Torthaí an tsaoil

Beocheist: Cén fáth go gcuireann na statisticí éagothroma 80 faoin gcéad/20 faoin gcéad iontas orainn? Nílim ag tagairt don …

Beocheist:Cén fáth go gcuireann na statisticí éagothroma 80 faoin gcéad/20 faoin gcéad iontas orainn? Nílim ag tagairt don fhógairt do Monster Munchies ag comhlacht idirnáisiúnta éigin. Maítear go bhfuil an táirge 80 faoin gcéad saor ó shalann.

Táim ag tagairt don éagothromaíocht domhanda. Mar is eol dúinn, as sé bhilliúin daoine, tá aon bhilliún ag tuilleamh níos lú ná $1 d'aon lá oibre amháin. Is ionadaí mise agus tusa den 20 faoin gcéad.

Ar scoil, i mBaruipur, ag am lóin, bhí "tiffin" ag cuid de na páistí. "Mouri" ab ea an bia a bhíodh ag doirteadh amach ón mbosca lóin. Bhíodh buidéal uisce uaine leis. An t-uisce, a bhí tógtha ní ba thúisce ní ó thobar ach ón loch salach. Ba loch uile-sholáthrach é.

Chosnódh sú oráiste 200ml, costas suarach dúinn, níos mó ná béile do theaghlaigh dóibh is toíche. Shiúlamar an t-iarnród te. Rith na páistí áitiúla anonn is anall nuair nach raibh na traenacha ag teacht. Stopamar ag bothán dóibe, baile do bhuachaill dóibh ón scoil.

READ MORE

Thar tairseach an tí linn, d'fhan Maborok amuigh lena eitleog, lámhdhéanta as plaisteach agus adhmad. Istigh san fhothain chaolaoigh ní raibh ach solas tláith i láthair. Shuíomar síos ag iarraidh an t-ionadh a cheilt.

Ba léir nach mbeadh aon rís ná sicín ag an gclann an oíche sin ach chuir an mháthair uisce á bheiriú dúinn. Tríd an gcaolach, bhí an solas ag damhsa agus é ag preabadh, ag cur luisne i ngrua an gharsúin eile a bhí sa chlúid. É geallgháireach, gan ghéilleadh don bhochtaineacht.

I dtuaisceart chathair Kolkata, ní raibh éalú ó thranglam, thrangláil ná ó thorann le linn an turais. Gach maidin ghabh mé thar fear a bhí ag díol chai. Ag an seastán cruach dhomheirgthe bhíodh grúpa garsún ina sheasamh i leathchiorcal. D'óladar ó chupán beag cré. Chlaon custaiméir a cheann. B'shin comhairle. Istigh sa phota a d'ardódh an bainne.

Bhí spíosraí agus siúcra ag snámh tríd an mbainne. Go bródúil, shleamhain mo dhuine an leacht te tríd an seanchriathar. Le spúnóg airgid, bhuail an fear chai an seanphota. Go tostach, go bródúil, tugadh an chai don chustaiméir. Chludaigh an boladh binn mé, i mo thimpeallú, mar sari. Lámh leis, cromtha síos, cosa trasnaithe, sari síoda ildaite, bheannaigh mangaire mangónna mé. Loinnir diamaint a fáinne sróin, a cuid gruaige dhubh tarraingte siar go teann.

Bhuail na bráisléid pósta - dearg agus bán - lena chéile ar a lámh donn tanaí. Shocraigh sí a bindi bándearg ar an áit a bhfuil an tríú súil. Ina glac, bhí slabhra an scála meá, í meáite an mangó ba mhó agus b'aibí a roghnú dom ar 20 rupee an kílo.

I measc na mbípeanna, rith fear tanaí ar aghaidh le ricseá á tharraingt aige. Bhí fear gnó gléasta i gculaith dhubh sa chúl. Phioc sé cuid dá phunjabi suas chun an t-allas a thriomú.

D'ordaigh mo dhuine é agus d'fhéach amach ar an Ind, trína spéaclaí órga, a pheann órga ag crochadh ar phóca a léine. Bhog bolg dó agus é ag alpadh paicéad críospaí le salann laghdaithe iontu.

Bhí ceathrar ina suí ar shean-nuachtáin. Bhí siad go léir feistithe i bpunjabi bán, gruaig agus croiméal dorcha orthu. Dháiligh duine na cártaí amach. Bhailigh comhluadar i gciorcal, ag breathnú go géar ar an dul chun cinn, beag beann ar chúraimí eile. An t-am acu. Sáite, go béal na mbróg, bhí fear i ndumpa ag cuardach buidéal plaisteach. Chlúdaigh píosa éadaigh a cosa. Dhíolfadh sé na buidéil le comhlacht athchúrsála. Lean a iníon nocht mé ag iarraidh orm mo bhuidéal folamh a thabhairt di.

Má thugann tú bia, tá tú ag tacú leis an déirce agus deir daoine áirithe go gcaithfear a fheiscint go bhfuil an t-oideachas níos tábhachtaí go fadtéarmach. Muna dtugann, tá tú ag fágaint cailín beag gan gháire, gan dinnéar.

An fhírinne lom nocht. Theastaigh uaim éalú ón dumpa déistineach, ón mboladh bréan a bhí ar thaobh an bhóthair. Bhíos ag deimhniú nach sleamhnóinn ar an gcairtchlár líonta le salachar na cathrach.

Inniu, shiúil mé thar na tithe saoire - bánaithe agus folamh - i gCiarraí. Smaoiním ar an bhfear agus é ina chodladh go sámh ina sheanricseá. B'obair agus ba fhothain é dó. Níl greim ag an bhfear sa ricseá ar choincheap an réimse bídh le 80 faoin gcéad salann bainte de Monster Munchies.

Cosúil leis an mbean ag meá na mangónna, caithfimid an saol a mheá d'fhonn is go mbeadh saol torthach/éagórach agus an cheist a chur orainn féin cad é an rud beag a dhéanfaimid chun cuidiú le cothromaíocht a shroicheadh?