athru saoil

Crobhingne: Thug mé faoi deara an mhaidin cheana go raibh nimh bheag san aer

Crobhingne: Thug mé faoi deara an mhaidin cheana go raibh nimh bheag san aer. Scamaill bhreátha dorcha ag clúdach na goirme sin a chuireann breall ar dhaoine a shíleann gur tír de chuid na meánmhara atá againn.

An lá dár gcionn bhí brat breá duilleog ar an talamh, iad tar éis titim ba dhóigh leat thar oíche. Dath álainn dúbhreoite orthu, ag lobhadh is ag dreo, tú ag cuimhneamh nach fada uait an tsatailt bhog bhriosc agus an speach ar sodar agus tú ar bhealach.

Comhartha iad seo go bhfuil an samhradh caite. Is cuimhin liom Luis Bunuel ag rá go bhfeiceadh siad néal beag aonair uaigneach samhraidh ar crochadh amuigh in íor na spéire i ndeisceart Andalucia nuair a bhí sé óg, agus gurbh é a nguí go bhfásfadh is go n-atfadh is go mborrfadh is go ndéanfadh meall mór fliuch dúghorm báistí. Go hiondúil, bhíodh díomá orthu, é féin agus a pháirtithe.

Díomá ar bith ní raibh ormsa. Ní hé nach maith liom an samhradh ag filleadh ar Éirinn, ná bainne na ngamhna, ná na nóiníní gréine. Go deimhin, is binn liom an t-earrach, agus an fómhar, agus an geimhreadh leis, agus scairbhín na gcuach, agus na seacht seachtaine ramhra.

READ MORE

Tá rud éigin róchneasta ar fad ag baint leis an samhradh, milseog ar fad é, La Triviata ó dhobharsholas na maidne moiche go cabhur dorcha deiridh oíche. Hello Magazine seachas an intleacht. Is é an samhradh an tráth den bhliain nuair a nochtann daoine iad féin ar chuma nár cheap Dia ná Lugh dóibh é. Gealchraiceann pinc á róstadh ar bior na gréine, feoil bhog mhéith a d'fhan istigh le cuimhne na gcat ag iarraidh snap den solas a fháil.

Níos ainnise ná sin ar fad fir mhóra bholgshéite á nochtadh féin, coirp rúnda acu nach bhféadfadh an máinlia plaisteach b'oilte a dhath ar bith a dhéanamh ar a son, go fiú le teann míorúilte. Mná, leis, arb oiriúnaí an burkha ná an bikini dóibh.

Is é pléisiúr dheireadh an tsamhraidh is fearr liomsa ná pléisiúr dheireadh an ghairdín. Stopann an féar ag fás agus dá bhrí sin ní gá é a dhúnmharú níos mó. Stopann an sceach gheal ar bheith ag cur a coda amach, an luifearnach ar a bheith ag pógadh an talaimh, an t-eidhneán a bheith ag pléascadh ar an mballa. Ní gá domsa, mar sin, timpeallghearradh a dhéanamh orthu, ná géagtheascadh a chur san imirt, ná agent orange Poncánach dúfarghlantach éigin a chur i bhfeidhm.

Is é fírinne an scéil gur fuath liom an gairdín. Is é an comhartha leamhbhuirgéiseach beagmhaitheasach is mó é dá bhfuil ann. Is é bréagán dinky an fheirmeora é. Is é lego an tógálaí é. Is é ladybird an scríbhneora é. Is é an garraíodóir an péas, an póilín, an príosúnbharda. Is é a ghearrann scornach an fhiliméala, a mharaíonn an chuach sa nid, a dhíríonn caime an chúchumbair.

Aontaíonn gach leisceoir dá raibh riamh ann liom. Aontaíonn siad gur cheart ligean don ghairdín fás mar a cheap Dia agus Lugh dóibh é. Féach ar a bhfuil d'ainmneacha ag na bláthanna ceansaithe suas is anuas leis an bhfásra fiain! An bhfuil bláth is leimhe ná Lus an Chrom Chinn ann, náire air gur i ngarraí leamh atá seachas amuigh faoi ghaotha an tsaoil? Agus Clúmh na Fuinneoige nach mbeadh beo ach ab é lucht na cistine istigh ag déanamh adhartha di.

Suas is anuas leis sin, an Garbhlus a fhásann go streachlánach áit ar bith a mbíonn beatha fhiain, idir dhaoine agus ainmhithe, amhail is nárbh iontrust iad lucht na ndeimheas. Agus cad déarfá le Sceolam na gCailleach gCaol nár fhéad aon duine é a cheansú, ach oiread le sionnach ná le seabhac?

Agus nach é an gairdín mallaithe samhail na coda eile den bhliain? Na páistí ar ais ina mbinse ag gabháil don ghramadaigh agus a cuid rialacha mar is ceart don scoil, feistis chomhchoitianta orthu mar a chuirtear siar ar bhláthanna an ghairdín, iad ina línte díreacha ón gclós go dtí an leithreas agus ón bpribhí go dtí an rang; iad ina dtiúilipí gan dochar, ina nóiníní naíonda go ceartshraitheach gan ceann a chasadh, iad i gcónaí laistiar den dlí mar b'é an garraíodóir a chum is a chuir sa cheapach.

Mo chuidse den ghaois: ligean do gach gairdín fás ina loscadh buinne siar amach go foraois fhiata; nó níos fearr agus níos sibhialta fós - gach gairdín bruachbhailteach a chlúdach faoi shé throigh de choincréit nó de tharramacadam. Is cuma liomsa cé acu ceann díobh. Níl le cailleadh ag neamhgharraíodóirí an tsaoil ach a gcuid bláth, agus is féidir iad sin a cheannach.