Aisterix na nGael agus Tintin na teanga

Tintin na teanga

Tá dhá leabhar de chuid Asterix anois ar fáil i nGaeilge: Asterix na nGallach agus Asterix agus an Corrán Óir.

Fear Chúil Raithin, Antain Mac Lochlainn, a d’aistrigh agus, leoga, ba ghnóthach an tseachtain a bhí aige féin.

Seoladh a leagan Gaeilge d'úrscéal cáiliúil C.S. Lewis, An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh, Dé Sathairn.

Mura leor sin, a luaithe agus atá Asterix léite agat, tig leat tabhairt faoi Tintin nó tá ceann dá chuid scéalta, Todóga na bhFarónna, tiontaithe go Gaeilge ag an fhile, Gabriel Rosenstock.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times