Beannachtaí anall

GAOIS AGUS dea-thoil na Nollag ó Albain anall

GAOIS AGUS dea-thoil na Nollag ó Albain anall. Sheol iar-aire de chuid an Lucht Oibre sa Bhreatain, Brian Wilson, dhá fhiontar Ghaeilge/ Ghàidhlig go hoifigiúil ar Oileán Ìle, Alba, coicís ó shin.

Sa chéad dul síos, chuir sé a bheannacht leis an chlár tacaíochta teanga, Ag Foscailt Doirse. D'fhorbair lucht an dá theanga i mBaile an Chaistil, Co Aontroma, agus ar Oileán Ìle, an clár seo i gcomhpháirt le chéile.

Thug Wilson fiontar "ceannródaíoch" agus "réabhlóideach" ar an chlár as an dóigh ar chuidigh an scéim le tuismitheoirí a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge nó Gàidhlig. Mhol sé an obair mar léiriú den chomhobair a bhí ar siúl idir dhá phobal teanga:

"This partnership is important as it demystifies those less informed mindsets that Gaelic somehow belongs to one section of the community in Ireland and, in terms of Scottish and Irish links, it illustrates to all the ancient and common bond between our two lands. This work will impact positively and provide a real support for parents and families to reacquaint themselves with our language as a language of their home, family and community."

READ MORE

Ba é tionscnamh cárta Nollag an dara scéim a chuir Wilson i láthair an phobail. Páistí ar Ghaelscoil an Chaistil, Co Aontroma, agus daltaí ar scoil Ghàidhlig Ìle, Bowmore, a dhear na cártaí dátheangacha agus tá siad á ndíol le cuidiú le hobair an eagrais, Concern, sa Bhanglaidéis