Amhrain Rann na Feirste

Tá áit ar leith ag Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall in athbheochan na Gaeilge le fada an lá.

Tá áit ar leith ag Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall in athbheochan na Gaeilge le fada an lá.

Is as an cheantar sin a tháinig beirt de na scríbhneoirí ba chéimiúla sa ré liteartha nua, Seosamh Mac Grianna agus Séamus Ó Grianna, agus is iomaí Ultach óg a chaith seal ar choláiste samhraidh an cheantair, Coláiste Bhríde.

Cuirfidh mórán daoine fáilte roimh chinneadh Ghael Linn Rann na Feirste: ceol agus amhráin a atheisiúint.

Rinneadh an taifeadadh den chéad uair sa bhliain 1972 agus é mar chuid d'fheachtas poiblíochta ag muintir Rann na Feirste le go n-osclófaí a mbunscoil áitiúil. Is iad bunadh an bhaile a chanann a bhfuil ann agus tá Caitlín Ní Dhomhnaill, Aodh Ó Duibheannaigh, Seán Ó Gallchóir, Dónall Ó Baoighill, Sailí Ní Ghallchóir agus Seán Mac Grianna le cluinstean ar an dlúthdhiosca.