‘Athrú chun donais’

“ATHRÚ CHUN donais,” atá ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge, a dúirt stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, Mícheál Ó Conghaile, le comhdháil…

“ATHRÚ CHUN donais,” atá ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge, a dúirt stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, Mícheál Ó Conghaile, le comhdháil ar chúrsaí litríochta i nGaillimh Dé Sathairn.

Bhí foilsitheoirí in “ísle brí” agus bhain an beaguchtach sin le cúraimí leabhar bheith ar Fhoras na Gaeilge agus leis an “riarachán ar díth céille agus cur amú ama go leor de”.

Bhí a chomhlacht féin ag ceiliúradh 25 bliain ar an saol ach dúirt sé nach molfadh sé d’ógánach ar bith páirt a ghabháil san fhoilsitheoireacht mar ghairm bheatha nó go raibh sé “deacair” slí bheatha a bhaint aisti.

Bhí “crá croí leanúnach” ag baint le riarachán ó chuir iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, cúram Bhord na Leabhar Gaeilge ar an Fhoras sa bhliain 2007. Bhí na foilsitheoirí ar fad “nach mór, spíonta ag an riarachán”.

READ MORE

Ní raibh na foilsitheoirí ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an bhord; ní raibh baill an bhoird féin ag iarraidh go gcuirfí deireadh leo agus “le bheith fearáilte le Foras na Gaeilge ní dóigh liom gur theastaigh uathu san go gcuirfí deireadh leis an mbord ná go mbronnfaí cúraimí Bhord na Leabhar Gaeilge orthu féin”.

Bíodh sin mar atá, bhí córas an Fhorais “fabhtach agus tá gach próiseas a bhaineann le hobair na bhfoilsitheoirí fada fadálach. Tuigtear dom, ó bheith i dteagmháil le dreamanna eile a bhíonn ag plé leis an bhForas, go bhfuil an pátrún céanna le feiceáil go minic”.

Ní raibh foilsitheoirí na Gaeilge ag obair ar son an airgid ach ar son an leabhair Ghaeilge “le cion agus grá don earra luachmhar sin, le leas an leabhair Ghaeilge agus le dea-léitheoireacht a chruthú agus a chothú le freastal ar an litríocht is ar na scríbhneoirí ar mór é ár meas ar a ndúthracht agus ar a ndílseacht dá bpeann, dá ríomhaire agus dá n-ealaín”.

Thuig na foilsitheoirí nach mbeadh siad choíche “i measc fat cats na Gaeilge. Nó má bhíonn nach í an fhoilsitheoireacht a chuirfeas an t-uachtar a rabhróidh muid ar fáil dúinn”.

Ag caint leis an cholún seo Dé Luain, dúirt Ó Conghaile go raibh cúpla rogha ann le cás na leabhar a chur ina cheart agus “gurbh fhearr aon rud ná an cruth atá anois ann”.

Mhol sé cúram na foilsitheoireachta a aistriú go dtí an Chomhairle Ealaíon nó faoi chúram Údarás na Gaeltachta de bharr go mbeadh an dá ghrúpa “deich n-uaire níos fearr i mbun gnóthaí Chlár na Leabhar Gaeilge.

“Tuigeann an tÚdarás cúrsaí gnó; tuigeann an Chomhairle Ealaíon cúrsaí ealaíne, dhá ghné atá riachtanach agus tábhachtach don fhoilsitheoireacht. Ní léir dom go dtuigeann Foras na Gaeilge ceachtar acu”.

Dúirt sé fosta go bhféadfaí nasc níos láidre a chothú idir na trí ghné fhoilsitheoireachta a bhaineanna leis an Fhoras cheana féin: ÁIS – dáilitheoirí leabhar – an Gúm, foilsitheoirí atá faoina gcúram agus clár leabhar an eagrais.

Chreid sé go raibh 99 faoin gcéad de na foilsitheoirí den tuairim gur ghá rud éigin a dhéanamh “go fíorphráinneach” faoi chúrsaí.