Iarmhairt

CROBHINGNE: AR AN deireadh seachtaine seo caite bhí daoine ar fud na hEorpa ag comóradh ionradh na gcomhghuaillithe ar dhúnphort…

CROBHINGNE:AR AN deireadh seachtaine seo caite bhí daoine ar fud na hEorpa ag comóradh ionradh na gcomhghuaillithe ar dhúnphort Gearmánach na hEorpa.

Ar an lá céanna bhí an comhaireamh cinniúnach ar bun ina raibh muintir an Stáit ag déanamh ionraidh ar dhúnphort daingean an Rialtais. Lá stairiúil ba ea D-Day do mhuintir iarthar na hEorpa; tharlódh gur lá stairiúil ba ea lá an toghcháin, leis, bíodh is nár maraíodh aon duine fós.

Ní hé go bhfuiltear ag tuar bhás Fhianna Fáil go baileach bíodh is gurb é sin mian go leor den phobal, agus is cinnte nach Glas iad na cnoic i ngar dúinn.

Uaireanta nuair a bhuailtear an duine méadaítear ar an íota fola, agus níor ghá go mbeadh grinneall an ghriollta sroichte ag páirtithe an Rialtais fós.

READ MORE

Nuair a ghluaiseann pobal na hÉireann d’aon toil gluaiseann siad go lánsuite: cúlú na Gaeilge san 19ú haois, díbirt an tseanpháirtí lofa Réamonnaigh, tréigean na heaglaise Caitlicí le scór bliain anuas. Ní ina leathmhiosúir a dháilimid ár ndílseacht.

Tá an lá nuair gurbh fhéidir le Fianna Fáil bó a chur ag seasamh le súil is go vótáilfí isteach í ag dul ar gcúl, agus seoladh cuid de na gamhna tí a roghnaigh siad an t-am seo an doras amach.

Is í an cheist, áfach, ná cad tá curtha ag an bpobal ina áit?

An feabhas ar bith é ceilúrán nó iomráiteach teilifíse a mhóradh mar mhalairt ar an bpáirtí a dhíol a n-anam fadó ar son na gcultacha móihéir agus na léinte Charvet agus na ngraíonna gan cíos agus na dtógálaithe gan cead agus na mbancéirí gan stiúir agus sruth na meala gan chríoch?

Caithimid na milliúin gan áireamh ar oideachas, tá leabharlanna ar fail go flúirseach, tá léamh agus scríobh agus sás chun machnaimh ag an gcuid is mó den phobal, tá teacht ar eolas na cruinne ar an Idirlíon, tá díospóireacht bhríomhar go laethúil ar na meáin phoiblí, téann formhór na hóige go coláiste tríú leibhéil de shaghas éigin, tá forais taighde agus institiúidí léinn ar fáil dóibh siúd a bhfuil éileamh acu orthu, léitear nuachtáin go flúirseach, tá Pat Kenny agus Joe Duffy agus Marian Finucane agus Cathal Mac Coille agus Adhmhaidin agus Vincent Browne againn, agus ansin, gabhann daoine amach agus vótáileann siad Fine Gael!

Tá seo ar cheann de na rúndiamhracha is mó dá bhfuil ann ó nochtadh tríú rún Fatima. Uaireanta ba mhaith leat go mbeadh baint imeallach éigin, oiread na fríde de bhaint, fágála scramaireacht na hiongan de bhaint, ag an rud go dtugaimid ‘fianaise’ air le cinneadh daoine.

Is ar fhianaise a chrochann an córas coiriúil ar fad, is uirthi a bhraitheann an eolaíocht, is faoina stiúir a thiomáinimid gluaisteán, nó a shiúlaimid trasna an bhóthair, nó a ithimid bia ar chlár. Is fíor gurbh éigean, agus ba den deargriachtanas é, go dtabharfaí failpeadh agus flípeáil, giolcadh agus gleadhradh, cíoradh agus cárdáil, batráil agus bualadh d’Fhianna Fáil.

Ach cad é faoin spéir bhraonach a thabharfadh le fios do dhuine go ndéanfadh Fine Gael aon difear ar an talamh báite?

Is é a theastaíonn ó dhaoine ná go n-íocfadh an drong a dhein an mhísc as an dochar atá déanta acu don tír.

Teastaíonn ó dhaoine go bpionósfaí an aicme chlaimheach a dhein bradaíl ar a gcuid. Teastaíonn ó dhaoine gurb iad na gadaithe poiblí a d’íocfadh an mhaoin agus an t-airgead a ghoid siad ar ais. Tá sé chomh simplí sin.

Sea, sea, sea, tá a fhios againn, caithfear an caiteachas poiblí a laghdú, bladar, bladar, bladar, cuirtear airgead amú ar scéimeanna buile, blá, blá, blá, táimid ag maireachtaint os cionn acmhainne, tá a fhios againn. Ach ní hé sin an fáth go bhfuil an drochaigne ar an bpobal, ná an chuil, ná an conach buile.

Is é fáth na feirge fraochmhaire ná an carachaipitleachas, agus na comhthaláin chompordacha agus an slad gan náire a dhein siad ar sparán teann na tíre.

Cad é faoin spéir bhrónach a thabharfadh le fios do dhuine go ndéanfadh Fine Gael aon rud difriúil ar an gcré chráite?

Na carachaipitligh atá ag sleamhnú amach cúldoras Fhianna Fáil, nach bhfuil siad cheana féin ag gabháil timpeall an tí chun cnagadh ar dhoras tosaigh Fhine Gael?

Agus nach bhfuil carachaipitligh dá gcuid féin ag Fine Gael a d’fhan sa doircheacht ag liúirigh leis an ngealach leis na blianta agus a bheidh breá sásta feasta nach bhfeicfear iad laistiar de phána gloine ar bith?

Is maith ann don fhearg, ach d’oirfeadh beagán éigin den réasún, chomh maith.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar