Aclaíocht áiféiseach don anam

Bíonn aclaíocht anamúil – agus áiféiseach

Bheifeá ag tarraingt droch-chlú ort féin mar dhuine corr dá bhfeicfí thú amuigh ag rith, go háirithe i gceantracha tuaithe, tamall de bhlianta ó shin.

"Have ye seen poor
Mary-Agnes of late, out runnin' the roads of a mornin'?" a deireadh na mná i gcogar sa siopa. Sna laethanta seo, a mhalairt ar fad atá fíor. Muna bhfuil cúpla "Zumba moves" ar eolas agat nó maratón déanta, ní duine ceart thú.

Agus mise anois i mo chónaí sa chathair, cuirtear an oiread sin roghanna os mo chomhair nach mbíonn an t-am agam leathchuid na ngníomhaíochtaí a thriail: Bodycombat, Bodypump, Spinning, Bootcamp…

Meallann na tairiscintí ar líne go turas úr mé gach aon uair a osclaím mo chuntas ríomhphoist: seoltóireacht; marcaíocht toinne; rothaíocht sléibhe...

READ MORE

Diomaite de na buntáistí don tsláinte, b'fhiú go mór bheith fiosrach agus fiontraíoch ó thaobh na haclaíochta de mar go mbíonn ábhar grinn le haimsiú ag cuid de na
ranganna seo agus duine aisteach nó beirt le feiceáil iontu.

An té a thógann an rang aeróbaice, mar shampla, a bhfuil claonadh aige
fuaimeanna 'gnéasúla' a dhéanamh agus é ag gabháil do chuid de na geáitsí.

Samhlaigh Destiny’s Child ag pléascadh fríd na speakers, na mná óga uilig ar a ngogaidí cóngarach don urlár, ag coinneáil greime ar rópa samhailteach os a gcionn. Ansin, cluinimid an tUasal Tanaí ag scairteadh le glór domhain bagartha, “hold it, hold IT, HOLD IT…”

Bíonn an seomra lán, muid uilig os comhair scátháin ollmhóir. Tosnaíonn cuid againn ag seitgháire, cuid eile ag amharc i dtreo an urláir go míshuaimhneach, go dtí go dtosnaíonn an chéad traic eile agus muid slán ó cibé cén rud a bhí ar intinn aige.

Tá sé soineanta go leor ach is léir go gceapann an buachaill seo go bhfuil cumhacht ar leith aige, é i mbun ranga agus Charlie’s Angels os a chomhair.

Agus cad é an chiall go díreach atá le Bodycombat? Nach ocsamórón é an téarma nuair nach mbuaileann tú rud ar bith seachas an t-aer? Tá rud éigin mínádúrtha faoina bheith ag caitheamh buille i dtreo do scáile féin.

Ar ndóigh, bíonn
díograiseoir an ranga ann, é ag scairteadh amach orduithe leis an traenálaí, ag ciceáil agus ag síorbhualadh an aeir mar a bheadh a shaol ag brath air.

Bhain mé triail as Bootcamp uair amháin, i mbun brúnna aníos san fhéar i bpáirc éigin ag bánú an lae. Mé féin agus seilide beag na maidne ag stánadh ar a chéile, súil ar shúil. “Cad chuige?” a deir seisean. “Níl barúil agam!” arsa mise.

Is beag deis a bhí agam rugbaí a imirt agus mé ag fás aníos i ndeisceart Ard Mhacha agus fíorbheagán eolais agam ar na rialacha nuair a ghlac mé páirt i gcluiche Tag-Rugbaí. Muna bhfuil a fhios agat faoin spórt seo, in áit dul i ngleic le do chéile comhraic chun an liathróid a fháil, faigheann tú greim ar cheann de na ‘clibeanna’ atá ceangailte de na brístíní le Velcro, ábhar nach mbaintear go leor úsáide as ar an pháirc imeartha.

Is í an fhadbh is mó leis an choincheap seo domhsa, mar bhean bhéasach mhúinte, ná go gcaithfidh tú rith mar a bheadh an diabhal féin sna sála ort, i dtreo an fhir a bhfuil an liathróid aige, do shúile dírithe ar a bhrístíní, do lámha sínte amach, na méara réidh chun greim a fháil ar cibé cén giota de na brístíní a aimsíonn siad. I bhfad róchontúirteach ar go leor bealaí i mo thuairim féin.

Tonnmharcaíocht – seo eispéireas ar leith. Fir agus mná óga ag dul go trá na dtonnta leis na hotties a aimsiú.

Ach chun dul i bhfeidhm orthu, cuirimid culaith uisce orainn, an chulaith spóirt is gránna ar domhan, agus titimid ón tonnchlár arís is arís eile, ag teacht amach ón uisce le haghaidh bhándearg lán smuga.

Anois má tá dóchas ar bith agam grágheal mo shaoil a aimsiú amuigh ar an fharraige, rachainn féin sa tseans ar bhád seoltoireachta as seo amach.

Tá an tseoltóireacht
rómánsúil mar chaitheamh aimsire – an domhan mór sínte amach romhat, saoirse as cuimse le blaiseadh – má bhíonn na scileanna cuí agat cibé ar bith. Má bhíonn ort tú féin a choisreacan chun do lámh dheas a aimsiú ní hí seo an ghníomhaíocht cheart duit.

Ach, b'fhiú go mór í a thriail mar go dtiocfadh léi a bheith draíochtúil – an stiúir i lámh amháin agat, rópa na seolta sa lámh eile agus cumhacht dhoshrianta na farraige agus na gaoithe faoi smacht agat ar feadh píosa. Is furasta an reverie rómánsúil seo a
scriosadh, áfach, má thagann an bumba i d'aghaidhsa. Kábumba!

Dá mhéad eachtraí neamhchoitianta a thriailtear is amhlaidh is sultmhaire an saol seo. Bím féin i gcónaí ag tnúth leis an chéad rud eile.
Parafhaoileoireacht b'fhéidir – dá dtiocfadh le Del Boy é a dhéanamh, déarfainn go mbeinn féin in ann. Nó
comórtas éigin craiceáilte, a leithéid Iron Man. Cá bhfios, an t-am seo ar an bhliain seo chugainn, b'fhéidir go mbeinn i mo Tough Mudder 2014!