Athbhliain agus atoghadh?


Bliain mhór chomórtha 2016 beagnach buailte linn agus d’fhéadfadh sí bheith ina tréimhse chorrach ar níos mó ná dóigh amháin. Do lucht féachána peile nó polaitíochta, ní bheidh a sárú ann.

Dhá fhoireann pheile as Éirinn páirteach in Euro 2016 agus toghchán againn theas agus thuaidh. Chomh maith leis sin, an mbeidh an Eoraip ag fágáil slán leis an mBreatain? D’fhéadfadh reifreann samhraidh an freagra a thabhairt dúinn.

Don dream a bhaineann taitneamh andúiligh as a bheith ag breathnú ón taobhlíne, tá bliain ar dóigh i ndán. Sa Dáil nua, glactar leis go mbeidh deacracht ollmhór ann rialtas a chur le chéile más ionann vótáil an phobail agus na roghanna a léirigh siad sna pobalbhreitheanna.

Muna dtarlaíonn aon scannal mór nó aon scoilt drámatúil, an t-aon rud cinnte gur féidir á rá ná go mbeidh an líon is mó tacaíochta ag Fine Gael.

READ MORE

Is é Enda Kenny rogha na coitiantachta amach is amach ag na geallghlacadóirí mar Thaoiseach.

Beidh airsean dul ag suirí chun páirtnéir a fháil agus, go hídéalach, is páirtí láidir a bheidh á chuartú aige chun seasmhacht an rialtais a chinntiú.

Tá seans ann, ar ndóigh, go dtiocfaidh na daoine nach bhfuil cinnte fós cé dóibh a vótálfaidh siad i gcabhair agus go dtabharfaidh siad tromlach iomlán d’Fhine Gael. Ní gá go dtaitneodh polasaithe Fhine Gael leo de ghnáth ach go vótálfadh siad dóibh chun éiginnteacht a sheachaint.

Is annamh, áfach, go gcaitear líon mór vótaí go straitéiseach mar sin cé nach féidir dearmad a dhéanamh den toghchán is déanaí sa mBreatain. Rinne an pobal thall ceap magaidh de na pobalbhreitheanna.

Má éiríonn le Páirtí an Lucht Oibre beagáinín níos fearr a dhéanamh ná na figiúirí atá léirithe ag na pobalbhreitheanna dóibh, ní bheadh mórán deacrachta ann comhrialtas nua a chur le chéile.

Muna mbeadh ceithre roth faoin gcairt, bheadh trí cinn ar a laghad ann agus níl aon ghanntanas iarrthóirí ann chun an bhearna a líonadh, más gá. Nach bhfuil Renua agus na Daonlathaithe Sóisialta ag fanacht leis an gcuireadh?

Éireoidh níos fearr leis na Daonlathaithe Sóisialta ná mar atá á thuar dóibh. Dream beag éirimiúil ábalta atá iontu a bhfuil meas ag an bpobal orthu, go háirithe ar Catherine Murphy a bhuaigh gradam “TD na Bliana”.

An fhadhb atá ag Renua nach bhfuil sé feiceálach taobh amuigh dá gceannaire Lucinda Creighton a bhfuil caidreamh stairiúil an-chorrach aici le Enda Kenny. Níl aon pholasaí samhlaíoch fógartha acu agus ní léir go bhfuil siad éagsúil go leor chun líon mór vótaí a mhealladh.

Don gcuid is mó, feictear ar Renua mar dhuilleog thite de chrann Fhine Gael.

Dá dtitfeadh an tóin ar fad as vóta Pháirtí an Lucht Oibre agus dá bhfanfadh Fine Gael ar snámh thart ar 32 faoin gcéad, bheadh scéal eile ar fad ann. Má dhéantar talamh slán de nach rachadh Fine Gael faoi scread asail de Shinn Féin, ní bheadh ach an dara rogha fágtha.

Is ansin a thiocfadh comhrá le Fianna Fáil i gceist dá mbeadh siadsan fós ar an líon vótaí a thugann na pobalbhreitheanna dóibh.

Tá droim láimhe tugtha ag ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, leis an smaoineamh go rachadh a pháirtí isteach mar pháirtnéir sóisearach i gcomhrialtas le Fine Gael.

Níl roinnt dá chomhleacaithe chomh cinnte gur chun leas an pháirtí an seasamh prionsabálta seo cé go dtuigeann siad an stair atá taobh thiar de.

Ní go bog a luíonn ról an fhreasúra ar Theachtaí Dála óga uaillmhianacha agus thuig Fianna Fáil ariamh, thar aon dream eile, a luachmhaire agus atá lámh ar an stiúir. Is ar an gcumhacht sin, an líne dhíreach ón bparóiste go dtí croílár na cumhachta a tógadh Fianna Fáil.

Dá bhfágfadh torthaí an toghcháin go mbeadh Fianna Fáil riachtanach chun rialtas a dhéanamh, thiocfadh brú an-mhór ar an bpáirtí éisteacht le toil an phobail.

Is é an páirtí é féin, ar ndóigh, a dhéanfadh an cinneadh. Ach má dhéanann sé beart de réir a bhriathair, beidh Micheál Martin ag moladh gurbh fhearr fanacht faoi fhrustrachas ar bhinsí an fhreasúra ná an chríoch a d’fhulaing an Páirtí Daonlathach agus an Páirtí Glas tar éis comhrialtais.

Dá roghnódh sé tacú le rialtas mionlaigh de chuid Fhine Gael bheadh an fhreagracht go léir air gan an chumhacht.

Rogha na hainnise.

Cé hiad a bheidh ar ardán féachána an rialtais ag Ardoifig an Phoist faoin gCáisc?

Buíochas leis na daoine a throid ann i 1916, is fúibhse atá an rogha.