An tIarthar treigthe

Bhí tábhacht nach beag leis an tuairisc a rinne Pádraic Ó Neachtain le linn An Tuath Nua (TG4, Déardaoin)

Bhí tábhacht nach beag leis an tuairisc a rinne Pádraic Ó Neachtain le linn An Tuath Nua (TG4, Déardaoin). Ag caint ar an Iarthar a bhí sé agus an gá a bhí ann d'infheistíocht sa réigiún agus a bhonneagar.

Chuir sé an tAire, Éamon Ó Cuív, agus an tAire Iompair, Séamus Brennan, faoin agallamh agus cheistigh iad faoina gcuid oibre i bhforbairt bhonneagar na tuaithe.

Ar an drochuair, is roimh fhoilsiú Leabhar na Meastachán a rinneadh an chaint. B'fhiú labhairt leo arís féacháil cad é an crot nua a bheidh ar imeachtaí na Ranna.

Dhírigh Ó Neachtain go sonraíoch ar chúrsaí traenach san Iarthar. D'fhéadfaí, a dúirt sé, líne idir Luimneach agus Sligeach a oscailt leis an airgead céanna is a caitheadh ar Stáisiún Heuston i mBaile Átha Cliath a athchóiriú.

READ MORE

An té a bhaineann úsáid rialta as traenacha, tuigeann sé gurb í an traein an modh taistil is compordaí dá bhfuil ann. Ach an traein bheith in am, ach suíochán bheith ar fáil, ach do chomhphaisinéirí bheith múinte...

Agus sin ceann de na teipeanna is mó sa tír seo - seirbhís éifeachtach traenach a chur ar fáil don phobal. (Léifidh tú mar ábhar staire i leabhair Shéamais Uí Ghrianna go mbíodh traenacha i nDún na nGall. Níl oiread is orlach sa chontae anois. Forbairt na saoirse?)

Agus de bharr nach bhfuil seirbhís mhaith le fáil, déanann daoine rogha dá gcarranna agus de bharr go ndéanann siad rogha dá gcarranna caithfidh gach aon chineál cuarbhóthair agus sliosbhóthair agus taobh-bhóthair a thógáil. Ach ní leor iad mar gur líonmhaire na carranna ná mar a mheas na taighdeoirí agus caithfear níos mó bóithre a thógáil agus an sráidbhaile nach bhfuil cuarbhóthar aige plúchtar é.

Cad chuige nach bhfuil seirbhís iarnróid idir Sligeach, Gaillimh agus Luimneach? Cúrsaí eacnamaíochta a dúirt urlabhraí ó CIÉ, ní raibh an t-éileamh ann sna 1970í. Ní raibh an t-airgead ag daoine díol as turas traenach. Aisteach go leor, tá an chuma ar an scéal go raibh an t-airgead acu carr a cheannach.

Tá tíreolas polaitiúil i gceist fosta. Ní fiú córas iompair a chur ar fáil do dhaoine san Iarthar mar is ar an Oirthear - an phríomhchathair - a bhíonn a n-aghaidh i gcónaí.

Is de thaisme a chónaíonn daoine san Iarthar agus is d'aonturas a chónaíonn siad san Oirthear.

Cá hiontas an tionchar ollmhór sin bheith ag Baile Átha Cliath agus trian de phobal an Stáit ina gcónaí sa chathair nó máguaird? Ba mar thír tuaithe a samhlaíodh Éire ar feadh i bhfad. Ní fíor anois. Is ionann Baile Átha Cliath agus Éire chomh fada agus a bhaineann sé leis na meáin atá lonnaithe sa chathair.

Ní mhairfidh an tuath gan treoir pholaitiúil agus níl ach ceist ama go n-éagann an cultúr sainiúil a bhaineann le háiteacha tuaithe. Gan tacaíocht cheart, ní bheidh san Iarthar ach ionad tithe saoire.