Auf Deutsch

Seolfaidh Ambasadóir na Gearmáine, Christian Pauls, cnuasach dátheangach filíochta Gaeilge-Gearmáinis, VERSschmuggel VÉARSaistear…

Seolfaidh Ambasadóir na Gearmáine, Christian Pauls, cnuasach dátheangach filíochta Gaeilge-Gearmáinis, VERSschmuggel VÉARSaistear (Cló Iar-Chonnachta) Dé hAoine ag 4.30pm sa Project, Shráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath.

Thug Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock, Gréagóir Ó Dúill, Biddy Jenkinson, Cathal Ó Searcaigh agus Michael Davitt cuairt ar an Ghearmáin arú anuraidh. Bhí ceardlann acu le filí comhaimseartha na Gearmáinise agus as sin a tháinig an leabhar.

Mar bhreis ar théacs na ndánta féin, tá dhá dhlúthdhiosca ag dul leis an leabhar agus na filí le cluinstin ann. Beidh Nuala Ní Dhomhnaill agus Mirko Bonné ag léamh mar chuid d'ócáid na hAoine.

BEIDH comhdháil bhliantúil Scoil na Gaeilge de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, "Comhdháil i Litríocht agus Cultúr na Gaeilge," ar siúl idir an Aoine 13ú agus an Satharn 14ú, Deireadh Fómhair.

READ MORE

Beidh Brian Ó Conchobhair, Joe Steve Ó Neachtain agus Alan Titley mar aoichainteoirí agus iad ag caint ar ghnéithe de shaol agus de shaothar Mháirtín Uí Chadhain.

Cuirfidh eagraithe na chomhdhála fáilte roimh dhuine ar bith atá ag iarraidh páipéar (20-25 nóiméad) a léamh. Ba cheart teideal agus achoimre ar an ábhar a chur faoina mbráid faoin lá deireanach de mhí an Mheithimh.

Eolas: 091-492564