Ag cur aithne ar Ann

Beocheist: Tá Ann Summers ar an bhfód ó na 1930í agus ó 1999 d'oscail an comhlacht trí shiopa in Éirinn - ceann i mBaile Átha…

Beocheist: Tá Ann Summers ar an bhfód ó na 1930í agus ó 1999 d'oscail an comhlacht trí shiopa in Éirinn - ceann i mBaile Átha Cliaith, ceann i gcathair Chorcaí agus an ceann eile i gcathair Luimnigh.

Tá níos mó ná 100 siopa ag an chomhlacht sa mBreatain. Is iomaí sin rud a thairgtear sna siopaí ar nós féiríní collaíochta, leabhair, físteipeanna, bréagáin agus an-chuid earraí eile nua-aoiseacha do chustaiméirí. Is comhlacht Sasanach í agus tá sí faoi ordóg na mban, rite ag mná agus go mórmhór ar shon na mban.

Tairgíodh post dom faoin Nollaig roinnt seachtainí ó shin sa siopa ar shráid Uí Chonaill agus mé i mo mhac léinn gan pingin rua i mo phoca.

Ar dtús báire, bhíos ag braiteoireacht ach ní raibh sé ar mo rogha féin agus, gan ach cúpla euro i mo chuntas bainc, ghlac mé leis an jab. I rith na laethanta a chaith mé leo d'éirigh thar barr leis an siopa agus iad ag tarraingt isteach brabús dochreidte gach uile lá beo.

READ MORE

Mná deisiúla na meánaicme an dream is mó a raibh éileamh acu ar sheirbhís agus tháirgí an tsiopa ach thriall custaiméirí de gach uile aois ar an áit.

Ba é an dualgas a bhí orm ná fanacht sa rannóg fo-éadaí agus cúnamh a thabhairt dóibh siúd nach raibh barúil acu - na fir! Tar éis dom freastal orthu bhíodh siad an-bhuíoch díom agus mé ag déanamh mo sheacht ndícheall cabhair a thabhairt dóibh an ball foighinteach a thoghadh.

Bhí cuid mhór acu ag crith agus ag cur allais agus ag deireadh an lae bhí meangadh gáire ar an bhfoireann agus iad ag cuimhneamh siar ar an gcraic agus ar na heachtraí greannmhara uilig a tharla.

Chun na fírinne a rá, chuaigh na fir i bhfeidhm orm mar thuig mé an misneach a bhí i gceist siúl isteach i siopa dá leithéid.

Is cuimhin le cách an chonspóid a bhí ag baint le hoscailt an tsiopa ach in ainneoin na tríoblóide a bhain leis an siopa tá sé ag neartú an t-am ar fad.

De réir duine amháin sa siopa, tharraing an siopa sin níos mó airgid isteach an tseachtain roimh an Nollaig seo caite ná mar a tharraing aon siopa eile den chomhlacht i stair an chomhlachta sa tréimhse chéanna.

Is é an fáth go bhfuil ag éirí chomh maith leo ná mar gheall ar an bhfoireann atá acu. Tá sí den bharúil go bhfuil ardmheas ag na hoibrithe ar an gcomhlacht agus is dream an-dearfach iad.

Dar léi déanann siad an-teanntás ar na custaiméirí agus is í an aidhm atá acu ná na custaiméirí a shásamh.

Cúis eile a bhfuil ag éirí chomh maith leis an gcomhlacht ná go n-eagraíonn siad cóisirí i dtithe le daoine a mhealladh chun a dtáirgí.

Díoltar go leor earraí ag na cóisirí seo ina mbailíonn cairde le chéile i dteach áirithe. Eagraítear na cóisirí seo ann rialta mar gheall go bhfuil siad saor, taitníonn sé le daoine go bhfuil siad in ann táirgí a cheannach go príobháideach ina mbaile compordach féin agus bíonn deis ag mná triail a bhaint as earraí sula gceannaíonn siad iad.

Tá suas le hocht míle oibrí ag obair ar son na gcóisirí seo i Sasana agus in Éirinn; rud a léiríonn dúinn an t-éileamh mór atá orthu. Ní amháin sin ach tugann suas le leathmhilliún duine cuairt ar an suíomh Idirlín atá acu chun earraí a ordú.

Ní gá a rá go gcuireann an tseirbhís agus na táirgí alltacht ar dhaoine áirithe, ach an oiread le teach an ósta, ní chuireann aon duine fios orthu.

Deirtear gur rud maith é mar tá sé de cháil ar tháirgí Ann Summers fuinneamh an nádúir a spreagadh i lánúineacha agus i gcúplaí áirithe a bhíonn in ísle brí. B'fhéidir go bhfuil sé fíor.

Glacann an pobal anois le siopaí Summers mar shiopa galánta ardchaighdeáin agus tá an comhlacht ar a míle dícheall ag iarraidh gan suarachas chúl sráide bheith luaite leis an ainm.

Tá sé follasach go bhfuil sochaí an lae inniu ag éirí níos oscailte agus nach bhfuil an t-éiseal céanna ag daoine leis na cúrsaí seo agus a bhíodh.