An cheist núicléach

Is beag suntas a thugtar don cheist is bunúsaí: todhchaí an chine dhaonna féin

Bíonn raic agus rí-rá sa réimse polaitiúil faoi chúrsaí leighis, fadhbanna eacnamaíochta, ginmhilleadh, líomhaintí in aghaidh na nGardaí, pósadh aon ghnéis, agus conspóidí eile, a bhfuil tábhacht ag baint leo go léir. Ach is beag suntas a thugtar don cheist is bunúsaí ar fad: todhchaí an chine dhaonna féin.

Ar an séú agus an naoú lá Lúnasa 1945, pléascadh dhá bhuama adamhacha ag Hiroshima agus Nagasaki agus maraíodh idir 105,000 agus 185,000 duine – tá sé iontach deacair figiúr deimhneach a fháil. Agus ba bheag nár tharla tubaiste níos measa fós i nDeireadh Fómhair 1962, de réir dealraimh, leis an achrann idir John F. Kennedy agus Nikita Khrushchev faoi na diúracáin Sóivéadacha a bhí lonnaithe i gCúba.

Bhí an Stát seo chun tosaigh ag iarraidh srian a chur ar ghléasanna cogaidh núicléacha. Mhol Frank Aiken (1898-1983) mar Aire Gnóthaí Eachtracha ag an gComhthionól de na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac sa bhliain 1958 go mbeadh conradh idirnáisiúnta ann leis an aidhm úd a chur i gcrích.

Chaith sé dúthracht leis an obair seo agus bhí Aiken ar an chéad duine i 1968 a shínigh, i Moscó, an Conradh ar Neamhphrólaiféarú nó an Non-Proliferation Treaty (NPT) a tháinig i bhfeidhm dhá bhliain ina dhiaidh sin.

READ MORE

Cé go bhfuil ceisteanna ann faoin ról a bhí ag Aiken mar cheannaire san IRA nuair a bhí sé óg, rinne sé éacht níos deireanaí leis an gconradh dí-armála a thabhairt ar an saol. Tá an NPT níos tábhachtaí anois ná riamh agus tá páirt lárnach ag an gcáipéis seo san idirbheartaíocht reatha ar chúrsaí núicléacha san Iaráin.

Is iad na gnéithe bunúsacha den chonradh ná go gcuirfí deireadh le leathadh nó scaipeadh na ngléasanna cogaidh seo ar fud an domhain; go dtiocfadh dí-armáil núicléach i bhfeidhm; agus go mbeadh de cheart ag na tíortha éagsúla cumhacht núicléach a úsáid – ar son aidhmeanna síochánta amháin.

Ina ainneoin sin is uile, meastar go bhfuil thart ar 23,000 diúracán núicléach anois ar fud an domhain. Fadhb eile ná go bhfuil tíortha áirithe ann nár ghlac leis an NPT go fóill. Ina measc siúd tá an Ind agus an Phacastáin, dhá thír a bhfuil caidreamh sách teann eatarthu le fada. Agus cé nár admhaigh Iosrael fós go bhfuil na gléasanna seo aici, tá sé deacair teacht ar éinne nach gcreideann go bhfuil stór maith de dhiúracáin núicléacha aici.

Cé gur shínigh an Chóiré Thuaidh an NPT, fógraíodh sa bhliain 2003 nach raibh sí ag glacadh leis a thuilleadh agus tá teisteanna déanta aici ar ghléasanna núicléacha a chuir imní ar a lán daoine ar bhonn idirnáisiúnta.

Maidir leis an Iaráin, deir an tír úd gur aidhmeanna síochánta atá i gceist leis an gclár núicléach atá á fhorbairt aici le tamall. Nuair a bhíos féin ann ar cuairt le déanaí, dúirt an príomhréititheoir núicléach, an tAire Abbas Araghchi, nach raibh sé ceadaithe ar chor ar bith do Mhuslamaigh gléasanna cogaíochta den tsórt san a úsáid.

Ina ainneoin sin, bhí buairt ar thíortha eile faoin gcaoi a raibh cúrsaí ag dul ar aghaidh san Iaráin. Cuireadh smachtbhannaí i bhfeidhm a raibh tionchar fíordhiúltach acu ar chúrsaí eacnamaíochta na hIaráine.

Mar a tharlaíonn, shínigh an Iaráin an NPT ag an am céanna le hÉirinn, an chéad lá d’Iúil 1968, nuair a bhí an Shah Mohammad Reza Pahlavi fós i gcumhacht agus 11 bliain roimh an réabhlóid Ioslamach faoi cheannas an Ayatollah Khomeini i 1979.

Cuireadh cainteanna ar bun i nGinéiv na hEilvéise agus rinneadh comhaontú sealadach mí na Samhna seo caite idir an Iaráin agus an grúpa ar a dtugtar an “P5+1”, is é sin, an cúigear ball seasta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Rúis agus an tSín) chomh maith leis an Ghearmáin.

Faoin gcomhaontú seo, atá i bhfeidhm go dtí mí Iúil seo chugainn, tá stop á chur ag an Iaráin ar chuid dá clár núicléach agus, ar an dtaobh eile, tá maolú á dhéanamh ar na smachtbhannaí.

Dá bhféadfaí teacht ar shocrú seasta fadtéarmach bheadh i bhfad níos lú ábhair bhuartha againn go léir i gcúrsaí idirnáisiúnta. Ach tá an t-uachtarán Obama faoi bhrú sna Stáit agus brú inmheánach á chur freisin ar an uachtarán Hassan Rouhani san Iaráin.

Ag cruinniú idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh 1998, bunaíodh an New Agenda Coalition chun brú a chur ar na cumhachtaí núicléacha fáil réidh leis na gléasanna cogaidh seo.

Chomh maith le hÉirinn, tá an Bhrasaíl, an Éigipt, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Afraic Theas agus an tSualainn páirteach sa chomhghuaillíocht seo.

Fuair an Afraic Theas réidh lena cuid gléasanna núicléacha sa bhliain 1989, an chéad tír riamh a rinne a leithéid. Ach is beag duine atá ar an eolas faoin gcinneadh tábhachtach úd.