a chur ansan, bheadh do stocaí níos sábháilte chun nótaí cabhrach a chur i bhfolach, ní foláir.

"What heez diz?" a d'fhriafraigh mo dhuine díom, ag iarradh fáil amach cad iad na bileoga bána a bhí idir na leathnaigh agus é á n-iniúchadh. Ba dhóbair gur mharaíos.

Ní fios fós cad a bhí scríte orthu. Rudaí a ghreamaíos san fhoclóir i rith na bliana. Bhí ionadh ollmhór orm. Chrom mo chroí ag bualadh go borb. Dúirt sé go docht fáil réidh leo.

Dhírigh súil gach scoláire orm, dallamullóg orthu faoi cad a bhí ar siúl. Chuala gach coiscéim uaim ar an urlár adhmaid. Fuaireas bosca bruscair. Le náire orm, shuíos síos arís. Faraor, ní rabhas caite amach. Ar shlí ba thrua mar bhí ocras an domhain orm.

Mhothaíos an Monsieur ag máirseáil. Mhéadaigh glór coiscéimeanna an mhaoirseora. Ní rabhas in ann díriú ar an dán mar theastaigh uaim rith chuig an leithreas láithreach. Bheadh mo dhuine uasal amhrasach gan amhras. Níorbh fhéidir liom imeacht.

Thosaigh tiúin thaitneamhach thapa Nokia ag bualadh go bríomhar sa chúlra. D'athraigh aghaidh an Fhrancaigh, a chuid súl fáiscithe, gan trua; bhí sé chun déileáil leis an gcoir thromchúiseach seo. Fíú! Faoiseamh uaidh!

Ag cuimhneamh ar an gcréatúr le fón ar fónamh aige istigh sa halla, ag meabhrú faoin leithreas, ar bhia, bhí orm díriú ar an dán. Churdaíos an chéad fhocal "coup" sa dán Fraincise. Nuair a shrois mé "coup" sa leathnach, bhí milliún focal leagtha amach ar an leathnach le míniú éagsúil air.

D'éiríos trína chéile leis an 'gcabhair' seo agus bhí fearg orm de bharr an fhoclóra.

Ba dhealbh iad na cailíní i mo thimpeall - seachas a lámha - a bhí ag síneadh anonn is anall le pinn agus iad ag maisiú na leathanach le dúch. B'iad na daoine iad nár fhreastail na léachtaí leamha riamh!

Arbh mise an t-aon duine nach raibh ag scríobh gan stad?

Ó thús an pháipéir, bhí comhairle scríte agam le peann uaine, ag cur i gcuimhne dom teacht ar ais chun ceisteanna áirithe a chríochnú; mé cinnte ag an am sin go dtiocfainn ar ais ...

Bhí orm dul siar ar chúrsa na bliana don pháipéar Gaeilge den scrúdú an lá ina dhiadh agus gan ghlacadh leis an gcuireadh chun dul amach ag ceiliúradh leis an dream i m'árasán. Bhíodar ríméadach toisc go rabhadar críochnaithe le scrúduithe an tsamhraidh.

Bhí boladh barbeque ag éirí ón ngairdín aníos ach bheireas greim ar mo pheann gorm. Shocraíos ubh scrofa ar shlis tósta, cupán tae le siúcra. Bhí na leaids ag imirt le liathróid faoin ghrian gheal, iad ag ceiliúradh.

Mhothaíos níos neirbhíse don pháipéar seo. Bhí páipéar Fraincise le bheith ar siúl an tseachtain ina dhiaidh. Bheadh orm gnátheachtraí a sheachaint toisc go mbeadh beatha thaitneamhach aoibhinn an scoláire i ndán dom ar feadh seachtaine. Cinnte.