Ar son na cúise go Poznan

Beocheist: Fuair mé ríomhphost i lár Dheireadh Fómhair ag rá go raibh múinteoir Gaeilge á lorg in Ollscoil Adam Mickiewicz i…

Beocheist:Fuair mé ríomhphost i lár Dheireadh Fómhair ag rá go raibh múinteoir Gaeilge á lorg in Ollscoil Adam Mickiewicz i gcathair Poznan in iarthar na Polainne. Ba ón Ollamh Sabine Heinz a tháinig an ríomhphost seo, Gearmánach mná a bhfuil Breatnais líofa aici atá ag obair in Ollscoil Adam Mickiewicz le breis is dhá bhliain anuas.

Tá aithne bhlasta agam ar an Ollamh Heinz toisc go mbíodh sí ag múineadh na Breatnaise in Ollscoil Chaitliceach Lublin (KUL), áit a bhfuilim féin ag múineadh na Gaeilge ó Dheireadh Fómhair 2003.

Tá iarrachtaí ar bun ag Roinn an Bhéarla in Ollscoil Poznan cúrsa céime BA sa léann Ceilteach a chur ar bun agus dar leis an Ollamh Heinz go raibh airgead faighte aici ó Ambasáid na hÉireann i Vársá chun íoc as múineadh na Gaeilge in Poznan.

Ós rud é go maireann turas traenach ó Lublin, mo chathair chónaithe, go Poznan corradh is sé huaire, bhí dochma orm tabhairt faoi theagasc na Gaeilge in iarthar na Polainne.

READ MORE

D'fhreagair mé mar sin nach mór an tsuim agam sa phost ach cinnte nach bhfágfainn Poznan san abar: muna mbeadh teacht ar aon mhúinteoir Gaeilge eile, ghlacfainn leis an tairiscint oibre.

Chuir mé ríomhphost ar ais chuig mo chomhghleacaí Gearmánach agus mé ag smaoineamh nach gcloisfinn faic uaithi go ceann tamaill mhaith eile. Ach ba go sciobtha tapa a chuaigh sí i dteagmháil liom.

Is amhlaidh go raibh sí i bponc cheana. Bhí roinnt Éireannach in Poznan ach ní raibh sí tar éis teacht ar éinne a bheadh oiriúnach mar mhúinteoir Gaeilge. Mar sin, bhí duine ag teastáil mar ábhar práinne agus d'íocfaí go maith as an múinteoireacht pé duine a d'fhostófaí. I mbeagán focal is í an cheist a bhí á cur orm ná "cé chomh luath agus is féidir leat tosú?"

Smaoinigh mé ar an 500 ciliméadar a roinneann Poznan ó Lublin. Smaoinigh mé ar sé huaire ar bord traenach. Smaoinigh mé ar a leithéid de thuras bheith á dhéanamh agam dhá uair in aghaidh na seachtaine. Níor mhaolaigh an smaoineamh sin go léir ar an dochma a bhí orm. Ach ag an am céanna chuimhnigh mé go raibh beagnach 30 faoin gcéad gearrtha de mo thuarastal ó KUL agus sa deireadh thiar thall tháinig mé chun comhghéillte.

Thabharfainn faoin bpost go dtí deireadh mhí Eanáir nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcéad téarma acadúil. Thuillfeann roinnt airgid sa bhreis dom féin is bheadh go leor ama ag Heinz duine a fháil i gcomhair an dara téarma.

Socraíodh go gcuirfí tús leis an gcéad rang Gaeilge ar 9ú, mí na Samhna. Bheadh fáilte roimh chách is ba ar bhonn deonach a ghlacfaí páirt sna ranganna: ní chuirfí iallach ar éinne bheith i láthair.

Mheas mo chomhghleacaí Gearmánach go bhféadfaimis bheith ag dréim le deichniúr mac léinn. Chonacthas dom gur áireamh ródhóchasach é sin: bhí an rang le bheith ar siúl ó 2.30pm go 8.30pm istoíche.

Ach ba neamhchruinn na tuairimí a bhí ag an mbeirt againn agus 30 duine ag feitheamh ag 2.30pm. Ba i bhfad róbheag a bhí an seomra a bhí curtha in áirithe is d'aimsíomar halla mór a bhí folamh.

Cad a thug ar an scata beag seo freastal ar rang Gaeilge a mhairfeadh breis is cúig uair an chloig? Ba ó Roinn an Bhéarla a bhformhór agus iad fiosrach. Bhí corrdhuine ó Roinn na dTeangacha Lochlannacha agus fonn orthu taithí a fháil ar theanga Cheilteach agus beirt chailíní uaillmhianacha.

Anois agus an Ghaeilge ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh, is fiú an Ghaeilge a fhoghlaim, dar leo. Is beag duine atá in ann aistriúchán a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus na Polainnise araon agus is iad an dá thrá seo a iarrfaidh an bheirt bhan aidhmeannacha a fhreastal.

Ar na daoine a bhí tagtha le teann fiosrachta ba ghearr gur aithin mé ar roinnt díobh gur mheas siad litriú is foghraíocht na Gaeilge bheith dosháraithe. Cuireadh tús leis an rang le beannachtaí, ceisteanna is freagraí bunúsacha den saghas: "Dia duit," "Dia is Muire duit," "Conas tá tú?" Agus an abairt "tá mé ar fheabhas" á fuaimniú agam, rinne bean amháin a peann a chur i bhfolach. D'fhan sí go foighneach béasach go dtí an sos sular chuir sí deireadh tapa lena hiarrachtaí an Ghaeilge a fhoghlaim.

Faoi 7.30pm ní raibh fágtha ach 15 duine, leath den uimhir a bhí sa seomra róbheag ag 2.30pm. Bhí na hábhair aistritheoirí fós ann, áfach, agus gan aon bheaguchtach tagtha orthu.