A dóthain deacrachtaí le sárú ag an teanga - Gilmore

‘THESE ARE interesting times for the Irish language,” a dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Éamon Gilmore, agus é ag caint…

‘THESE ARE interesting times for the Irish language,” a dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Éamon Gilmore, agus é ag caint i mBéarla le linn Fhéile an Fhómhair i gCeatharlach Dé hAoine.

Ba é an dúshlán ba phráinní roimh an teanga ná “to break down the silos that keep the language 1.6 million of us say we can speak out of daily life: shops; pubs; offices; the media, the arts”.

Ba thábhachtaí é sin ná na seanargóintí faoi Ghaeilge éigeantach nó cén Roinn a raibh cúram na teanga uirthi, a dúirt sé.

Bíodh is go raibh meath ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus i measc daoine óga ach go háirithe, bhí borradh fúithi in áiteanna eile, rud a léirigh fás na gaelscolaíochta.

READ MORE

Ba mhór an chodarsnacht idir “an t-éadóchas traidisiúnta” a bhain leis an teanga agus líon na ndaoine a thug le fios sna daonáirimh go raibh labhairt na teanga acu. Tháinig fás ar chainteoirí Gaeilge le gach aon daonáireamh ó bunaíodh an Stát agus thug 1.6 milliún duine le fios sa bhliain 2006 go raibh Gaeilge acu, ardú ó 1.4 milliún deich mbliana roimhe sin.

Mar sin féin, ba mhór an bhearna idir “the many who can speak Irish – who could use it doing their shopping, meeting friends, or doing business – and the minority who use it regularly. There is also a big demographic gap, with the numbers who say they can speak Irish falling off dramatically once they leave school”.

Mhol sé an t-eagras teanga, Glór Cheatharlach, as a gcuid oibre ag cur na teanga chun cinn agus as a thaispeáint gur bhain an Ghaeilge leis na sráideanna agus ní leis an seomra ranga amháin. Ba mhaith mar a léirigh imeachtaí na féile a raibh le tairiscint ag teanga bheo na Gaeilge. Ba mhian leis fosta go ndéanfadh grúpaí eile aithris ar a gcuid modhanna.

Dúirt Gilmore go raibh ról suntasach ann d’údaráis áitiúla “with the vision to promote local bilingualism, and to provide an everyday outlet for those 1.6 million people dispersed around the country who identify themselves as being able to speak the language”.

Mhol sé Michael D. Higgins as TG4 a bhunú, á rá gur mhaith an sampla é “of how visionary public policy can have a knock-on effect on society, and on the economy. Having a platform like TG4 has provided employment for hundreds of young, creative graduates working in the audio-visual sector, and who have often proven themselves to be at the cutting edge of their profession. This is one of the reasons why the face of the Irish language has become more Síle Seoige than Peig Sayers”.

Ba den riachtanas é infheistíocht a dhéanamh i gcúrsaí ealaíon agus thiocfadh leis an Ghaeilge bheith mar “driver of that renaissance”. Bhí tábhacht leis na healaíona nach dtiocfadh leat praghas a chur orthu.

Chuidigh siad linn machnamh a dhéanamh ar ár gcás féin mar phobal; ciall a bhaint as an domhan agus ceisteanna a chur. Bhí áit ar leith ag na healaíona i saol agus i bhféiniúlacht na hÉireann; ancaire agus compás a bhí iontu, a dúirt sé.