Dé Sathairn, 23ú Bealtaine, 2015

University Observer: Dán le Cian Griffin

Ag siúl le mála sceallóg i mo lámh.

Deich nóiméad chun a trí.

Ag smaoineamh faoi mo stór sa bhaile,

Ach cloisim; “Here buddy, c’mere to me.”

READ MORE

Casaim timpeall agus féachaim thart,

Tá fear beag ólta os mo chomhair.

Ag stánadh orm ó bhun go barr,

Agus iarraim, “Bhfuil tú ceart go leor?”

“Any spare change, pal?” a deir sé,

Ag déanamh staidéir ar m’aghaidh.

“No, sorry,” freagraím go macánta,

Agus lean mé, go tapaidh, ar aghaidh.

Brostaím síos an bhóthair,

Ach glaonn sé i mo dhiaidh.

Chonaic sé an ealaín ar mo ghrua,

Agus mé ag ceiliúradh athraithe na dlíthe.

“What’s the craic with the rainbows, ya bleedin’ queer?”

Tá fadhb aige le mo shaol.

Tá eagla an domhain orm anois,

Táim i mbaol de bharr mo ghaoil.

Tá sé ag magadh ‘s ag screadaíl orm,

“Come back here, ya fuckin’ fool!”

Tosaím ag rith le heagla anois,

Leis an bhfear sin ar mo chúl.

Buaileann gloine ar chúl mo chinn,

Agus titim ar an urlár.

Cloisim fuaim chnámh mo láimhe ag briseadh,

Agus cloisim é ag gáire.

Deich nóiméad níos déanaí,

Táim i m’aonar i mo luí ar an tsráid.

An áit a raibh plódaithe; folamh go léir,

Tá siad críochnaithe leis an bparáid.

Fanaim ansin, ar feadh tamaill fhada,

Ag crith cé nach bhfuil sé fuar.

Ag caoineadh trí mo shúil dhubh,

‘s ag smaoineamh faoi m’fhear.

Truaillíonn fuil an bhogha báistí ar mo aghaidh,

Meascann na dathanna le mo dheora dearga.

Táim fós in ann é a cloisteáil anois,

Ag rá an fhocail nimhneach, drochbhéasach, gránna.

“Faggot.”