Ag léirsiú i Londain ar son Ghaza

BEOCHEIST: An Luan (an tríú lá de bhuamáil Ghaza

BEOCHEIST:An Luan (an tríú lá de bhuamáil Ghaza.) Iarnóin: Ar shráid chiúin os comhair Ambasáid na hÉigipte, gar do Hyde Park, Londain. Slua de thart ar 250 duine bailithe taobh thiar de chonstaic, beirt phóilíní ag doirse na hambasáide, á gardáil, suas le scór póilín eile ag coinneáil súil ar chúrsaí.

Fear le meigeafón ag gríosú an tslua – fir óga don chuid is mó, ach mná, freisin, lena bpáistí – i mBéarla is in Arabais. Tá siad ag iarraidh go n-athosclófaí an teorainn idir Gaza agus an Éigipt ag Rafah, i measc rudaí eile. Seachas roinnt de na póilíní is mé féin, ní fheicim aon duine geal eile ar an láthair.

As radharc ón slua, bean is triúr páistí ag teacht amach trí thaobhdhoras na hambasáide agus ag brostú isteach i gcarr – an tiománaí ag fanacht, réidh le himeacht. Cúpla uair an chloig níos deireanaí. Taobh amuigh den Ambasáid Iosraelach i Kensington. É dorcha anois agus slua de bhreis is 2,000 duine ag síneadh trasna na sráide ó gheataí arda na hambasáide.

Na scórtha póilín ar dualgas, héileacaptar ag eitilt timpeall. De réir tuairisce sa London Evening Standard, tharla roinnt eachtraí foréigneacha ag agóid na hoíche roimhe agus meastar go mbeidh póilíní círéibe ar an láthair, ach má tá, níl siad le feiceáil.

READ MORE

Daoine de gach cine is creideamh páirteach san agóid seo. Palaistínigh, cuid acu ag iompar bratacha dubh, dearg, uaithne is bán; Moslamaigh; Críostaithe; baill de ghrúpaí polaitiúla éagsúla. “Free, free Palestine,” á chanadh.

Beirt fhear – seanfhondúirí léirsithe den chineál seo le breis is 40 bliain – ag plé céard a dhéanfadh siad chun teacht slán dá mba rud é gur bhog na póilíní isteach ón dá thaobh leis na léirsitheoirí a scaipeadh, mar a tharla an oíche roimhe.

George Galloway, MP, i mbun comhrá le cúpla duine ag cúl an tslua. Naonúr Giúdach ceartchreidmheach, gléasta ina hataí is ina gcultacha dubha, ag scaipeadh bileoga is ag iompar fógraí – “Judaism rejects the Zionist state its warmongering” – scríofa orthu.

Ar imeall an tslua, fear sna 30í (Éireannach, mar a tharlaíonn) a dhroim le balla is é á cheistiú is á chuartú ag beirt phóilíní. Leantar leis an cheistiú ar feadh deich nóiméad agus freagraíonn an tÉireannach iad go béasach, ag rá nach bhfuil aon rud as an mbealach déanta aige.

Níos deireanaí, suite ar an Tube, bean agus cuma thraochta uirthi, fógra lena taobh is é scríofa air go gcáineann sí, mar Ghiúdach, na hionsaithe ar Ghaza.

Dé Máirt (an ceathrú lá den bhuamáil.) Roimh dheireadh an lae beidh 360 duine marbh i nGaza. Kensington. Tráthnóna. Slua i bhfad níos lú ná mar a bhí an dá lá roimhe taobh amuigh den Ambasáid Iosraelach – iad coinnithe siar ó na geataí. An trácht ábalta fáil tríd. An chuma air go bhfuil an oiread póilíní i láthair is atá léirsitheoirí. Póilín amháin ag dul thart le ceamara, ag tógáil grianghrafanna de lucht na hagóide.

Thart ar a cúig a’ chlog, fógraítear go bhfuil léirsiú beartaithe don Satharn i Trafalgar Square, agus scaipeann an slua. Déanann cúpla scór acu a mbealach i dtreo stáisiún na traenach, buíon mhór póilíní á leanúint de chois agus i veaineanna.

Iarnóin, Dé hAoine. (Breis is 400 marbh i nGaza faoin am seo.) Suas le 400 duine bailithe taobh amuigh d’Ambasáid na hÉigipte. Beagnach an oiread chéanna póilíní ar dualgas, a gcuid veaineanna páirceálta sna sráideanna galánta ciúine máguaird. Níos mó éagsúlachta le feiceáil i measc an tslua ná mar a bhí ag tús na seachtaine.

Bratacha na Palaistíne in airde. “Free, free Gaza now,” “Open Rafah now” agus “Shame on You,” á chanadh. Bean le meigeafón ar imeall an tslua. Tosaíonn sí ag glaoch amach “Israel! Israel! Nazi state!” ach ní leanann ach cúpla duine í agus, tar éis iarracht nó dhó eile, éiríonn sí as.

Dhá mharc dhearga, ar nós fola, ar bhalla na hambasáide, áit ar caitheadh péint leis. Nuair a sheasann George Galloway suas le labhairt, glaonn bean in aice liom amach: “You traitor, Galloway. Let’s hear you condemn Israel.” Labhrann se ar feadh cúpla nóiméad. Tá Iosrael freagrach as dúnmharú i nGaza, a deir sé.

Aerfort Heathrow. Tráthnóna Sathairn. Meastar go bhfuil breis is 500 duine maraithe i nGaza faoin am seo. Breis is 40,000 duine a bhailigh i Trafalgar Square, de réir Observer an lae dár gcionn. Cúpla uair an chloig níos deireanaí, ar scáileáin teilifíse ar fud an domhain, feictear arm Iosrael ag gluaiseacht thar teorainn isteach i nGaza.