An Ceapaire

Ba mhó an scanradh a bhí uirthi roimh na tuismitheoirí ná roimh na daltaí go minic.

Bhí an tráth sin tagtha i dtimpeall bliana na scoile. An Nollaig arís. Coirm cheoil agus dráma agus bronntanais ó na daltaí, is é sin, ó na tuismitheoirí.

Rang meascaithe a bhí aici i mbliana. Ní raibh an faisean nua sroichte chucu fós go nglaofaí as a hainm í, go dtabharfaí Fionnuala uirthi. An Mháistréas Fionnuala. Níor neamhbhinn léi é, ach mar sin féin bhí taithí riamh aici ar an Máistreás Uí Fhearghail.

Ní rang meascaithe idir chailíní is bhuachaillí a bhí i gceist, bhí lántaithí aici ar sin. Ach meascaithe idir aicmí, rud nár dhual. Dream deas meánaicmeach a raibh dúil ag a bhformhór san oideachas is mó a bhí aici le cúpla bliain. Daoine a raibh leabhair acu sa bhaile, go fiú is mura léití iad. Ba mhó an scanradh a bhí uirthi roimh na tuismitheoirí ná roimh na daltaí go minic.

Ach tharla láthair nua tithíochta i ngar don scoil, tithe don phobal, tithe sóisialta mar a thug na meáin orthu, ach go díreach tithe do na daoine mar a bhí riamh in aon tír shibhialta ar domhan, dar léi. Ba mheasa fós, dar le cuid de na múinteoirí, gur tugadh cead d’ionad lonnaithe lucht siúil a chur ar imeall na n-eastát nua.

READ MORE

Bhí cuid acu ina rang féin. Beirt d’fhonn a bheith cruinn. Ní raibh aon chaill orthu, dar léi féin, iad béasach, éirimiúil, suim acu ina gcuid ceachtanna.

B’in cúis eile nár thaitin nós bhronntanais na Nollag léi. Bhí páistí ann nach raibh sé d’acmhainn acu ná ag a dtuismitheoirí aon rud a cheannach dóibh féin, gan trácht ar fhéirín don mhúinteoir. Ní raibh an bheirt ón lucht siúil mar sin, agus bhí daoine ba mheasa as ná iad sa rang.

Coilmín, mar shampla. Buachaill beag, is é sin, buachaill ba lú ná na buachaillí eile sa rang. Ceal bia, ná cothú ceart, shíl sí. Is é a bhí mílítheach agus ba chuma nó cipíní a dhá chois. Ba léir gur mhinic ocras air.

Tháinig na bronntanais mar sin féin. Cúrán is mó, agus boscaí seacláide. Tháinig dearbháin áiseach i gcónaí. Fuair sí ceann bliain amháin ar son laethanta saoire faoin ngrian ó thuismitheoirí gustalacha a raibh a n-iníon chomh dána muinéalramhar le baincéir ar bith. Ach gréibhlí agus giúirléidí don chuid is mó a dáileadh uirthi. Is í a bhí buíoch, ach beagán míchompordach ag an am céanna.

Nuair a bhí an rang imithe amach chun an chlóis am sosa chonaic sí go raibh Coilmín ina shuí leis féin agus é nach mór ag gol.

Shuigh sí síos ina aice agus d’fhéach go cineálta air. ‘Cad tá ort, a stór? Níl tú istigh leat féin. Is féidir leat labhairt liomsa.’

Ní buachaill cainteach a bhí ann agus bhí a fhios aici go mbeadh uirthi na focail a mhealladh as, beag ar bheag. Bhí na deora móra boga ar tí titim, nuair adúirt sé: ‘Tá brón orm, a Mháistreás. Níl aon bhronntanas agam duit.’

Ba dhóbair di féin deora a shileadh ar chlos na bhfocal sin.

‘Tá’s agat gur cuma liomsa faoi na bronntanais. Bronntanas ann féin tusa a bheith sa rang agam. Imigh leat amach, agus déan dearmad ormsa!’

Ba mhór idir na daltaí. Bíodh gur eachtra bhuile a bhí ann, b’éigean di gáire a dhéanamh léi féin nuair a chuimhnigh sí ar an gcailín a thug smidiú di an bhliain cheana. Aghaidh chomh neamhurchóideach le pláta uirthi nuair a tháinig na focail uaithi: ‘Dúirt mo mháthair nár oir sé di nuair a bhain sí triail as.’

Ag am lóin bhí bronntanas eile fágtha ar an deasc di. Páipéar go garbh timpeall air. D’oscail.

Ceapaire ime a bhí ann agus nóta leis. ‘Nollaig shona ó Choilmín.’

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar