Amharclann óige

“AMHARCLANN NÁISIÚNTA na n-óg atá uainn,” a dúirt comhstiúrthóir an chomhlacht drámaíochta Fíbín, Mícheál Ó Domhnaill, leis an…

“AMHARCLANN NÁISIÚNTA na n-óg atá uainn,” a dúirt comhstiúrthóir an chomhlacht drámaíochta Fíbín, Mícheál Ó Domhnaill, leis an cholún seo Dé Luain.

Mhol sé don Rialtas go mbeadh amharclann den chineál seo mar sprioc sa straitéis 20 bliain.

Agus Sárscoil Drámaíochta Fíbín críochnaithe, dúirt sé gur léir dó go raibh “córas agus infrastruchtúr” agus “neart tallainn” ann le hamharclann náisiúnta óige a bhunú d’aisteoirí na Gaeilge.

25 déagóir idir 15 agus 17 bliain d’aois a ghlac páirt sa scéim phíolótach seo ag tús Iúil faoi stiúir Paul Mercier, stiúrthóir na sraithe, Aifric, ar TG4.

READ MORE

Fuair na haisteoirí oiliúint ar chúrsaí drámaíochta ar stáitse agus os comhair an cheamara agus “dea-chomhartha” do dhrámaíocht na Gaeilge a bhí ann caighdeán na haisteoireachta, a dúirt Ó Domhnaill.

Sa chás go raibh amharclann náisiúnta óige ann, beadh deis ann scríbhneoirí óga a ghríosú i mbun pinn lena gcuid scéalta féin a insint agus aisteoirí óga a chur ar stáitse leis na scéalta sin a chur os comhair an phobail.

Sa bhliain 2003 a bunaíodh Fíbín i gConamara agus é mar chuspóir acu drámaí ar ardchaighdeán a chur ar fáil don mhuintir óga. Tá 20 léiriúchán déanta acu ó shin a bhí dírithe ar lucht bunscoile agus meánscoile.

Ba é a mhian anois tógáil ar an obair a bhí déanta, an dara sárscoil a reáchtáil agus féacháil le drámaí a stáitsiú d’fhéile ealaíon le go bhfeicfeadh pobal na hÉireann tallann na hóige.