An scríbhneoir agus iriseoir Máiréad Ní Chinnéide ar shlí na fírinne

D’éag Máiréad Ní Chinnéide an tseachtain seo caite. Téacs a fuair mé ó chomrádaí a chuir an drochscéala in iúl dom. “Bean uasal,” a dúradh. Sea, bean uasal gan cheist. Bean de na daoine ab uaisle in Éirinn.

Bhí ailt aici go minic ar an pháipéar seo, ar Comhar agus ar fhoilseacháin eile. Rinne sí cion mná agus í ag obair le Comhar le leabhair d'fhoghlaimeoirí fásta a chur i gcló agus is iomaí leabhar atá ann inniu nach mbeadh murach a cuid oibre.

Seasfaidh an obair sin di i gcónaí.

Agus an duine féin, an duine cineálta ciallmhar cumasach ciúin sin, sin an duine a mbeidh cumha orainn uilig ina diaidh.

READ MORE

Chuir sé ardú meanman ort bheith ina cuideachta ach níor bhean í ar bhain buaileam sciath léi.

Is caill í agus is caill mhór í agus is goirt deora a comhghleacaithe sna meáin agus a lucht aitheantais uilig go léir.

Comhbhrón ó chroí lena céile fir, Art, agus lena mac, Dónall, agus lena daoine muinteartha ar fad.

I measc na naomh go raibh sí.

PÓM

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times