An réabhlóid

Tue, Oct 16, 2012, 01:00

BEOCHEIST:NÍL FÁGTHA agat ach cúig lá. Is fíor go bhfuil deich mbliana de chomóradh os ár gcomhair amach, ach sula mbuailfidh tuirse chuimhneacháin thú, buail isteach go Gailearaí Hugh Lane.

Tá taispeántas ar siúl ann faoi láthair dar teideal “Revolutionary States: Home Rule and Modern Ireland” agus is fiú go mór dul ag féachaint air, sula gcríochnóidh sé ar 21ú Deireadh Fómhair.

Dhéanfá dearmad go raibh píosa craic iontu – an dream seo a bhí thart ag tús an chéid seo caite. B’in rud ba mhó a chuir iontas orm ag an taispeántas. Gan dabht, níl aon easpa portráidí foirmeálta, staidiúla, fiú, ach ba mhó spéis a chuireas sna cartúin.

Grace Gifford Plunkett ag magadh faoi Edward Martyn, ar a ghogaide ramhra i bPáras, ag diúltú breathnú ar Pharisienne galánta, cuma stuacach ar a aghaidh – “Edward Martyn Having a Week of it in Paris”.

Agus is geall le cartún an phortráid de J. P. Mahaffy, é suite go postúil, grainc ina éadan, fuarchúis ina shúile caola. B’fhéidir nach bhfuil san féaráilte? Ach cuimhnigh gur fear é seo a dúirt nach mbainfeadh bás na Gaeilge deoir as a shúil, mar sin maith dom mo chlaontacht.

Chaitheas tamall ag féachaint ar an síochánaí Francis Sheehy Skeffington, (fear a thuig comhionannas na n-inscní chomh domhain sin gur ghlac sé le hainm a mhná). Ba i 1916 a chríochnaigh Sarah Cecilia Harrison a phortráid, an bhliain ar maraíodh go héagórach é.

Ba dheacair gan suntas a thabhairt don idéalachas ag lonrú ina shúile, agus dá fhéasóg ar stíl na 1960í. Go deimhin, bhí cuma John Lennon ar an bhfear céanna, go háirithe agus na spéaclaí ciorclacha a bhí air sa phictiúr.

Cosúil le Sheehy Skeffington, bhí éirim mhacánta den tsaghas chéanna le sonrú ar aghaidh Horace Plunkett, fear na gcomharchumann talmhaíochta.

Is dócha go bhféachaimid ar na portráidí seo trí phiosma an eolais bheathaisnéisigh atá againn ina dtaobh. Sin an fáth, b’fhéidir, gur féidir cuma ghéilliúil, chloíte a shamhlú ar ghnúis John Redmond, sa phictiúr a phéinteáil John Lavery i 1916. Ar thuig sé faoin dtráth seo go raibh a chath i gcomhair Rialtas Dúchais geall le bheith caillte aige?

Tá na mná le feiscint chomh maith sa taispeántas seo – i measc na n-ealaíontóirí (Sarah Ceclia Harrison a luadh cheana, Sarah Purcer agus Mary Duncan), agus, go deimhin feictear mná ina gcuid portráidí féin. Tá Constance Markievicz ann agus Maud Gonne, dar ndóigh, ach tá Jane Barlow ann, ina dteannta – úrscéalaí agus file a mhair i Rath Eanaigh agus a scríobh faoi thuathánaigh na hÉireann.

Léirítear na tuathánaigh seo freisin sa taispeántas: tá The Potato Digger le Paul Henry ann, maraon le An Aran Fisherman and His Wife le Seán Keating, íomhá nach bhféachfadh as áit i bhfógra Versace do shéasúr an gheimhridh.

Sa tréimhse seo a fheictear idéalú ar an tuathánach san Iarthar, idéalú a threisigh sna blianta ina dhiaidh sin, agus ar nocht Myles a áiféis dúinn. Tá áiféis agus ábhar grinn i gceist le stair an ghailearaí sa tréimhse seo agus tá san léirithe go maith sna cartúin a bhaineann le Hugh Lane féin.

Mara bhfuil deis agat dul chomh fada leis an nGailearaí Hugh Lane, tá blaiseadh den tréimhse chéanna ar fáil sa leabhar Beirt Bhan Mhisniúla le Pádraig Ó Siadhail. Geallaim duit nach dtabharfaidh tú faoi deara gur leabhar Gaeilge atá á léamh agat – tá sé chomh maith san! Scéal nach-bhfuil-iomlán-fíor, le cur leis an iliomad scéalta nach-bhfuil-iomlán-fíor i dtaobh Phádraic Uí Chonaire.

Déantar iniúchadh ar an gcaidreamh (ficseanúil) a bhí idir an Conaireach agus Caitlín Ní Aodha. Ceanadach ba ea Katherine Hughes/Caitlín Ní Aodha, lenar scríobh Ó Conaire an dráma The Cherry Bird.

Bhí Hughes féin gníomhach i gcúrsaí polaitíochta agus cultúrtha in Éirinn lena linn, ach tá sí ligthe i ndearmad. Tá scéal comhthreomhar fite tríd an úrscéal, a nochtann an scoilt a bhí le teacht sa pholaitíocht.

Aithneofar ainmneacha eile sa leabhar – Samuel Beckett agus an Dochtúir Kellog ina measc – agus, cé gur leabhar fiscin é, tá a chuid taighde déanta ag an údar, agus braitear fuinneamh agus díograis na gluaiseachta sa leabhar seo.

Meabhraíonn an leabhar seo gné iolraíoch na tréimhse dúinn, gurbh iomaí saghas duine a bhí páirteach sna gluaiseachtaí éagsúla ag tús an chéid seo caite. Agus is é sin an rud céanna a chuireann an taispeántas abhaile orainn.

Aithnítear ainmneacha na bpearsa stairiúla sna híomhánna ach is iontach mar a éiríonn leis an taispeántas beatha na ndaoine sin a chur os ár gcomhair, maraon le neart agus brí na tréimhse inar mhair siad. Thar aon rud eile, is deacair gan suntas a dhéanamh d’éagsúlacht agus d’iolrachas na ndaoine a bhí gníomhach sa saol poiblí ag tús an chéid seo caite.