Muintir Uí Fhoghlú

CROBHINGNE: ABHAIST YE! Sna laethanta seo nuair atá oiread sin ardmheasa ar na gadaithe agus ar na súmairí idirnáisiúnta b’ait…

CROBHINGNE:ABHAIST YE! Sna laethanta seo nuair atá oiread sin ardmheasa ar na gadaithe agus ar na súmairí idirnáisiúnta b'ait leat nach mbeadh an meas céanna ar na foghlaithe mara.

Is iad seo na mangairí saorfhiontraíochta par excellence. Ní íocann siad cáin, is iad atá beag beann ar thír nó ar stát, is iad is idirnáisiúnta ar bith.

De réir chóra, ba cheart go mbeadh a n-ainm in airde ar son a gcuid misnigh agus dánaíochta. B’fhéidir gurb é an difear is mó idir iad agus na caipitlithe eile, ná go ndéanann siad slad ar na daoine saibhre seachas ar na daoine bochta.

Is tuigthe nach bhfuil aon ní rómánsúil ag baint leo, go háirithe dá mbeadh siad ag déanamh ort lena gcuid gunnaí agus a gcuid claimhte. Formhór an ama is de thoradh gadaíochta a fuair siad seilbh ar a gcuid arm, leis; ní haon chabhair iad don saormhargadh a bhfuil a bhrath chomh mór sin ar dhaoine bochta d’fhonn a chuid earraí báis a dhíol.

READ MORE

Ina choinne sin, is deacair an miongháire sin ar imeall do bhéil a mhúchadh. Johnny Depp féin is i gcoinne taibhsí is mó a throid. Foghlaithe na Somáile is amhlaidh go bhfuil siad ag bruíon le cuid de na tíortha is cumhachtaí sa chruinne. Seán Fada Airgid agus an Captaen Crúca in aghaidh an tsaoil.

Is é dála an chorrmhíl is na heilifinte é. Caitheann na Stáit Aontaithe tuairim is 70 faoin gcéad den chaiteachas domhanda ar airm iad féin. Tá saighdiúirí nó pearsana armtha acu i dtrí cheathrúna de thíortha an domhain.

B’fhéidir leo sinn go léir a chur de dhroim seoil agus amach sa tsíoraíocht ach cnaipe nó dhó a bhrú. Gan dul i gcasarán scéil leis, is féidir le ceirtshlua amaitéarach lena gcuid maidí beaga iad a chloí is a chiapadh is a chlipeadh.

Is é sin le rá, táthar ag foghlaim go bhfuil teorainn le cumhacht. Scrios tuathánaigh bhochta Vítneam Meiriceá fadó riamh; chomáin sléibhteánaigh le cuaráin na Sóivéadaigh amach as an Afganastáin, agus imreofar an oidhe chéanna ar NATO luath nó mall.

Tá níos mó cumhachta ag na foghlaithe mara ina gcuid naomhóga ná mar atá ag na hollatancaeir lena gcuid ola. Is treise ar an bhfarraige iad ná lubbairí an talaimh go léir, agus moncaithe púdair á ndéanamh acu astu go laethúil.

Dar cníops agus shibhir mí timbirs, ach ní oigiséid ruma atá uathu ach slisne éigin den saibhreas atá ag seoladh ar na farraigí móra ag na foghlaithe airgid idirnáisiúnta.

Ní móide gur daoine deasa iad na féasóga dubha seo, ach níor dhuine ródheas é Francis Drake ná Henry Morgan ná Lochlannach ar bith de na gunnair agus na knuit agus na snorraithe agus na bjoirn arís a dhubhaigh cóstaí na hÉireann ar feadh i bhfad.

Is mar seo atá an scéal, gan amhras. D’fhéadfadh Meiriceá nó an Fhrainc cóir cam díreach An tSomáil a scrios go talamh ar maidin, dá mb’áil leo é. Mo leithscéal, tá an tSomáil scriosta go talamh ar aon tslí agus is beag rud eile ar féidir é a leagadh ann.

Nuair is fearann bán lom coscartha leachta atá fút níl aon tslí eile agat ach éirí sa tsaol. Nó sa chás seo dul amach. Nuair nach bhfuil buaile féin agat, ní féidir an dara suí a bheith agat ann. Nuair is tú umar na haimléise thíos tá chomh maith an t-umar a bhaisteadh.

Tá cuntas i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta sa bhliain 1926 ar mhuintir bhocht iarthar tíre: “Níl ach naomhóga agus curracha ag a bhformhór agus na líonta beaga féin, nílid ar fheabhas acu...tá (siad) teanntaithe sáraithe ar gach taobh ag cruatan agus ag anró an tsaoil.”

Samhlaigh duit féin dá rachadh muintir Uí Fhoghlú agus Uí Mhuir Chú amach ar an bhfarraige in aghaidh na mbád thar bráid, conas mar a bheadh geilleagar na mBlascaod, is Cléire, is Toraigh, is Árann anois!

Agus tá arm eile ag na míoltóga nach bhfuil ag na béisteanna móra. Tá, go bhfuil i bhfad níos mó díobh ann. As a mhuin sin, is é an daonra an t-arm is mó atá ag na pobail bhochta in aghaidh an domhain rófhorbartha.

Cuirtear naomhóg nó dingí rubair dá gcuid go tóin poill agus beidh a thuilleadh chugat ar íor na spéire. Déantar dochar do ghealchraiceann mí-ábharach amháin, agus beidh sé ar nuacht an domhain ar feadh seachtaine.

Ní mholfainn dul ag crúsáil thart timpeall ar chósta thoir thuaidh na hAfraice go ceann tamaill. Tá laethanta saoire níos fusa le fáil in Kabul.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar