Dramai den scoth

Wed, Oct 13, 2004, 01:00

Dhá léiriú den scoth - Anraith Neantóige le Celia de Fréine (Aisling Ghéar a léirigh) agus Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir (Taibhdhearc na Gaillimhe a léirigh) - a chuir críoch leis an mhionfhéile drámaíochta Ghaeilge, Borradh Buan, a bhí ar siúl san Ionad Ealaíne Axis i mBaile Munna, Baile Átha Cliath an tseachtain seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Chruthaigh de Fréine go minic go raibh ar a cumas friotal filíochta a chur ar mhothúcháin mná agus is é baois agus barbarthacht na cogaíochta agus dearcadh na mban ina leith is ábhar do Anraith Neantóige. Tá beirt bhan ina gcónaí le chéile in áit iargúlta ar an sliabh, áit a shíleann siad bheith measartha slán ó na buamaí atá ag titim mórthimpeall orthu. Tagann fear óg aníos ón chathair chucu ó am go céile chun bia a thabhairt dóibh agus siamsaíocht a chur ar fáil.

Ach má thagann saighdiúir ar bith, d'aonturas nó de thaisme, ar an láthair bíonn cleas ag na mná chun fáil réidh leis, is cuma cén taobh lena mbaineann sé. Ach tagann saighdiúir nach mbaineann le taobh ar bith agus a thriaileann cleasanna éagsúla chun an triúr a mhealladh chun é a scaoileadh saor.

Bhí an aisteoireacht thar barr, go mórmhór aisteoireacht Dorothy Cotter i bpáirt Aimée, an cailín óg ón chathair a bhí tráth ina múinteoir scoile agus Máire Hastings i bpáirt Vera, an tseanbhean a bhfuil gaois mhuintir na tuaithe aici agus atá réidh saighdiúir ar bith a thagann ina haice a mharú gan trua gan taise.

Má tá locht le fáil agam ar an dráma is é nach raibh an bhearna shóisialta idir an bheirt bhan le sonrú ina gcuid cainte. Chonacthas dom gur teanga mheánaicmeach a bhí i mbéal na beirte, bíodh gur teanga fhileata chumhachtach í.

Nuair a léigh mé den chéad uair úrscéal Bhreandáin Uí Eithir Lig Sinn i gCathú níor thaitin sé liom.

Cé gur aithin mé an sárchumas a bhí san údar chun scige a dhéanamh faoi dhaoine postúla, shíl mé go ndeachaigh sé thar fóir agus go raibh barraíocht béime ann ar shuarachas an tsaoil.

Tar éis dom an cóiriú stáitse atá déanta ag Darach Mac Con Iomaire a fheiceáil tá rún agam an leabhar a léamh arís.

Ba mhór an dúshlán aige úrscéal a bhí suite sa bhliain 1949 agus a raibh an oiread sin pearsan ann a chur in oiriúint don stáitse.

Baineadh siar asam nuair a thuig mé nach raibh ach ceathrar aisteoirí ann chun na páirteanna ar fad a dhéanamh.

B'iontach mar a d'éirigh le Darach Ó Dubháin iompó ó bheith ina shagart cráifeach a bhí ag iarraidh comhairle a leasa a chur ar a dheartháir, Máirtín, (Marc Mac Lochlainn) go páirt an bhean tí sa teach lóistín suarach ina bhfuil Máirtín agus a chara Billy (Eoin Mac Diarmada) ag stopadh go bacach sráide.

B'iontach mar a d'éirigh le Brídín Nic Dhonncha gothaí na mná óige a bhí chun Máirtín a mhealladh isteach sa leaba léi a chur uirthi agus ansin geansaí iománaí a chur uirthi agus páirt an imreora is gránna ar an pháirc a ghabháil di féin.

Is iad na haisteoirí féin a d'aistrigh an trealamh stáitse thart chun athrú suímh a chur in iúl, rud a rinne siad go paiteanta gan cur isteach ar insint a scéil.

Mura mbeadh ann ach léargas a fháil ar a bhfuil ar chumas léiritheora le samhlaíocht a dhéanamh le foireann bheag b'fhiú go mór an léiriú seo a fheiceáil.