Béarla briste gan bhrí

Beocheist/Art Ó Maolfabhail: 'Illiterate in two languages': nath cainte é sin a chloistí go measartha minic tráth, roimh ré …

Beocheist/Art Ó Maolfabhail:'Illiterate in two languages': nath cainte é sin a chloistí go measartha minic tráth, roimh ré an Éire ilchultúrtha, ilteangach seo.

Na daoine a d'úsáideadh é, daoine ar son leas an phobail a bhíodh iontu, dar leo féin. Bhídís ag iarraidh sinn a chosaint ar an titim idir stól leathan socair an Bhéarla agus stóilín bídeach bogadach na Gaeilge.

Ar ndóigh, ní raibh fáth fírinneach a mbuartha acu. Is é an bhreith a tugadh go minic orthu go raibh siad rócheangailte do théada aprúin Impireacht an Bhéarla.

Tá Éire inniu ag cur thar maoil le maíomh as feabhas bhua an Bhéarla atá againn. Táimid láncháilithe chun cúrsaí airgeadais agus polaitíochta agus slándála an domhain a láimhseáil go lánchumasach.

READ MORE

Sin gan trácht ar chúrsaí litríochta agus aisteoireachta agus faisnéise agus sníomh na bhfocal (Béarla) go ginearálta. Tá ár n-ógánaigh chomh dícheallach ar misean na Béarlaíochta ar fud an domhain is a bhí na naoimh neamhoifigiúla a chuireamar amach fadó ar misean na Críostaíochta.

De réir traidisiúin thagadh na sluaite mac léinn ón Mhór-roinn chun freastail ar scoileanna na mainstreacha anseo, leithéidí Ghleann Dá Loch agus Chluain Mhic Nóis. San aois órga atá anois ann tá na sluaite mac léinn ag teacht go dtí Oileán Iathghlas Éireann agus ag íoc airgid go daor chun Béarla a fhoghlaim.

Ní haon ionadh é má tá an chuid eile den domhan ag ceapadh gur fiontraí faobhrach rathúil í Éire. Táirge a fuaramar saor in aisce, más fíor, tá ar ár gcumas é a dhíol go daor. Ní hé sin amháin é. Is cosúil go bhfuil ar ár gcumas é a dhíol uainn agus é a choiméad againn.

De réir cosúlachta, dá mhéid a thugaimid an Béarla uainn is ea is mó a fhanann an Béarla againn. Rud ar nós an Ghrá atá ann. Tá súil agam go bhfuil caighdeán an táirge atá á dhíol chomh hard le caighdeán ard na margaíochta.

Ó am go ham déantar magadh faoi dhaoine a bhíonn os comhair an phobail, faoi pholaiteoírí go háirithe, as caint gan dealramh. Briotaíl Bhéarla a bhíonn i gceist i gcónaí. Goilleann Béarla briotach briste ormsa. Agus is beag nach ngoilim nuair a chloisim ó cheardaithe gairmiúla na bhfocal é - ó iriseoirí, ó shníomhairí focal.

Samplaí: "Three people were killed after a road accident." Is cinnte nach bhfuil i gceist ansin a rá go ndearnadh daoine a mharú d'aon turas.

"The car collided with the lorry head-on which was travelling in the opposite direction." Fo-eagarthóir fónta, bhearrfadh sé an abairt sin. "Team A would beat the pick of either of them (team B agus team C)."

Mearbhall éigin matamaitice/loighice ar a údarsan. Agus an meascadh a dhéantar idir 'number' agus 'amount', 'extent' agus 'size' etc. Caithfidh go mbíonn mearbhall ceart ar an mbochtán atá ar bheagán Béarla agus é taobh le loighic a theanga féin.

Goilleann orm chomh maith na cinnteidil leathchliste a áirítear anois ar na príomhscileanna fo-eagarthóireachta.

Imeartas focal ar nós "Polish politician is polished speaker" nó "War on waist" ag tagairt don chath faoi choim in aghaidh na róthomhailte.

"The pun is the lowest form of wit," a deireadh an múinteoir linn tráth. (Mar shampla: "The bun is the lowest form of wheat.")

Ní raibh abairtí den chineál sin inghlactha in aiste scoile. "Verbicide" a thug an scríbhneoir clúiteach Béarla Mheiriceá, Oliver Wendell Holmes, ar a leithéid, is é sin, 'focalaicíd' agus, ar ndóigh, aicíd is ea é le cois é bheith ina -icíd.

Cad is féidir leis an ainniseoir bocht gan Béarla ó dhúchas a dhéanamh nuair a fheiceann sé an t-imeartas focal seo ar gach leathanach den bhfoilseachán Béarla a ndéanann sé iarracht foghlaim as. Agus diomaite de na fadhbanna a thugann an síorimeartas focal dó, an dtuigfidh sé go cruinn choíche an difríocht idir 'British prisoners (in Germany)' agus 'British prisoners (in Iraq)'?

Nó an difríocht idir 'international (matches)' agus 'international (experts)' agus '(foreign) students' ?

B'fhéidir go bhfiafródh an foghlaimeoir allúrach sin an é nach féidir le hÉireannach bheith ina 'international expert' in Éirinn gan bheith ina 'foreigner' chomh maith?

Tabharfaidh an téarma 'foreign multinationals' tuilleadh tinneas cinn dó.

Agus cuirfidh ráitis An Post agus Aer Lingus faoi "Ireland, Britain and Europe" ag triall ar a atlas é féachaint an áit a bhfuil a sheasamh féin.

An duine bocht.