Ábhar ceiliúrtha agus imní i gcúrsaí oideachais

Aontroim Bhí ábhar ceiliúrtha ag lucht na Gaeilge ar an sráidbhaile, Cromghlinn, in Aontroim an tseachtain seo caite. D’oscail Aire Oideachais an Tuaiscirt, John O’Dowd (SF), Gaelscoil Ghleann Darach go hoifigiúil.

Is scoil nua ceithre sheomra í seo atá suite i gCromghlinn, faoi chúpla míle de Loch nEathach, agus £1.3m an costas a bhí uirthi.

Dúirt príomhoide na scoile, Stephen Wallace, go raibh siad uilig “thar a bheith sásta” leis an fhoirgneamh nua. Bhí gliondar ar na páistí agus iad ag teacht chun na scoile. Roimhe sin, bhí na páistí lonnaite ar champais scartha ach bhí deis acu uilig anois teacht le chéile agus súgradh le chéile.

Mhol sé pobal Chromghlinne as a dtacaíocht thar na blianta: “Tá tuilleadh daoine i gcónaí ag teacht isteach sa Ghaeloideachas agus bíonn fáthanna difriúla leis sin. Tá a fhios agamsa go bhfuil an Gaeloideachas in ann doirse iontacha a oscailt agus deiseanna a chruthú sa todhchaí. Tá áis iontach againn anois leis seo a bhaint amach.

“Dearadh an scoil le súil ar an fhás a bheas ann sa todhchaí agus cé go bhfuil an-áthas orainn lenár bhfoirgneamh álainn is cinnte dearfa go bhfuil muid ag tógáil don todhchaí.”

READ MORE

Dúirt an tAire Oideachais, John O’Dowd, gur “lá iontach” a bhí ann do na daltaí agus do na tuismitheoirí.

Bhí áis den scoth anois ag na páistí agus ag na glúnta a bhí le teacht ina ndiaidh.

Baile Átha Cliath

Tá “coilleadh ról na Gaeilge” sa DIT cáinte ag Gael Linn. Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Anointe Ó Coileáin, go ndearna reachtaíocht nua, Bille na nOllscoileanna Teicneolaíochta 2015, “scrios” ar an Ghaeilge san institiúid léinn seo.

Dúirt sé gur thug an reachtaíocht a bhunaigh DIT le fios go raibh uirthi “aird a thabhairt ar chur chun cinn agus ar úsáid na Gaeilge mar theanga gnáthchumarsáide agus saothrú na Gaeilge agus a traidisiún gaolmhar litríochta agus cultúir a chur chun cinn”.

Mhol an Bille nua, ámh, go mbeadh ról níos lú ag an teanga in institiúid a bhí le méadú.

Ní bheadh de chúram teanga ar lucht DIT anois ach freastal a dhéanamh ar an phobal “where practicable in the performance of its functions ... Respecting the diversity of values, beliefs and traditions in Irish society”.

Chreid sé gur “cúlú uafásach” a bhí ann ón “aidhm náisiúnta i leith na Gaeilge” agus é sin uilig i mbliain chomórtha 1916. D’iarr sé ar an Aire Oideachais an reachaíocht a leasú agus d’iarr sé ar bhaill den Oireachtas cur in éadan an Bhille.

Thug DIT seirbhís dhílis don teanga agus cultúr na Gaeilge le fada. Deis a bhí i méadú DIT saineolas s’acu ar an teanga a chur chun cinn i dTamhlacht agus i mBaile Bhlainséir, a dúirt sé.

Béal Feirste

“Sean-nós na Fearsaide” an t-aimn a bheas ar lá mór ceoil i mBéal Feirste Dé Sathairn.

Is ag 10.30am a thosóidh an lá le ceardlanna ar cheol ar an sean-nós. Beidh Brian Dinny Minnie Ó Domhnaill, Síle Denvir, Antaine Ó Faracháin agus Doiminic Mac Giolla Bhríde ann le heolas an amhráin a roinnt. Seolfar dlúthdhiosca nua le Mac Giolla Bhríde an oíche chéanna, Sona do cheird. Is in Áras Mhic Reachtain, Bóthar Aontroma, sa chathair a bheas an ócáid agus £5 ar an lá.

Corcaigh

Beidh lucht na bhfeadóg mór agus lucht na bhfeadóg stáin san iomaíocht sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada i gCorcaigh Dé hAoine. Beidh an chraobh le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7 pm.

Lena chois sin, beidh Comhdháil na gCeoltóirí, ar siúl mar chuid d’imeachtaí an deireadh seachtaine in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh, fosta.

Beidh an chomhdháil ar bun san óstán Dé Sathairn idir 2 pm agus 5pm.

Beidh cainteoirí ó thionscal an cheoil i láthair agus iad ag cur comhairle ar cheoltóirí traidisiúnta maidir le cúrsaí maoinithe, poiblíochta, árachais, cóipchirt, margaíochta agus foilsitheoireachta. Eolas: claru@cuireadhchunceoil.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times