Rún Sailí

B’ait liom go ndiúltódh údar ar bith saothar dá cuid a bhac i dteanga ar bith

Sally Rooney. Grianghraf:  Nick Bradshaw/Irish Times

Sally Rooney. Grianghraf: Nick Bradshaw/Irish Times

 

Ní foláir dom a rá gur baineadh geit asam nuair a leigh mé gur dhiúltaigh Sally Rooney cead don úrscéal is déanaí dá cuid a bheith aistrithe go hEabhrais. B’eo mé ag taighdeadh liom faoin intinn féachaint an ndiúltódh úrscéalaí Ultaise saothar dá chuid a aistriú go Leipreacháinis. B’fhéidir é.

Agus b’eo mé arís ag ransú liom trí ghoirt fhada m’aineolais ar son na seoda uile go léir atá sa teanga sin. Is ea, rith seanTiomna an Bhíobla liom, na scéalta sin go léir faoi Ádhamh agus Éabha agus an Nathair Nimhe agus Maois, ba san Eabhrais a cumadh iad sin ar fad ar tús. Na sailm áille sin a chantar ag bainis nó sa séipéal, ba san Eabhrais a chéadtháinig siad amach as an scornach go domhain go fiú más aoirí gabhar a cheap ar tús iad.

B’ait liom go ndiúltódh údar ar bith saothar dá cuid a bhac i dteanga ar bith. Ba bhreá liom féin go n-aistreofaí ‘An Fear Dána’, nó mo ‘…liricí gearra’ féin go Sínis in ainneoin go gceapaim gur barbaracht ghránna atá a himirt ar na hUíghir agus gur dóigh liom nach bhfuil de ghaois ag Confucius ach a bhfuil i leabhar seanfhocal ar bith.

Ach ansin, leáigh na cinnteidil mhóra, shíothlaigh na bloclitreacha i leataoibh, chuathas laistíos den screamh scréachach. Fuaireamar amach nach raibh Sally in aghaidh a saothar a bheith san Eabhrais in aon chor, ach nach raibh sí toilteanach foilsitheoir Iosraelach é a fhoilsiú.

Seo í an áit ball díreach a ngabhann an t-earra a dtugtaí ‘caolchúis’ air fadó an doras amach.

An bhean bhocht - bhuel, ní shílim gur bocht atá sí le fírinne - níor thúisce na cinnteidil léite ná go raibh na troill agus na púcaí amuigh á sacadh sa bhosca sin í, í a bheith frithSheimíteach. Tá sí marcáilte anois agus go brách. Ón gcúirt seo aniar níl aon achomharc. Bhí sí damnaithe sular sroicheadh an dara halt thíos féin. Bítear ag súil le gach salachar eile feasta.

I gcás seo ceist Iosraeil agus na bPailistíneach, má chuireann tú an chos chontráilte thar tairseach anonn isteach sa phlé, beifear dod fhaire. Tá nach mór dodhéanta na snáithe plé agus na téada damháin alla ar fad a bhaineann le stair na nGiúdach agus ‘an mheán oirthir’ a roiseadh ó chéile.

Is maith mar a thuigeann stát Iosraeil agus lucht a pháirte é seo, scaoil uait an siolla is lú i gcoinne a chuid polasaithe agus tugtar an branda amach le ‘frithSheimíteachas’ a loscadh ar do dhroim. I bprap na súl éiríonn aníos na geiteonna in oirthear Eorpa, traenacha dúnta dorcha ag gluaiseacht go mear agus corpáin ina sraitheanna sínte.

Agus sea. Tá daoine ann atá in aghaidh Iosraeil atá frithSheimíteach, agus ná séantar é. Agus daoine eile atá frithShiónach, is é sin, ar dóigh leo gur botún ba ea bunú an stáit riamh, agus atá fós ina coinne. Ach tá slua eile fós atá ag dul i líonmhaireacht nach bhfuil frithSheimíteach, ná frithShiónach, ach atá suite de go bhfuil polasaithe Iosraeil in aghaidh na bPailistíneach leatromach, éagórach, míghníomhach agus ciníoch.

Tá scríbhneoirí Eabhraise nua-aimseartha ar an mbuíon sin. Ba scannal le hAmos Oz agus le David Grossman, gan ach beirt a lua, an tslí ar caitheadh leis na Pailistínigh go sonrach, agus leis an lonnú leanúnach mídhleathach ar a bhfearann go ginearálta. Bí cinnte siúráilte dearfach de gur cuireadh frithSheimíteachas ina leith siúd chomh maith. Is mairg don té ar féidir leis caoldheighilt a dhéanamh idir smaointe.

Ar a laghad tá an chonspóid seo ag múscailt níos mó abairtí slána ná mar is féidir le carachtair Sally a chur le chéile i gcaidreamh bliana.