An dá Cháit

CROBHINGNE: DHÁ CHÁIT atá againn sa nuacht, duine acu a shaothraigh le hallas a mala agus a grua an seasamh atá bainte amach…

CROBHINGNE:DHÁ CHÁIT atá againn sa nuacht, duine acu a shaothraigh le hallas a mala agus a grua an seasamh atá bainte amach aici, duine eile ar chroith aingil an áidh púdar an ratha uirthi le barr corp seans.

B’fhéidir gur dhein Katie Taylor níos mó ar son cearta na mban ná mar a dhein go leor gluaiseachtaí oifigiúla agus coistí cainte le blianta, bíodh is go bhfuil leisce ar go leor é sin a admháil. Tá go leor míchompordach ina cuibhreann.

B’fhearr leo go mbeadh sí ina reathaí, ag léim go hard, nó ag caitheamh an chasúir ná a bheith ina dornálaí.

In ainneoin gur cheart go mbeadh cead ag mná aon rud ar an saol seo agus os a chionn a dhéanamh – agus ba cheart – gabhann dinglis an amhrais siar tríd an gcnámh droma i measc aicme áirithe nár cheart don bhantracht a bheith sa chró dornálaíochta.

READ MORE

Níorbh é sin, áfach, a dhéanann Katie Taylor sainiúil agus speisialta. Is é gur ghearr sí an chonair seo di féin, nach mór ina haonar, beag beann ar an gcuid eile den saol, ar an mbunaíocht ar fad, ar chnoc ard na claonaigne ina coinne, ar an magadh os íseal, ar steiréitíopa na mban a thóg idir mná agus daoine.

Shiúil sí an bóthar sin go huaigneach, agus go fiú nuair a bhí cúpla craobh domhanda buaite cheana aici, nuair gurbh í an gaiscíoch spóirt ba mhó is ba léire a bhí againn, bhí leisce ar phobal mór na meán, a shocraíonn na nithe seo, an t-aitheantas cóir a thabhairt di. Tar éis na mblianta fada, áfach, déanadh laoch di de dhroim oíche.

Ní haon phioc an míchompord sin, áfach, suas is anuas leis an gcorrathóine a bhraitear nuair a ghabhann sí buíochas le Dia ar son a cuid buanna.

Níor cheart go mbeadh aon ghnó ag Dia i gcró na dornálaíochta, ceaptar, cé go bhfuil sé ceart go leor in aimsir oscailt pairlimintí agus ar crochadh ar mheirgí cogaidh in ard-eaglaisí éagsúla.

Ach is cuma léi. Gluaiseann Dia óna beola chomh paiteanta lena deasóig ar an aer, agus sin é a fhágann mearbhall ar dhaoine a cheapann go bhfuil gach freagra acu. Thar aon rud eile, léiríonn sí an misneach mór le dínit uasal, tréithe a bhfuil gátar mór leo ag an saol ar fad.

Níor cheart go mbeadh trácht ar bith ar an gCáit eile beag ná mór agus mothaím an pheannaid ghéar im mhéara féin agus seo á bhreacadh agam.

Níl ann ach gur tharla gur phós sí duine de na Saxe-Coburg Gothaigh a bhain céimíocht amach toisc gur mharaigh a shinsir siúd a naimhde i gcoillte fiáine lár na hEorpa na céadta bliain ó shin.

An Cháit eile seo, a mbíodh Cáit Mhainistir na Corann uirthi, ach gur Cáit Bhandiúc an Drochaid Chaim anois í, tá an chuma air go bhfuil an saol ag titim as a chéile, go bhfuil éiclips ar an ngrian, go bhfuil an samhradh ag titim siar isteach sa gheimhreadh, go bhfacthas moncaí le dhá chloigeann ar chrann in Borneo, gur saolaíodh eilifint le cleití san Afraic toisc gur nochtadh cúpla grianghraf smúidiúil de chuid di le déanaí.

Mar liom féin, agus déarfainn go bhfuilim ag caint thar ceann na milliún de lucht leanúna Chromail, Ropesbierre agus Gavil Princips, is cuma liom dubh, bán ná stríocach í ná iad. Ní chuireann siad cis, cáis ná yahoo orm.

Ach bíonn siad romham sa tslí ag dorchú na spéire, in ainneoin nach bhfuil puinn tábhachta dá laghad ag baint leo ach amháin don aos sin a chreideann i gcónaí sna síscéalta agus nach dtuigeann dáiríre cad a tharla do Rapúnzell sa choill tar éis di a cuid gruaige a scaoileadh anuas.

Tá ráite go bhfuil saol príobháideach tuillte ag cúpla na fola goirme (fág gur ceist í cé mhéid den fhuil ghorm atá ag Cáit an Drochaid Chaim faoi láthair? An mó glúin a thógann? Iomad na n-insteallaí is gá?) agus ar an leibhéal is páistiúla amuigh b’fhéidir fríd bheag den fhírinne ann. Ach níl de ghnó acu ach gnó poiblí. Níl de bheatha acu ach beatha phoiblí.

Bheinn go mór ar son saol príobháideach a bheith acu, níos mó ná aon duine eile. An saol príobháideach a shantóinn dá leithéid, bheadh chomh príobháideach sin nach mbeadh oiread is giob fúthu ar nuachtán ar bith. Mura mbeadh trácht orthu, ar ndóigh, níorbh ann dóibh.

Tá dulta amach agam ar go leor d’amaidí an tsaoil; ach fós, ní thuigim conas atá daoine meabhracha cíocrach chun gliúcaíocht ar bhean nár dhein faic lena beo seachas duine nár dhein faic lena bheo a phósadh.

Preabann focail agus nathanna isteach im chloigeann ar nós “maitiúirití”, “an 21ú haois”, “fás suas”, “poblacht”, “cácaí agus arán”.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar