Úrscéal éachtach i bhfoirm véarsaíochta scríofa ag Alan Titley

‘Scéal é seo a shamhlaíonn saolré na mná boichte imeallaithe’

An féidir tuiscint a fháil ar mheon agus dearcadh saoil na ndaoine atá imithe go deo?

Agus cad fúthu siúd a chaith gnáthshaol den chuid is mó agus nár tugadh mórán airde orthu ach a raibh de mhí-ádh orthu a bheith san áit mhícheart ag an am mícheart – dála Goody Glover (a hainm sclábhaí)?

Bean Éireannach a bhí inti a daoradh chun báis go héagórach ar chúis asarlaíochta ar léir anois nach raibh ach 'baois' na seanaoise ag cur as di, gan puinn thairis sin, agus a bhfuil a scéal inste go healaíonta anois i bhfoirm filíochta san úrscéal nua le Alan Titley, An Bhean Feasa (Cló Iar-Chonnacht).

Crochadh Ann Glover bhocht ar 16ú Samhain, 1688, os comhair slua callánach magúil. Dúradh go mba chailleach í agus bhí sí ar an duine deiridh a crochadh i mBostún, Meiriceá, agus é curtha ina leith gur bhain sí le lucht asarlaíochta. Tá tarrtháil déanta ar a scéal anois, a bhuí sin le Titley, í stróicthe arís as an tost a thit ar shaol na Gaeilge idir an 17ú haois agus an lá inniu.

READ MORE

Ba Chaitliceach Éireannach í Glover arbh as Contae Chorcaí di ó dhúchas. Bhí sí ar na 50,000 duine a díbríodh mar sclábhaithe go Barbadós le linn ionradh Chromail ar Éirinn.

Seoladh ise agus a hiníon go Bostún níos deireanaí mar ar cuireadh ag obair iad mar mhná níocháin d’fhear gnó darbh ainm John Goodwin.

I samhradh na bliana 1688, tháinig tinneas de chineál éigin ar pháistí Goodwin; d’éiríodar tinn go luath tar éis argóint a bheith acu leis na hÉireannaigh.

Toisc na páistí tinne a bheith ag rámhaillí, cuireadh i leith na seanmhná go mba fhia-chailleach í agus go raibh sí tar éis na páistí a chur faoi dhraíocht.

Ré ab ea í a raibh seanchas mór ar chailleacha agus faitíos rompu; cuimhnigh ar cheantar Salem i Massachusetts agus an rírá go léir a thit amach ansin agus na Piúratánaigh ag cur i gcoinne na gcailleach. Gabhadh Ann Glover agus dhiúltaigh sí Béarla a labhairt sa chúirt.

Nuair a cuireadh iachall uirthi an tÁr nAthair a rá, is i nGaeilge agus i Laidin a dúirt sí é.

Úrscéal é seo a shamhlaíonn saolré na mná boichte imeallaithe seo, bean láidir dhúshlánach nach bhfuair ach tarcaisne, bagairt agus diúltú ó status quo a linne. Fearann spreagúil úrnua atá briste ag Titley anseo agus an t-úrscéal scríofa i bhfoirm filíochta. Tá sé tar éis filleadh ar fheidhm na filíochta mar a bhí ó thús ama mar, sa chianaimsir, ba i bhfoirm na filíochta a d'inis na daoine eachtraí móra a linne.

Níos tábhachtaí fós tá athsheilbh déanta aige ar fhearann an ghnáthdhuine agus seo i bhfoirm úrscéil; fiú sa lá atá inniu ann, níl ach fíorbheagán leabhar sa Ghaeilge, nó sa Bhéarla fiú, a théann i ngleic le taithí na mban úd nach gcloistear riamh fúthu, na mílte bean ceilte a rugadh agus a tógadh agus a fuair bás gan cumhacht dá laghad agus a raibh saol oibre thar a bheith crua acu.

Mar a dúirt an scríbhneoir Polannach Czeslaw Milosz uair amháin: “Tá dualgas orthu siúd atá beo labhairt ar son na ndaoine nach féidir a scéal féin a insint anois.”

MÍCHEÁL Ó hAODHA