Tábhacht na logainmneacha Ceilteacha faoi chaibidil i Sligeach

TUARASCÁIL: THART FAOI 120 duine, ó na sé thír Cheilteacha – Alba, Manainn, An Bhreatain Bheag, An Corn, An Bhriotáin agus Éire…

TUARASCÁIL:THART FAOI 120 duine, ó na sé thír Cheilteacha – Alba, Manainn, An Bhreatain Bheag, An Corn, An Bhriotáin agus Éire – a bhí bailithe le chéile i Sligeach an tseachtain seo caite dá gcruinniú bliantúil den Chomhdháil Cheilteach, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

‘Logainmneacha na dTíortha Ceilteacha’ ba théama don chomhdháil i mbliana agus ba léir ó na léachtanna, a thug saineolaithe ar an ábhar, agus ó na ceardlanna, inar roinn an lucht páirtíochta eolas ar a chéile, go raibh mórchuid eilimintí i gcoitinne i logainmneacha na sé thír.

Tugadh léargas freisin ar an mhéid a bhí le foghlaim faoin stair ó na logainmneacha. Is fianaise iad ar an dóigh ar chúlaigh agus ar leathnaigh teangacha sna tíortha sin.

I gcás gach ceann de na tíortha Ceilteacha d’fhág ceithre theanga ar a laghad a rian ar an tír, seacht gcinn i gcás na hAlban mar a léirigh an Dr Simon Taylor ón tír sin.

READ MORE

Mar a dúirt an tOllamh Hywel Wyn Owen ón Bhreatain Bheag tá stair breis agus míle bliain á caomhnú sna logainmneacha.

Ach cad atá ar siúl ag na húdaráis chun oidhreacht staire na logainmneacha a chaomhnú sa lá ata inniu?

Ba léir go raibh cuid mhór de na fadhbanna céanna ag gach ceann de na tíortha Ceilteacha. De na sé thír is é an Corn is measa ó thaobh thruailliú na logainmneacha ag daoine ón taobh amuigh, dar leis an staraí agus seandálaí, Craig Weather.

Ag dul i méid atá na hainmneacha Béarla a chuirtear in áit na n-ainmneacha dúchasacha, agus a lán acu bunaithe ar mhíthuiscint ar an bhunainm Cornaise, a dúirt sé. De na sé thír is í Éire an t-aon cheann ina bhfuil áisíneacht logainmneacha, ar cuid den státchóras é, chun ceartfhoirmeacha na n-ainmneacha a chur ar fáil.

Rinneadh cur síos ar stair na hoifige sin ó bhunaigh Éamon de Valera an Choimisiún Logainmneacha i 1946 go dtí cur ar fáil an tsuíomh Idirlín, www.logainmn.ie ar a bhfuil torthaí taighde na hoifige ar fáil ann.

Ach ainneoin na seirbhíse sin agus áiseanna eile is rímhinic mílitriú logainmneacha ar fhógraí poiblí agus thagair an cainteoir agus go leor daoine sa lucht éisteachta do shamplaí de mhíchúram ag na ranna Stáit.

Ag tús na haoise seo caite chuir Conradh na Gaeilge in aghaidh páirt bheith ag a mbaill sa Chomhdháil Cheilteach ar an ábhar gur i mBéarla a bhí na himeachtaí. Breis agus 100 bliain ina dhiaidh is i mBéarla fós a bhíonn na himeachtaí cé go ndéanann cuid de na toscairí iarracht an ‘cúpla focal’ a rá i dteangacha a chéile.

Nasc an-láidir idir na tíortha sin is ea an ceol agus bhí ceoltóirí den scoth i láthair ó gach tír, píobaire ó Albain, cláirseoir agus seinnteoir chairdín ón Bhriotáin, veidhleadóir as an Bhreatain Bheag, amhránaí agus giotaraí ón Chorn. Is í an t-amhránaí Áine Ní Fhiannúsa ó na Déise a chosain clú na hÉireann.

Ar Mhanainn a bheidh an chomhdháil an bhliain seo chugainn.

Ní mholtar an snip

TÁ GRÚPA comhordaithe na n-eagras deonach, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ag iarraidh ar an Rialtas gan moltaí an Bhoird Snip Nua a chur i bhfeidhm sula bhfoilseoidh an Rialtas a bplean 20 bliain don teanga Meán Fómhair na bliana seo.

Bhí cruinniú éigeandála ag an Chomhdháil an tseachtain seo caite le moltaí thuarascáil Mhic Cárthaigh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé.

Mhol an Chomhdháil “go láidir” d’Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, cruinniú d’Fhóram na Gaeilge a eagrú le go mbeadh deis ag eagraíochtaí teanga agus ranna Stáit impleachtaí na tuarascála a scrúdú.

Dúirt stiúrthóir na comhdhála, Pádraig Mac Criostail, gur ghá “don Aire dul i gcomhar leis na heagraíochtaí deonacha chun na moltaí struchtúrtha sa straitéis 20 bliain a phlé, ionas gur féidir tús a chur leis na bealaí is fearr agus is praiticiúla chun dul chun cinn a bhaint amach maidir le cur i bhfeidhm na straitéise sin”.

Dianchúrsa

TÁ AN comhlacht aistriúcháin, Europus, ag reáchtáil cúrsa oiliúna in aistriúchán cáipéisí dlí agus stáit i gConamara, Co na Gaillimhe, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair na bliana seo. Glacfaidh siad le daoine le caighdeán ard Gaeilge agus Béarla agus daoine a bhfuil cáilíochtaí sa dlí acu. Eolas: 091-572082 nó eolas@europus.ie

Cuairt ar Charnlach

TÁ CARNLACH fada go leor ón teach le gur féidir linn cuairt lae a thabhairt air ach níl sé chomh fada sin gur gá dúinn pas a thabhairt linn. Baile beag slachtmhar i dtuaisceart Aontroma é Carnlach agus thug an chlann cuairt ann Dé Sathairn, an chéad lá de Lúnasa.

Eispéireas turasóireachta ar leith é taisteal trí dheisceart, lár agus thuaisceart Aontroma ag páistí óga s’agamsa, páistí phróiseas na síochána, cúram – don chuid is mó – a tháinig slán ó stair ailseach Uladh go dtí seo.

Is iad na bratacha is mó a dtugann siad suntas dóibh an t-am seo bliana. Ag taisteal trí Chromghlinn, bhí bratacha CLG Aontroma agus bratacha an Oird Bhuí in iomaíocht le chéile.

Leoga, bhí fógra taobh an bhealaigh mhóir, faoi scáil an iliomad Union Jacks, ag fógairt go raibh Lá Gaelach le bheith ar an bhaile. Ní cultúr go codarsnacht chomh fada agus a bhaineann sé leis an Tuaisceart de.

Ar fhágáil Chromghlinne dúinn agus ag taisteal ar na príomhbhóithre ó thuaidh, d’imigh bratacha an CLG. Red, white and blue amháin a bhí le feiceáil ar na bóithre móra chun an Bhaile Mheánaigh trí Bhruach Sheáin go dtí gur bhain muid Carnlach amach. Is ansin a chonaic muid dathanna CLG Aontroma arís eile – gasúir bheaga agus camáin ina nglac acu. Bhí ‘an Bhreatain’ fágtha inár ndiaidh againn, ba chosúil.

Tá na páistí ag dul i dtaithí ar na bratacha agus ba mhó a n-aird ar an fhéile a bhí ar siúl ar an sráidbhaile ná ceisteanna féiniúlachta. Bhí mórán tarracóirí de dhéantús cáiliúil Massey-Ferguson ar an tsráid, caisleán preabach, trá agus lón sceallóg agus éisc.

Maireann seancheirdeanna fosta. Bhí seanduine ag díol saothar ealaíne déanta as adhmad a tháinig slán ón sáile agus adhmad as portach. Cheannaigh mé féin corr réisc uaidh, é greanta as adhmad portaigh agus chuaigh muid chun cainte i mBéarla.

Bhí an “bog wood” mar a thug sé air ag éirí gann. (Cad é a dhéanfaimid feasta gan bog wood?) I ndeisceart Dhoire a bhí an t-adhmad portaigh ab fhearr le fáil, a dúirt sé. An bhfuil a fhios agat cad chuige, a d’fhiafraigh sé díom. Níl a fhios.

Bhuel, ciallaíonn Doire “oak grove” a dúirt sé, sin an fáth. Is ann atá an t-adhmad is fearr.

An mar sin é? a dúirt mé féin agus thug buíochas dó as an phíosa deas ealaíne atá anois ar an tábla os mo chomhair.

adhmadwood – aistriúchántranslation – cáipéisdocument – codarsnachtcontrast – deonachvoluntary – éiginnteuncertain – eispéireasexperience – feabhasimprovement – IdirlíonInternet – logainmplacename – míchúramcarelessness – staraíhistorian – suíomhsite – taighderesearch – toscairedelegate