An foilsiú mór

Cuireann Eagarthóir Liteartha Comhar síos ar na deich leabhar Gaeilge is fearr le léitheoirí

Máirín Nic Eoin, údar. grianghraf: alan betson

Máirín Nic Eoin, údar. grianghraf: alan betson

Wed, Dec 18, 2013, 01:10

Ar eagrán na Nollag den iris Comhar foilsíodh torthaí suirbhé faoi na deich leabhar Gaeilge is fearr ó bhí casadh na mílaoise ann.

Baoithe agus seafóid a leithéid de rangú a dhéanamh ar réimse chomh héagsúil leis an litríocht, a déarfadh daoine áirithe – cén mhaith uimhreacha a úsáid leis an ealaín a mheas? Chuile sheans go bhfuil ábhar sa méid sin freisin. Ach ar an láimh eile, theastaigh a fháil amach cé na leabhair nua-aimseartha is mó a chuaigh i bhfeidhm ar léitheoirí na Gaeilge le blianta beaga anuas.

Ag iarraidh tuiscint níos leithne a fháil ar staid na léitheoireachta a bhí Comhar lena suirbhé – sin, agus beagán airde a tharraingt ar shaothair agus ar scríbhneoirí nach bhfuair bheith istigh i dteampall an Oireachtais go dtí seo, b’fhéidir.

Iarradh ar 50 duine as réimsí éagsúla saoil páirt a ghlacadh ann, idir scríbhneoirí, fhoilsitheoirí, bhaill de ghrúpaí léitheoireachta, iriseoirí, mhic léinn agus lucht acadúil. Ní raibh de laincis ar na rannpháirtithe ach go mb’éigean do bhunáite an ábhair sna leabhair a roghnaigh siad a bheith i nGaeilge, agus go mb’éigean do bhunleaganacha na leabhar a bheith foilsithe tar éis na bliana 2000.

Mar a bheifí ag súil leis ó ghrúpa chomh measctha sin, bhí éagsúlacht mhór sna freagraí a fuarthas. Ar an liosta fada as ar fáisceadh na deich gcinn is fearr, bhí 219 leabhar agus iad den uile chineál, ó phictiúirleabhair leanaí go dtí beathaisnéisí léannta. Ach ba é líon na leabhar féin an chuid ba shuntasaí den aiseolas. Cuimhnigh air: os cionn 200 teideal ag 50 duine.

Beagnach leath de na saothair a roghnaigh gach duine suirbhé, ní raibh siad ar liosta aon duine eile. A chomhairle féin ag an uile dhuine agus rogha mhór mhillteach d’ábhar léitheoireachta dá bharr. Is fada fada muid anois ó “Ar léis Séadna riamh?” Mhyles na gCopaleen.

Ar an chéad amharc is deacair a mheas an dea-scéal nó drochscéal an oiread sin saothar a bheith san áireamh.

An raibh torthaí an tsuirbhé róscaipthe le haon cheo fiúntach a rá faoi staid na léitheoireachta sa deireadh?

Ach má sheasann muid siar beagán, tá tátal eile le baint as.

Má chuireann muid líon na bhfreagraí sin i gcomhthéacs stair na foilsitheoireachta sa nGaeilge – fiú amháin 70 bliain shuarach dhi – tuigeann muid an gaisce atá déanta i scríobh, i ndéanamh agus i seachadadh leabhar. Tar éis an tsaoil, níl sé chomh fada sin ó shin go raibh ganntanas ábhar léitheoireachta orainn. Faoin mbliain 1990 féin, bhí Alan Titley fós in ann gach úrscéal dár foilsíodh riamh sa teanga a léamh agus a thomhas ina mhórshaothar critice, An tÚrscéal Gaeilge.

Ar éigean a d’fhéadfadh sé a leithéid a dhéanamh anois, scór beag bliain dá éis sin. Cibé cén bascadh atá á fhulaingt ag lucht na Gaeilge i gcúrsaí oideachais agus polaitíochta, is é an chaoi ná go bhfuil an fhoilsitheoireacht ag dul bonn ar aon. Ní hamháin go bhfuil líon na leabhar ag dul i mbisiúlacht, ach tá a gcaighdeán agus a gcuma ag dul i bhfeabhas freisin (go háirithe, braithim, sa litríocht don aos óg agus sa scríbhneoireacht acadúil).

Céard a bhí ar an liosta sa deireadh? Bhí meascán breá: ceithre cinn d’úrscéalta, trí cinn de chnuasaigh ghearrscéalta, péire leabhar neamhfhicsin agus aon bhailiúchán amháin filíochta.

Tar éis gurb iad na filí is feiceálaí, is mó gradam, i saol liteartha na Gaeilge le tamall maith anois cé a cheapfadh gur cuid an bheagán a gheobhadh an fhilíocht féin sa suirbhé seo? Is é an prós, agus go háirithe an t-úrscéal, a thug an svae leis an iarraidh seo.

Leabhar toirtiúil critice leis an Ollamh Máirín Nic Eoin, Trén bhFearann Breac (Cois Life 2005), a thug an lá leis thar gach leabhar eile sa suirbhé. Sárshaothar critice é, gaisce taighde agus scríbhneoireachta ar toradh é ar bhlianta de mhachnamh agus de léitheoireacht fhairsing. Tá sé ráite cheana go bhfuil lucht léitheoireachta na Gaeilge “acadúil”, go bhfuil claonadh acu leis an ardlitríocht agus leis an machnamh domhain thar an leabhar scíthe. Is deacair a rá.

Ach fiú dá mb’fhíor é sin, cé a déarfadh gur aistíl nó laige é sin i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge? Tá ár gcuid riachtanais léitheoireachta féin orainn mar phobal sách beag, is dóigh, agus dealraíonn sé go bhfuiltear á sásamh faoi láthair.

Tá a chuid suáilcí féin ag gach ceann de na 219 leabhair a toghadh i suirbhé Comhar, ach seo deich gcinn le tús a chur le séasúr léitheoireachta na Nollag:

1. Trén bhFearann Breac le Máirín Nic Eoin (Cois Life, 2005)
2. An Cléireach le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac, 2007)
3. Fontenoy le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2005)
4. An Fuíoll Feá: Rogha Dánta le Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2013)
5. An Fear Nach nDéanann Gáire le Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht, 2003)
6. An Tionscadal le Tomás Mac Síomóin (Coiscéim, 2007)
7. An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire le Biddy Jenkinson (Coiscéim, 2008)
8. Leabhar Mór na nAmhrán le Lochlainn Ó Tuairisg, Micheál Ó Conghaile, Peadar Ó Ceannabháin (eag.) (Cló Iar-Chonnacht, 2013)
9. Úlla le Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2005)
10. Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi (Leabhar Breac, 2012)

Sign In

Forgot Password?

Sign Up

The name that will appear beside your comments.

Have an account? Sign In

Forgot Password?

Please enter your email address so we can send you a link to reset your password.

Sign In or Sign Up

Thank you

You should receive instructions for resetting your password. When you have reset your password, you can Sign In.

Hello, .

Please choose a screen name. This name will appear beside any comments you post. Your screen name should follow the standards set out in our community standards.

Thank you for registering. Please check your email to verify your account.

We reserve the right to remove any content at any time from this Community, including without limitation if it violates the Community Standards. We ask that you report content that you in good faith believe violates the above rules by clicking the Flag link next to the offending comment or by filling out this form. New comments are only accepted for 3 days from the date of publication.