Ag briseadh an dlí ar son an chirt

Léiríonn an stair nach ionann dlí agus ceart i gcónaí

Bhris sí an dlí, dá réir sin, pianósaítear í. Bhris sí an dlí, dá bhrí sin, cuirtear sa phríosún í. Bhris sí an dlí, is é sin, is duine contúirteach í.

Bhris sí an dlí, is mar a thuigfeá sa chás is gur duine tú gan chillíní inchinne, ba cheart í a chrochadh, nó a chur ar an raca, nó ar a laghad síneadh fada a thabhairt di ar pé meaisín is oiriúnaí.

Duine mar sin ba ea Rosa Parks. Bhris sí an dlí. Bhí an dlí de réir Dé. Dúirt Dia gur cheart go mbeadh deighilt ar bhusanna idir daoine a raibh a gcraiceann dóite agus iad siúd a raibh a gcraiceann mílítheach de réir dhlí Maoise, nó fáth fáidh éigin. Bhris sí an dlí, dá réir sin, pé pianós is a d’ordaigh an dlí, bhí sin ceart.

Cérbh í an bhean eile sin? Ó sea, tuigim, Sophie Scholl. Chuir sí in aghaidh an rialtais dhleathaigh, nár chuir? Dá réir sin, bhris sí an dlí. B’í an dlí dá gcuirfí in aghaidh an dlí go ndlíofaí go rabhthas lasmuigh den dlí dhlithiúil. Dúirt an dlí go gcaithfí í a dhícheannadh de réir an dlí, rud a déanadh go dlíthiúil.

READ MORE

Amhras mór atá ormsa maidir le cosaint ar bith a dhéanamh ar Mhargaretta D’Arcy. Nach raibh sí páirteach i bhfeachtais roimhe seo a bhain le cearta daonna, agus nithe mar iad nach mbaineann leis an saol réalaíoch? Nach bhfuil sí ar son na síochána i bpobail arb é an cogadh inneall na heacnamaíochta iontu?

Bhris sé an dlí, ach bhí an domhan mór amuigh á chomóradh nuair a fuair sé bás. Bhíothas ann adúirt gur cheart é a chrochadh, mar bhí an dlí briste aige, agus dúirt an dlí gur cheart é a chrochadh. Dá mbeadh Nelson Mandela crochta fadó is a chloigeann ar spíce ní bheadh an trioblóid againn is atá anois.

Bhí an sclábhaíocht dlithiúil sna Stáit Aontaithe idir 1620 agus 1865. Dá réir sin, bhí sé ceart, nach raibh? Nach ndúirt an dlí é? Bhí sé ceart an lámh a bhaint den lucht oibre sa Chongó Beilgeach (an dream sin a rabhamar ag troid ar a son sa chéad chogadh úd sin) mura dtálfadh siad go leor rubair, ionas gurb é an mana “lámh, lámh eile, a haon mhíle, a dhá mhíle” a bhí le clos.

Ach, bhí sé de réir an dlí, agus mar sin, bhí sé ceart, nach raibh? Nach bhfuil sé ceart go leor gach rud a dhéanamh, fad is go ndéantar é de réir dlí?

Cad é atá sa duine gránna stuacach a cheapann go bhfuil rud éigin ionainn lastuas den dlí sin a chaitear oiread sin dua léi?

Tá, fíoch an pháiste nuair a thugtar dhá mhilseán dá chompánach, agus ceann amháin dó féin. Tá an chothroime ginte ionainn agus ní mó iad rialacha an naíonra ná dlíthe an domhain mhóir.

Ní hé briseadh an dlí sa chéad dul amach is tábhachtaí, seachas ar cheart an dlí áirithe sin a bheith ann in aon chor? Ar fud an tsaoil bhraonaigh riamh anall bhí daoine sásta an dlí a bhriseadh ar son tuisceana b’airde ná an dlí féin. Is é cnó na cúise, ná an dlí mhaith í sa chéad áit, nó nach ea? Tá an dlí ar fad ar crochadh ar luachanna lastuas den dlí féin. Níl sa dlí ach tóin na tuisceana.

Bhris Margaretta D’Arcy an dlí, agus dúirt an dlí gur cheart í a chur sa phríosún. Dá ndéarfadh an dlí gur cheart í a chur ar an raca bheadh an dlí ceart, mar is í an dlí an dlí, agus níl aon dul thairsti. Lá ná maidin loicht ní raibh ar an mbreitheamh a chuir sa phríosún í. Ní raibh aon dul as aige.

Ní dlí thar fóir nár cheart ligean do dhaoine suí ar rúidbhealach d’fhonn eitleáin a stop. Níor mhaith le gnáthdhaoine é sin agus iad ag dul don Chosta del Chraiceann.

Ní dlí thar fóir é go n-iarrfaí ar dhaoine bileog a shíniú d’fhonn an dlí a choimeád. Ní dlí thar fóir é go bpianósfaí daoine a bhriseann an dlí. Is í an dlí a bhristear an cheist.

Ní gan chúis a bhfuil “dlí agus ceart” sa Ghaeilge, ar “justice” an Bhéarla, agus sna teangacha eile sin atá bunaithe ar réimeas barbartha na Róimhe. Is maith mar a thuigimid nach ionann “dlí” agus “ceart”.

Is í an éagóir go bhfuilimid ag ligean d’amhais Mheiriceá leas a bhaint as Sionainn Bhriain Bhóroimhe chun lochtlannaigh amuigh ansin sna críocha dorcha aineoil nach feas a sclábhú is a mharú.

Más peaca cur ina choinne sin...