Iomann naofa daonna don athbhliain

CROBHIGNE: Creidim san aon chineáltas amháin, sa charthanacht uilechumhachtach, a ghluaiseann bodhar agus balbh, agus san uile…

CROBHIGNE:Creidim san aon chineáltas amháin, sa charthanacht uilechumhachtach, a ghluaiseann bodhar agus balbh, agus san uile shuáilce eile nach bhfuil aon ainm againn orthu.

Agus creidim in aon chine daonna amháin, mic agus iníonacha agus ginte Dé a tuismíodh san Afraic sula raibh aon scaipeadh daoine ann, agus inar fhoghlamaíomar ó bhéal go béal, idir hólas agus bhólas, agus atá ar chomhshubstaint leis an gcruinne féin.

Agus creidim sna deabhéasa, san fhocal molta, sa tuiscint faoi leith. Sa duine le Dia, sa naomh gan dochar, sa mheatachán saighdiúra, sa bhean rialta a dhéanann peaca, sa pholaiteoir le prionsabail, sa pholaiteoir le prionsabail a leanann iad, sa phríosúnach neamhchiontach, sa dán díreach cam, san léithe i lár an ghealais, san eiriceach nár chaill an creideamh, sa mhacrud foirfe, sa séú toise, sa taibhse naofa, san fhreagra nach bhfuarthas fós, san fhocal a ligeadh i ndearmad, sa síscéal réadach, san airgead a chuaigh amú, san fheirmeoir nár thomhas an ghé ná an gandal, sa chéastóir nár chodail istoíche, sa ghrásta seansúil.

Is féachaim le súile glé ar an ród seo romhainn, ar shúile lonracha an linbh, ar an tslat nár bhuail, ar an ngáire a bhriseann an gramhas, ar scrimh ingne na gealaí, ar an neantóg aníos sa choincréit, ar an gcoincréit anuas ar an ngairdín, ar an maoithe sa chloch, ar an seangán a smaoinigh dó féin, ar iontas na maidne amárach, ar na haingil foighdeacha, ar an gcasadh sa bhóthar, ar an gclampar a cloíadh, ar na healtain ealaíonta, ar bhainne geal na bó duibhe, ar dhá dtrian den damhsa, ar an éadromluí trom, ar an mothall i lár na loighice, ar an mbeach a thug bronntanas dá cealg don cholúr bán, ar an sruthláil nach bhfeadair aon duine cad í, ar an tachtadh nach ndéantar bíodh an fonn sin go fíochmhar ort.

READ MORE

Agus molaim go mórfaí choíche an smaoineamh geal a ghintear san oíche, an charthanacht a síntear thar pharóiste amach, an suaimhneas a thagann i ngan fhios, an duais nach bhfuil agat tuillte, an scuab chomh maith leis an sop, an tine a fhadaítear faoin loch, an chuing a scaoiltear, an ruidín a fágadh ar leac an ospidéil, allas an tsneachta bháin, an plean a chomhlíontar, an mhallacht nár chualathas, an blas ar pholl na cáise, an dornálaí nár chuir fiacail ann, an taidhgín nár aithin tadhg, an seo is siúd gan an eile, an sonas nach raibh an donas ina orlaí tríd.

Is guím rath is séan go fiata ar oscailt an doirn iata, ar an bhfáiltiú go croíúil, ar an gcleas le greann, ar mheangadh an tseanóra, ar an doirbhuíoch nár chaill an dóchas, ar an duine thiar nár theip, ar an bhfocal milisbhriathrach a labhartar go dáiríre, ar an ding gan deann, ar an tuiscint mhodarshuaite, ar an rud nach gá is nach luaitear, ar an leiceann thall.

Agus sirim chugainn don tréimhse romhainn an rabharta dea-thola, na teangacha ar lasadh, an tobar fliuchgheal, an ghaoth bhog sna duilleoga buí, an deoir aoibhnis sna féitheacha, cór na n-éan faoi bhun na néalta, trumpa na maidne i rith an lae ar fad, spíosraí na gréine nuair is lú do choinne leo, na saoithe ag ceol agus rud éigin le rá acu, préamhacha ag siúl is ag eitilt, radharcanna daite trí thine, dánaíocht gan teorainn, scáileanna nach nochtann iad féin, macallaí na draíochta ag bualadh le trá, nóiméid ag cur thar maoil, sciatháin taibhseacha nach féidir iad a fhilleadh go furasta.

Is sléachtaim roimh na nithe go léir nach dtuigim, roimh an spiorad a ghluaiseann ar na huiscí, an salm a chanann an t-asal, an bóthar a théann le faill, lúcháir na carraige sa samhradh, friotáil na n-iasc ar an bhfarraige, intinn Freud, peileadóirí Chill Chainnigh, séanas i mbéal Phoncánaigh, taibhreamh na habhann ón sliabh, céimseata an cháithnín sneachta, fiacail an pheaca sa ghaoith ón gcnoc, na haingil nach ligimid isteach, na heireabaill a chailleamar, sásamh an chaonaigh ar an gcloch, an folús idir dhá chamóg, an ribe rúnda sa chairpéad Peirseach.

Agus déanaim gairdeas ar son an lae seo amháin, agus buíochas don lá amárach, agus amanathar, agus amanairis, agus don dóchas síoraí a éiríonn aníos ina bhuinne mar mhalairt ar a mhalairt, don chiall gan bhrí a shnámhann timpeall orainn, don bhéal caoin a bhogann cruas, don bheatha atá á snoí le lúcháir, don Ádhamhchlann a éamhann le haigeantacht, don mhóriontas nach féidir a bharraíocht, don sult atá i mbaclainn an tsuaircis, don charadas a cheolann go fiú is an port as tiún, don mhaise neamhchoitianta nach meastar, don bhreáthacht amscaí a bhfuilimid go léir páirteach inti, agus don athbhliain féin gurb é athbhliain na n-athbhlianta í.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar