An dream fo-thoinn

An Peann Coitianta: D'fháisceas rópa ancaire an bháid rubair Artemis agus mé ag tumadh

An Peann Coitianta: D'fháisceas rópa ancaire an bháid rubair Artemis agus mé ag tumadh. Lámh ar láimh a dhruideas anuas óna tóin a raibh cuma chlár fichille buí agus dubh uirthi ón dtaobh thíos.

Na cearnóga buí ag frithchaitheamh an tsolais. Í ar snámh go mealltach ar an tonn, á luascadh i gcliabhán mara.

Saothar orm. Ag slogadh aeir a bhíos ar dtúis tríd an bhfearas anála, mar a bheadh naíonán nuashaolaithe á chlabadh siar agus corda an imleacáin gearrtha. Bráisléad agus m'ainm air fáiscthe ar mo riosta, chomh maith céanna. Chaith sé go raibh na chéad análacha mar seo, leis. Sinn go léir i dtús ré inár n-alpairí aeir.

Bhraitheas an sruth fó-thoinn im choinne, dom tharraingt chun siúil. Mhaolódh an sruth gan mhoill leis an lánmhara. Chasfadh aníos an treo eile. Bhíos ann ar deireadh, sa tsruth ó Mhurascaill Mhexico.

READ MORE

-Relax and take it easy, you've plenty of air in the tank, a bhí ráite ag Thierry, an traenálaí tumadóireachta liom go mion minic agus mé faoi oiliúint sa linn i gcaitheamh an gheimhridh. Níorbh ionann linn snámha agus an sáile. Doircheacht an cheo fó-thoinn, an taoide tharraic, an tóin poill. Poll doimhin idir na hoileáin a bhí roghnaithe acu don tumadh, Caolas na mBarc.

Bhí gach aon ní ag brath ar anáil, isteach agus amach, ar na cosa a choimeád ag imeacht go rithimiúil. Bhí cic sna flipéirí tumadóireachta. Bhraitheas im cholpaí é. Matáin choirp nach raibh dífháiscthe lem shaol agam, bhraitheas anois iad á rá liom "Bhíomar riamh ann". Corp nárbh eol dom é bheith riamh ann, bhraitheas anois é fáiscthe go teannchraicneach sa chulaith rubair. Chuir an t-allas bog lem chneas tochas orm ach ní féidir tú féin a thochas fó-thoinn. An rud nach bhfuil leigheas air, foighneamh is fearr leis. Bhí ceann eile ann i dtaobh tochais ach ní fhéadfainn cuimhneamh air.

Bhí fhios agam go mbeidís romham ann, an dream fó-thoinn. Ach iad a bhaint amach. Chuiridís a gceann aníos tráthanna den mbliain; shínidís ar na Leacacha á ngrianadh féin ar chumadh na róinte agus a mbolg lán. Bhíodar sna scéalta a chuala óm mháthair le linn m'óige.

-Cad a thugann aníos iad? a d'fhiafraínn di.

-Fiosracht, cad eile, féachaint conas tá ag an ndream os cionn toinne.

-Agus an éiríonn le héinne labhairt leo?

-Bím fhéin ag caint go minic leo nuair a thagann siad isteach sa bheár.

-An aithneofá iad thairis daoine eile?

-Fuirist iad a aithint. Bíonn culaith farraige orthu agus gan mórán seasaimh iontu ar thalamh tirim.

-Faoi mar a bhíonn Jack Barrett agus é ar meisce?

-Díreach é, ar nós Jack Barrett agus lán a bhoilg de phórtar aige ag seoladh amach an doras.

-Agus an bhfanann siad anseo thuas?

-Ó, bíonn orthu breith ar an dtaoide. Má chailleann siad an taoide bíonn deireadh leo. Is féidir leo an taoide a bhrath ina mbolg mar a bhraithimidne

-ocras

-Ocras agus tart.

-Agus cad a tharlaíonn má chailleann siad an taoide?

-Tá cuid acu thuas i dTigh na nGealt ó chailleadar an taoide gan aon bhreith acu ar theacht air níos mó.

-Agus cad a bhíonn ar siúl acu ansan thuas?

-Ag obair sa ghairdín ag cur phrátaí.

-Ach an bhfuil prátaí acu fó-thoinn?

-Tá a bprátaí féin acu is dócha, ach ní hionann iad agus na prátaí againne. Prátaí uiscetá ag an dream fó-thoinn.

-Ach conas a tharraingíonn siad anáil?

-Tá geolbhaigh acu.

-Mar atá ag na mullets?

-Ar a gcuma-san. Díreach.

PÉ faid a bhíos ag tumadh, rith liom an slabhra ancaire a bhaint amach ar deireadh. Dá dhoimhne a thumas is ea is gile a bhí. é chomh soiléir leis an lá. Bhí an t-ancaire féin greamaithe faoi bhun liopa clúdaigh ar umar. Seamanna an umair gan aon mheirg agus hanla mór ina lár.

Carraigeacha ón dá thaobh agus grinneall gainimhe. Chasas an hanla gan dua. Bhíothas ann romham go minic. Bhí dearmad déanta agam den fhearas ar fad a bhí feistithe díom. D'ardaíos an clúdach agus isteach liom. Tharraingíos an clúdach anuas agus dhúnas é ón dtaobh istigh. Anois nó riamh. Las solas istigh san umar. Chonac an fógra os mo chomhair.

1. ALL DIVERS ARE REQUESTED TO ENSURE THE HATCH IS FIRMLY SECURED ON ENTRY TO THE DECOMPRESSION CHAMBER. THE COG MUST CLICK HOME.

Bhaineas casadh eile as an hanla agus chuala an fhiacail ag greamú go docht.

2. PROCEED AS FOLLOWS WITH THE DECOMPRESSION.

3. PRESS ON THE RED BUTTON AND WAIT FOR THE CHAMBER TO EMPTY.

Shuíos, agus d'fhanas gur dhraenáil an t-uisce as an umar.