Boilsciú grád

CROBHINGNE: TÁ CAINT ar siúl go tiubh le tamall maidir leis earra seo a gcaithimid “boilsciú grád” a thabhairt air ceal aon …

CROBHINGNE:TÁ CAINT ar siúl go tiubh le tamall maidir leis earra seo a gcaithimid "boilsciú grád" a thabhairt air ceal aon téarma oiriúnach eile, agus ní miste a rá go bhfuil cuid mhaith den chaint tiubh go maith, leis. Lá dá saol é do lucht figiúr agus staitisticí agus an cleas sin a mbíonn tochas ina méireanta istigh.

Tá chomh maith, áfach, an fhírinne lom a leagadh ar chlár i dtosach agus a admháil go bhfuil a leithéid ar siúl, agus ar siúl le fada an lá. Is ea, agus is ea, leis, is fíor go bhfaigheann sciar i bhfad níos mó de mhic léinn onóracha agus ardonóracha idir scrúduithe stáit agus scrúduithe ollscoile agus scrúduithe choláistí teicneolaíochta ná mar a d’fhaigheadh scór bliain ó shin.

Ceist eile ar fad is ea cad ina thaobh agus cad is brí leis? Éalú bog amach as an ngaiste is ea a rá go bhfuil an cheist i bhfad níos casta ná mar a léiríonn na figiúir, ach sa chás áirithe seo is fíor go héag é. An túisce is a tharraingíonn tú an focal gránna sin “comhthéacs” chugat, faigheann daoine boladh an leithscéil láithreach.

Fág na scrúduithe stáit i leataoibh na slí go fóill, is é comhthéacs é ná go raibh tráth ann nuair a bhain an ollscolaíocht agus na coláistí eile sin a bhraitheann ciontach nach ollscoileanna iad, gur bhain siad leis an mbeagán. Agus an beagán áirithe sin bhíodh siad éirimiúil, nó neachtar acu, bhíodh airgead ag a muintir.

READ MORE

D’imigh sin, agus tháinig seo. Is é seo é seo ná an chaoi atá ag nach mór an uile dhuine oideachas tríú leibhéil a fháil, agus gurb é an gnáthnós anois geataí na meánscoile a fhágaint id dhiaidh agus triall ar dhorchlaí na hollscoile láithreach. Ní don óige feasta an cúngoideachas pribhléideach sin.

Ba cheart, déarfá, nach n-athródh sin puinn an t-earra eile úd a mhúsclaíonn beacha na feirge, is é sin, “caighdeán”. Go deimhin, ba dhóigh leat nuair a thiocfadh an crú ar an gcos, dá mbeadh na seanchaighdeáin sin i réim, go mbeadh na sluaite a thagann isteach sa bhfómhar á sluaisteáil amach arís tar éis a dteipe an samhradh dár gcionn. Arís, ar ais, is é lomchlár nocht na fírinne nach bhfuil na caighdeáin chéanna i bhfeidhm. Níl gar á séanadh.

Tá cúis leis sin, áfach. Baineann cuid de le nádúr na hollscolaíochta, agus cuid eile le nádúr caighdeáin.

An túisce is a thosnaigh na hollscoileanna ar chluiche na gcorparáidí a imirt, ba chuid de chultúr na gcorparáidí sin iad. Má théann tú isteach i mbéal an leoin, ná bíodh ort aon iontas má bhaintear greim marfach asat, agus ná bí ag gearán gurb iad béasa na béiste a bheidh i bhfeidhm feasta.

Más é an comórtas i léig peile domhanda na hollscolaíochta an tslat tomhais phríomha, is slat í a dhéanfaidh tú a sciúirseáil luath nó mall. Brúnn an comórtas corparáideach buile seo na marcanna in airde mar a bhrúnn an goirín angadh.

Tuilleadh fós, samhlaítear gurb earra meitifisiciúil daingean réalaithe é caighdeán. Ceaptar gur féidir breith air, é a reo, biorán a chur tríd agus a choimeád faoi ghloine. De ghnáth is é is caighdeán ann an sórt foghlama a dhein an ghlúin ceannais agus é á shairsingiú arís acu ar a gcuid mac léinn. Is é is caighdeán barrshamhailteach ann ná an rud a bhí ann nuair a bhí an léachtóir óg, an saol geal, an samhradh te, agus gach duine sa rang go hiontach.

Is lánait ar fad mar atá gach glúin níos measa ná an ghlúin a chuaigh roimpi, agus fós féin tá fionnachtana nua á ndéanamh, agus leabhair níos fearr ná a chéile ag teacht ina gcaisí. Dá mb’fhíor go raibh na caighdeáin ag titim ar fud an bhaill, is sinn a bheadh in anacair an aineolais i bhfad roimhe seo. Is é an cás é go n-athraíonn an tuiscint ar cad is caighdeán ann gach re glúin, nó níos minicí fós. Níorbh ionann caighdeán an léinn nó na scoláireachta sa 17ú haois, agus san 18ú haois.

Níorbh ionann an t-éileamh a dhéantaí ar chlann mhac na n-uasal (agus is clann mhac a bhíodh i gcónaí ann) sa saol bog a bhíodh acu sna hollscoileanna breátha ársa ar fud na hEorpa i lár an 19ú haois. Féach leat cuid de na tráchtais iarchéime a déanadh in ollscoileanna na hÉireann, abair, 100 éigin bliain ó shin. Ní bhfaigheadh cuid acu bheith istigh ar bhruach an léinn anois.

Is é an rud amháin is luachmhaire ar fad ná cad tá foghlamtha ag an mac léinn. Is féidir éadach an ghráid a ghearradh pé áit is mian leat. Is é a mheánn ná conas mar atá mac léinn ar bith i gcomh-mheas le lucht a chomhaimsire.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar