Pavarotti agus ceol na cruinne

BEOCHEIST: After silence that which comes nearest to expressing the inexpressible is music – Aldous Huxley

BEOCHEIST:After silence that which comes nearest to expressing the inexpressible is music – Aldous Huxley

Bíonn seó ag na Sasanaigh, Trooping the Colour. Searmanas is ea é a théann siar go dtí an 17ú haois ach go bhfuil fréamhacha níos ársa ná sin aige. De réir mar a thuigim, cleas ab ea é chun go n-aithneodh na saighdiúirí a chéile agus é ina chíor thuathail ar pháirc an áir.

D’fheicfeadh na saighdiúirí a bhí gortaithe, nó scoite amach óna gcairde, na bratacha nó na dathanna a bhain lena reisimint féin agus bhaileoidís le chéile arís. Níor bhreathnaíos ach ar phíosa an-bheag den Trooping the Colour seo mar nár thuigeas cad a bhí ar siúl – seans nár thuig formhór an lucht féachana Sasanach cad a bhí ar siúl ach an oiread agus gur chuma leo.

Is snasta a bhí na trúpaí. Bhíodar gléasta go maith agus iad ag máirseáil suas síos, iad ag teacht le chéile in aon bhuíon mhór amháin agus ag scarúint óna chéile arís. Bhí ord agus eagar le sonrú orthu agus bhí ealaín de shaghas éigin ag baint leis an rud ar fad, cé nár léir domsa go beacht í. Bhí ceol le sonrú freisin, neart ceoil. Trup na bhfear ag máirseáil, measctha le ceol ríoga máirseála. Ar ndóigh, is beag áit a dtéimid sa lá atá inniu ann nach mbíonn “ceol” de shaghas éigin ag bloscadh ó na callairí ann.

READ MORE

An teach tábhairne, an cluiche peile nó rugbaí, an chóisir scoile. Is cuma cén áit a dtéimid táimid bodhar ag an bhfothrom sin a dtugtar “ceol” air. Is cosúil nach beo do dhaoine áirithe dá éagmais. Ach an ceol é an callán doshrianta seo a ionsaíonn ár gcluasa fiú nuair a cheannaímid bainne sa siopa áitiúil? Seans go mba cheol é uair amháin ach an féidir ceol a thabhairt níos mó air agus é á sheinm is á athsheinm i bhfad ró-ard?

Tá Luciano Pavarotti ar shlí na fírinne le beagnach ceithre bliana. An bhfuil an fhaid sin ann, a deir tú? Is minic a dhéantar dearmad ar ealaíontóirí nuair a fhaigheann siad bás ach go mbíonn a gcuid oeuvrei bhfaisean arís na blianta ina dhiaidh sin. Ní mar sin do Pavarotti áfach.

Cinnte tá glúin nua tar éis teacht ar an bhfód ach cé mhéad duine a chuala trácht ar Juan Diego Florez, Jonas Kaufmann nó Vittorio Grigolo fós? Tá comhbhádóir agus céile comhraic an fhir mhóir, an Spáinneach Placido Domingo, ag treabhadh leis i gcónaí agus é 70 bliain d’aois anois. Ach níor éirigh le héinne díobh greim a fháil ar shamhlaíocht na ngnáthdhaoine sa chaoi chéanna inar éirigh le Pavarotti.

Cén fáth? An é nár bhain Pavarotti le cognoscenti na ceoldrámaíochta amháin mar a bhain na réaltaí móra a tháinig roimhe – leithéidí Gigli, Caruso, Lanza agus Björling. An é gur bhain sé linn go léir? In aois seo na teilifíse domhandaithe agus an Idirlín bhí sé linn sa chúlra againn ag ócáidí áirithe an t-am go léir.

In Éirinn, fuair go leor againn eolas níos fearr ar Pavarotti ag buaicphointe an Choirn Dhomhanda a reáchtáladh san Iodáil i 1990 agus a raibh páirt lárnach ag arm Jack ann. Spéisiúil go leor ba ag an gcomórtas sin a bhain Pavarotti stádas domhanda amach faoi dheireadh. Chonaic na céadta milliún duine an cheolchoirm cháiliúil sin sa Róimh ag ar chan an Triúr Teanóirí – Pavarotti, Carreras agus Domingo.

Cé gur chruthaigh sé íomhá an abhlóra dó féin go minic, níorbh aon amadán é Luciano bocht – go mór mór maidir le cúrsaí airgid de agus a rian sin ar na hargóintí a bhris amach láithreach i leith a uachta tar éis dó bás a fháil.

Cé go raibh Pavarotti go han-mhaith mar amhránaí ceoldrámaí, iad siúd atá ar an eolas deir siad go raibh guth níos áille ag José Carreras agus Giuseppe di Stefano, nuair a bhí an bheirt sin fós i mbarr a réime. Ach bhí rud éigin eile ag Luciano Pavarotti nach raibh ag an mbeirt sin. Fear ab ea é a raibh draíocht éigin ag baint leis. Bhí simplíocht agus flaithiúlacht éigin le haithint ar a chuid amhránaíochta. Bhí rud éigin aige a bhí tarraingteach fiú dóibh siúd nach bhfuil tuiscint dá laghad acu ar an gceoldrámaíocht, mise san áireamh.

Ní gá duit a bheith i do shaineolaí ar an gceol clasaiceach ná ar an Iodáilis chun an áilleacht dhraíochtach sin a bhrastint. Duine fial flaithiúil ab ea é a chaith cúpla uair an chloig in aghaidh an lae ag múineadh amhránaithe óga na ceoldrámaíochta ina theach samhraidh in Pesaro. Bhí sé fos á dhéanamh sin cúpla seachtain sula bhfuair sé bas.

Thuig Pavarotti gur tíolacadh bua as an ngnáth dó agus go raibh dualgas air an bua sin a roinnt ar dhaoine eile. Roinn sé an ceol linn, roinn sé linn an ríméad a bhaineann leis an gceol mar theanga na cruinne. Sin an fáth nach ndéanfar dearmad air.