Ag cur Splanc sa phobal éisteachta

17,500 duine atá ag éisteacht leis an chlár nuachta Gaeilge, Splanc, ar Newstalk gach seachtain, de réir na dtorthaí is déanaí ón chomhlacht taighde craoltóireachta, Neilsen. Is méadú 15 faoin gcéad é seo ar an meánmhéid éisteoirí a d'éist le Splanc i 2013, rud a chiallaíonn go raibh méadú ar líon na n-éisteoirí le ceithre bliana anuas, de réir lucht an chláir.

Bhí láithreoir an chláir, Rónán Ó Muirthile, den tuairim gurbh "ábhar misnigh dúinn" go raibh borradh faoin lucht éisteachta. Dúirt léiritheoir Splanc, Dónal Ó Donnabháin, gur léirigh na figiúirí go raibh éileamh ar chlár ar "ardchaighdeán" .

Craoltar Splanc gach Aoine idir 9pm and 11pm ar Newstalk agus bíonn sé go hiomlán i nGaeilge.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times