Ní bhíonn in aon rud ach seal

BEOCHEIST: NÍ BHÍONN in aon rud ach seal, de réir an tseanfhocail

BEOCHEIST:NÍ BHÍONN in aon rud ach seal, de réir an tseanfhocail. Más fíor do na pobalbhreitheanna is deireanaí, tá a sheal caite ag Fianna Fáil mar pháirtí a mheasadh go mbíodh rialú na tíre mar cheart ó Dhia aige.

Tar éis an chéad toghcháin eile, beidh Fianna Fáil, an eagraíocht pholaitiúil is láidre agus is éifeachtaí sa Stát seo athraithe as aithne agus is beag seans go mbeidh a lámh aige ar stiúir na cumhachta go ceann, b’fhéidir, deich mbliana ar a laghad.

Is scanrúil agus is aisteach an fhearg fhíochmhar atá á léiriú in aghaidh páirtí atá ina institiúid aitheanta náisiúnta ó thúsbhlianta an Stáit. Cé gurb iad seo na vótóirí céanna a vótáil arís agus arís eile don pháirtí nuair a bhí an tábla cóirithe ag an bpáirtí don gcóisir agus cráin chraosach á dhéanamh ag achan duine de féin. De réir mar a théann an cháinaisnéis i bpéine, tá an fhearg ag fás.

Léiriú eile ar mhísheasmhacht an tsaoil pholaitiúil go mbeidh an páirtí is cumhachtaí in Éirinn laghdaithe go tubaisteach agus nach mbeidh sa Dáil acu ach líon an-bheag Teachtaí Dála tar éis an toghcháin.

READ MORE

Teip náireach! Tagann na focail a scríobh Shelley ina dhán Ozimandias chun cuimhne:

I met a traveller from an antique land

Who said: Two vast and trunkless legs of stone

Stand in the desert. Near them on the sand,

Half sunk, a shattered visage lies, whose frown

And wrinkled lip and sneer of cold command

Tell that its sculptor well those passions read

I gcótheacs na hÉireann, is é an “shattered visage” ná bunaitheoir Fhianna Fáil, Éamonn de Valera. Dá mbeadh sé beo anois, bheadh sé féin níos feargaí ná éinne. Ach ní dócha go mbeadh iontas air.

Ba dhuine é Dev nach raibh róthógtha le hábharachas an tsaoil. Saol simplí gan mórán airde ar shó an tsaoil a bhíodh aige féin.

Dhiúltaigh sé ar feadh tamaill fhada do thairiscint ón gcomhlacht Guinness beár a chur isteach in Áras an Uachtaráin agus é a stocáil saor in aisce.

Ba den nglúin a rinne an íobairt é féin agus leithéidí Phroinsias Mhic Aogáin. Níor spéis leo an cruinniú saibhris agus an sodar i ndiaidh na n-uasal.

Sa bhfís a bhíodh acu den bpáirtí bheadh eitic na seirbhíse chun tosaigh i gcónaí. Ba pháirtí é, dar leo, a d’fhreagródh go cruinn do mhianta an ghnáthphobail. Ba leathan agus ba shóisialach an soiscéal é. Ní hiontas é gur mheall siad na mílte.

Is iad na seanfhondúirí céanna a bhí fadradharcach chomh maith. Is le hamhras mór a bhreathnaíodh siad ar an nglúin óg a tháinig isteach sa bpáirtí le Cathal Ó hEochaidh agus Seoirse Ó Colla nó lucht na “mohair coats” mar a tugadh orthu ag an am.

Léiriú ar an imní sin an scéal a bhíodh thart gur iarr Dev ar Phroinsias Mac Aogáin ábhar ceannaire nua a chuartú taobh amuigh den bpáirtí nuair a chonacthas dó go raibh Cathal Ó hEochaidh ar tí iarracht a dhéanamh an post a fháil.

Is cinnte nár thaitin an treo ina raibh an páirtí ag sleamhnú le Dev agus chonaic sé droch-chríoch i ndán dó. Is cosúil go bhfuil an tuar tagtha faoin tairngireacht anois.

Tá seirbhís mhaith fhada tugtha ag Fianna Fáil don Stát agus don tír. Choinnigh an eagraíocht cuid de spiorad cheannairí na Cásca beo, más le béalchráifeacht féin uaireanta.

Chuir sí go mór le forbairt thionsclaíoch an Stáit, le hinfreastruchtúr, le hoideachas na hóige agus le caighdeán na beatha. Ní féidir é a shéanadh agus bí cinnte go gcuirfear é sin i gcuimhne roimh an dtoghchán.

Don gcuid is mó, d’fheicfeadh baill Fhianna Fáil orthu féin mar thírghráthóirí agus don gcuid is mó is daoine maithe fiúntacha iad.

Níl ann ach gur theip go tubaisteach ar cheannairí an pháirtí sa dualgas is práinní a bhíonn ar aon rialtas: tabhair aire do leas do mhuintire!

Is ar leas Fhianna Fáil a bhí ceannairí an pháirtí ag díriú nuair a tháinig an namhaid faoi choim na hoíche. Anois tá praghas le híoc.

Is féidir le Fianna Fáil teacht ar ais ó bhéal na huaighe. Rinne Fine Gael é cheana féin. Ach beidh orthu seal fada a chaitheamh i bpurgadóir na freasúrachta. Cás bocht ag páirtí a bhfuil an stair sin aige.

Bheadh Dev ar aon intinn leis an bhfeartlaoi sa dán sin ag Shelley:

And on the pedestal these words appear:

My name is Ozymandias, King of Kings:

Look on my works, ye mighty, and despair!