Rialtas faoi ionsaí as 'droch-chinneadh' eile teanga a dhéanamh“DROCH-CHINNEADH” agus “scannalach” atá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag tabhairt ar shocrú an Rialtais chun deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí le freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.
'Scéimeanna teanga níos deacra ná Comhaontú Aoine an Chéasta'TÁ “TEIPTHE tríd ’s tríd” ar an chóras faoina n-aontaíonn comhlachtaí stáit scéimeanna teanga le Roinn na Gaeltachta, a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar Thóstal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Dé Sathairn.
Crobhingne »
- Feall fillte
CROBHINGNE: NUAIR A bhínn ag taisteal an domhain de shiúl mo chos is mó rud a d’fhoghlaim mé. Is cinnte gur mó a d’fhoghlaimeofá mar sin ná a bheith id shuí go teolaí ar chéad ghrád eitleáin, súmóga seaimpéin á slogadh, agus spéirmhná nó fir ag coimeád púdair puf led bharraicíní.
- Sléacht sráide
CROBHINGNE: AON ABAIRT amháin atá ag Tony Judt mar gheall air ina stair ollmhór Postwar: a history of Europe since 1945. Leabhar nach mór míle leathanach, agus míle leathanach de mhionchló chomh maith céanna atá ann, a ríomhann conas a tharla dúinn sna trí scór bliain ó shocraigh barbaraigh na hilchríche ar gan a bheith ag marú a chéile ar feadh tamaill.
Tuarascail »
- Cláir oideachais
“DROCH-CHINNEADH” agus “scannalach” atá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag tabhairt ar shocrú an Rialtais chun deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí le freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.
- Dinny Lacha
AGUS É ag freagairt ceisteanna sa Dáil an tseachtain seo caite, shéan Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, líomhaintí Pheadair Thóibín (SF) go raibh an Rialtas ag tarraingt na gcos maidir le feidhm a thabhairt don straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.
Beocheist »
- Béal binn an éin ina ghuth sa chathair
BEOCHEIST: GNÁTHAÍONN ÉINÍN achar áirithe in Áth Cliath 16. Ar na héanghuthanna a mbíonn le clos, ise is mó a sheasann amach agus is mó spéis. Amhail amhránaí le guth inaitheanta iar nótaí tosaigh a chasadh, tuigtear láithreach cé tá agat.
- Teic ard; teagmháil íseal
BEOCHEIST: “MÁS MIAN leat alt nuachta, brúigh cnaipe a haon. Más colún atá uait, brúigh cnaipe a dó. Más eagarfhocal atá uait brúigh a trí. Muna mian leat aon cheann de na roghanna thuas, fan ar an líne go dtí go labhraíonn duine dár lucht cabhrach leat ar Lá an Luain. É sin nó téigh ar an idirlíon agus scríobh alt tú féin.”
An Teanga Bheo »
- ‘Cúis bhuartha’
AGUS próiseas nua comhairliúcháin fógartha ag Foras na Gaeilge faoin tSamhail Nua Mhaoinithe, d’fhógair na 19 eagras bunmhaoinithe inné gurbh ábhar imní acu go raibh an foras le deireadh a chur lena maoiniú.
- Polasaí cáinte
NÍL FORBAIRT ar bith déanta ar pholasaí Gaeilge Thionól Thuaisceart Éireann, a dúirt urlabhraí Gaeilge an SDLP, Dominic Bradley, arú inné.


