Flaith deiridh na clainne

BEOCHEIST: NUAIR A thug an tUachtarán John F

BEOCHEIST:NUAIR A thug an tUachtarán John F. Kennedy cuairt ar Éirinn, rinne sé go leor tagairtí don gcúlra as a dtáinig a mhuintir féin, clann "phrionsúil" Uí Chinnéide, mar a thug sé go magúil orthu.

In óráid amháin, sa Dáil sílim, rinne sé cur is cúiteamh faoin gcineál saoil a bheadh aigesean dá mba rud é nár imigh a mhuintir ar imirce go Meiriceá.

Ag breathnú thart ar na Teachtaí Dála agus ar na comhairleoirí a bhí cruinnithe thart air, d’iarr sé orthu eisean a shamhlú ina shuí ar na binsí sin mar pholaiteoir Éireannach sa Dáil nó ar chomhairle. Ba mhór an gáire a bhain sé sin as an gcruinniú. Duine a raibh uachtaránacht na Stát Aontaithe bainte amach aige ag teacht trí chóras paroistiúil na hÉireann. A leithéid!

Ach, aisteach go leor, má thuig clann Uí Chinnéide aon rud faoin bpolaitíocht, thuig siad tábhacht an pharóiste agus léiríonn an greim stiúrtha a bhí acu ar pholaitíocht Bhoston gur chothaigh siad an teagmháil fhréamhach sin. Ní fheadar an óna seanathair “Honey Fitz” a bhí ina mhéara ar Bhoston a fuair siad é? Eisean aba ghaire don mbád imirce.

READ MORE

Más ag magadh a bhí JFK ina thagairt don gclann “phrionsúil”, thuig sé go paiteanta gur aithin a lán daoine tréithre flaithiúla air féin agus ar an gclann ar fad. Ní hé amháin go raibh siad dóighiúil, bhí siad éirimiúil chomh maith. Ní hé amháin go raibh siad saibhir, bhí an pholaitíocht san bhfuil acu.

Ar a bharr sin, bhí an uaillmhian as cuimse acu chun dul an bealach ar fad go dtí an Teach Bán. Is mar sin a tógadh na buachaillí. Má bhí máthair na clainne, Rose, ag súil go gcríochnódh duine de na deartháireacha ina shagart, ní raibh ag teastáil ón athair sean-Joe do na buachaillí ach an t-aicearra go Pennsylvania Avenue.

Is iontach an fhéinmhuinín agus an misneach a chuireadh sean-Joe iontu. Bhíodh sé meáite ar na leanaí a spreagadh agus a thraenáil chun ardoifig i seirbhís na tíre a bhaint amach. Ar dhíoltas é don ghráin dhearg a bhíodh ag na seanuaisle áitiúla ar na noveaux riches seo de bunadh Éireannach Caitliceach? Ní fheadar.

Ach nuair a toghadh John F. Kennedy mar uachtarán, bhí an prionsa tagtha i réim agus cuireadh tús le ‘Camelot’ cois Potomac. Aithníodh gur thug an t-uachtarán nua agus a bhanphrionsa álainn Jacqueline ardú meanma agus ardú caighdéain go Washington leo agus is le stíl a rinne siad é.

Thug JFK a dheartháir Bobbie leis go Washington mar Ard-Aighne agus, sa gcúlra mar chomhairleoir, bhí an deartháir eile Teddy. Bhí clann Uí Chinnéide tar éis fís an athar a fhíoradh. Ach ní uaillmhian chumhachta amháin a thug ann iad. Theastaigh uathu athruithe chun feabhais a thabhairt isteach, go háirithe i réimse na gcearta daonna.

Níor naoimh iad. Bhí a sciar féin de laigí acu. Ach ba dhaoine córa iad a bhí á dtiomáint ag ardphrionsabail agus ag aidhmeanna fiúntacha.

Nuair a feallmharaíodh JFK i nDallas, tháinig deireadh le Camelot agus chaill go leor daoine dóchas go bhféadfaí aon athrú chun feabhais a dhéanamh i Meiriceá.

Nuair a rinne an dara prionsa, Bobbie, iarracht teacht i gcomharbacht ar a dheartháir, tugadh deimhniú drámatúil don éadóchas sin leis an gcith piléar a leag eisean freisin.

Ní raibh fágtha ansin ach Teddy agus ba mhór an faoiseamh é nuair a thug seisean a chúl leis an gcathú a dheartháireacha a leanúint go dtí an Teach Bán. Ina ionad sin, líon an prionsa deireanach an chuid eile dá shaol le dea-obair chrua fhadálach agus le seirbhís gan staonadh a chuaigh chun leas Mheiriceá agus chun leas na tíre seo go háirithe. Rinne sé níos mó san obair reachtaíochta ná mar a rinne an bheirt eile le chéile.

Chuir an bás deireadh le saothar an tSeanadóra Ted Kennedy. Chaill Éirinn dlúthchara dílis agus chaill an domhan gaiscíoch a sheas ar son an chirt.

An rud a dúirt Teddy mar fheartlaoi faoina dheartháir Bobbie, is fior faoi féin í: “Is leor á rá gur fear maith, gur fear cóir a bhí ann.”

Mar a léirigh a shocraid, thuig Meiriceá agus an domhan mór an fhírinne sin. Tá an triúr prionsaí de chlann fhaithiúil Uí Chinnéide anois ina luí le chéile faoi chiúnas craobhach Arlington. Dóibh siúd a mhair tríd an tréimhse chorrach sin ó na 1960í, tá críoch curtha le scéal mór.

Tá an cúirtín titithe ar dhráma ina rabhamar uile páirteach agus ar am spleodrach nuair a ba bhreá a bheith beo. Níl de dhíth anois ach an ceol. An gcluineann éinne eile glór Ben E. King agus na focail tosaigh de Stand by Me? “When the night has come and the land is dark...”