Loinnir

Dán le Éire Ní Fhaoláin, 17 bliana d’aois, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Loch Garman

Tagann sreanga lonrach i dtír ar an gcladach.

Cogar meidhreach, ar bhruach scéal éigin.

Breicne órbhuí, gaineamh smálaithe;

Gan chorraí, sliogán sioctha.

Ardaíonn an t-olagón, an scamall tiubh;

An ghrian ghlórach i lár na spéire,

Agus í á casadh i dtreo nuacht éigin,

Á spreagadh spéis an daonra.

Labhair rud beag leis an ngealach,

In ionad a bheith ag fámaireacht.

Ag aislingeacht faoi réalta amháin.

Laochra lag,

Ag lasadh na spéire.