Dán ag filleadh

Crobhingne: Is mó sin dáta atá cinniúnach i stair an chine

Crobhingne: Is mó sin dáta atá cinniúnach i stair an chine. Is nath anois againn Meán Fómhair 11ú amhail is gur athraigh an saol ar an maidin mhí-ámharach sin.

Ní luaitear aon Mheán Fómhair 11ú eile, gan amhras, ar nós maidin an dáta chéanna nuair a cuireadh rialtas Salvador Allende de dhroim seoil sa Chile, rialtas a ceapadh go daonlathach, agus táimid go léir ar son an daonlathais, nach bhfuil?

Deirtear, nuair a fiafraíodh de Chou En Lai na Síne, cad a shíl sé de Réabhlóid na Fraince, gur fhreagair sé go raibh sé róluath le haon bhreithiúntas a thabhairt. Bíodh nach bhfuil aon fhianaise againn air sin, is cuid den bhéaloideas anois é, agus is fírinní go minic an béaloideas ná fianaise ar bith.

Is é a bhí á mhaíomh aige go dtéann deasca an droch-bhirt i bhfad siar, agus iarsma an deaghnímh i bhfad ar aghaidh. Filleann an feall ar an bhfeallaire, nó tagann gach rud timpeall ina am féinig, nó casann rotha mór an tsaoil, nó an rud a bhí inné ina thalamh tirim tá anois ina ghaineamh shúraic. Níl aon fhadhb mhór idirnáisiúnta ann nach bhfuil a cuid fothaí suite go daingean in imeachtaí na gcéadta bliain ó shin.

READ MORE

Ceann de na blianta cinniúnacha sin ba ea 1492. Is cuimhin le gach buachaill agus le gach cailín scoile í de bharr gurbh í sin an bhliain inar sheol Críostóir Colom - tar éis dó cúpla paidir a rá i nGaillimh - trasna na mara móire agus gur ghabh port sna críocha a dtugaimid Meiriceá anois orthu.

Sa turas sin dó thóg sé teangaire leis Luis de Torres, a raibh Arabais aige, mar is amhlaidh gur síleadh gur "teanga den sórt sin" a bhí á labhairt ar an taobh eile den domhan.

Is é is dóichíde mar sin, gurbh í an Arabais an chéad teanga a labhair an tEorpach le bundúchasaigh an domhain nua nuair a chéadleag siad cos ann.

Is é oighear an scéil, gan amhras, ná gurbh í an bhliain chéanna sin 1492 inar thit Granada agus an Alhambra do Fheirdineand agus d'Isabella agus lean díbirt na neamhchreidmheach go ceann céad go leith bliain ina dhiaidh sin.

Nuair a bhí tús á chur le Plandáil Uladh agus Gaeil ag tabhairt na coille agus an chnoic orthu féin ar scáth choncais, caitheadh fuílleach na Múrach trasna an chaolais go dtí an Afraic "ar ais" - ar scáth niamhghlanta - agus anois tá siad ag filleadh!

Bíodh gurb ar éigean gurb í an Spáinn an stráice caol sin ar fud chóstaí gréine na tíre ina bhfuil an Béarla agus an Ghearmáinis in uachtar, is í an Arabais an teanga eile a chloiseann tú nuair a bhaineann tú an Sangria ded chluasa. Tá sí go tiubh ag lucht aonaigh is margaidh, ag lucht oibre, ag tógálaithe, ag sclábhaithe na monarchana, ag spailpíní feirme, ag piocadóirí ológ agus oráistí agus pócaí.

Is táire agus is boichte iad ná na giofóga, ach is líonmhaire. B'iad a thóg na lánaí cama agus na cuarchosáin agus na scriúscabhait ar sainmharc de chuid bhailte dheisceart na Spáinne iad, agus is ar na cúlráid agus na pasáistí thiar a ghabhann an athghabháil.

Is ar na mótarbhealaí agus ar an mbóthar ard agus ar an bpríomhpharáid a ghluaiseann an té atá in uachtar. Ní bhíonn aon Champs Elysses ag an gcogarnach ciúin ar an ród aneas. Tá guth na huaimhe agus an ghaineamhlaigh ag caint arís ina theanga rúnda féin, ach ní chloisfear é go mbeidh sé le feiscint.

Bhíodh nath ag Spáinnigh ghalánta an tuaiscirt a mhaígh: "Laisteas den Ebro, tosnaíonn an Afraic." Munarbh fhíor, is fíor anois.

Má tá bua Fheirdineaind agus Isabella á chealú go laethúil i mbolg na hEorpa, tá a ngníomh gabháltais á dhíscaoileadh uidh ar n-uidh i Meiriceá Theas. "Indiaigh" nó "leathfholaigh" ag teacht i gceannas go háitiúil ar fud na hilchríche, agus arb iad Hugo Chávez Venezuela agus Evo Morales Bholivia an comhartha is follasaí díobh. Trí chéad bliain faoin mbás; trí chéad bliain faoi chrá, agus dornán blianta ag teacht in uachtar.

Scríobh Austin Clarke dán dar teideal A Warning to Conquerors, ach ní móide gur léigh lucht rialtais riamh é, óir ní dual dóibh dán ná gaois ina gcuid tithe móra geala. Nó d'fhéadfaí línte Auden a chlódhó ar chloigeann gach impire: "I and the public know/What all schoolchildren learn/Those to whom evil is done/Do evil in return."

Ach uaireanta tógann sé na céadta bliain ar na dúrchloigne an méid sin a thuiscint.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar