Dícheannadh nua-aimsireach

Cé gur beag duine a d’éileodh go dtabharfaí an gearradh brád le claíomh ná le tua ar ais arís, ní féidir a áiteamh nach raibh feidhm leis tráth dá raibh

Aon duine a chonaic an scannán ‘Mary Queen of Scots’ le déanaí ní fhaca sé an fhírinne stairiúil. Ní hé atá i gceist agam an radharc aisteach sin ina gcasann banríon Alba le banríon Shasana a dtuigfeadh aon duine gur díolúine ealaíontóra a bhí ann. B’é an dícheannadh ba bhréagaí, óir níor taispeánadh an cloigeann ag preabadh ar an gclár, ná go deimhin, na buillí den tua a dhein an teascadh.

B’fhéidir go mbeadh sin dian, óir b’éigean trí iarracht a dhéanamh d’fhonn a ceann agus a colainn a bhaint dá chéile, agus níorbh fhéidir marú a dhéanamh ar oiread sin aisteoirí ar son scannáin, ná ar bhanaisteoirí a raibh muineál ramhar acu.

B’fhéidir go gceapfadh daoine gur gráiniúil an mhaise dhom a bheith ag súil go bhfeicfinn a leithéid. Ach smaoinítear go raibh an dícheannadh poiblí ar cheann de na caithimh aimsire ba choitianta san Eoraip ar feadh na gcéadta bliain, agus dá bhfaighfeá an ticéad órga sin seans go bhfeicfeá fós é san Araib Shádaisteach áit a gcuirtear daoine chun báis le claíomh ar bhonn séanadh creidimh, tréas, hómoghnéasachas, spiaireacht, blaisféim, asarlaíocht, coireanna polaitiúla agus eile. Tá dul chun cinn áirithe déanta le déanaí, áfach, mar ó am go chéile gabhtar de chlocha sa phríosúnach, agus sa chás go mbeadh an t-ádh ar fad leis, dhéanfaí é a lámhach.

Rith na smaointe sin liom toisc go bhfuarthas cloigeann an chrosáidí úd gan ainm a sciobadh ó Theampall Mhichain Naofa i mBaile Átha Cliath ar ais sleamhain slán. Is cosúil gur dícheannadh nua-aimsireach a bhí ann seachas go díreach ardú agus breith leat amach, ach ní móide go bhfuair lucht na tua aon oiliúint ó chúrsa de chuid na Comhairle Printíseachta, ceal éilimh - go fóill.

READ MORE

Thuairimíos i dtosach go gcaithfidh gur cill sceimhlitheoireachta de chuid ISIS in Éirinn a dhein an gníomh mar éiric ar an slad a d’imir na crosáidí ar phobal an Fháidh (moladh go deo leis). B’í an t-aon laige amháin a bhí sa réasúnaíocht sin, áfach, ná dá mbeadh aon bhaint ag Moslamaigh leis go mbeadh leata ar fud cinnlínte na smuganuachtán abhus. Nó, b’fhéidir nach bhfuil intinn chomhcheilgiúil acu ar mo nós fein.

Fág gur san Araib Shádaisteach is mó a chleachtaítear an buille glan claímh seo, tá a leithéid dleathach fós sa Chatar agus san Éimin. Tá go leor daoine a bhfuil a gcloigne a mbaint díobh san Éimin faoi láthair, gan buíochas d’aon choir mhion ná mhór. De ghnáth is ón aer anuas a thagann an scaradh blaosc le pléasc le caoinchead na stát deasa sin ar fad a sholáthraíonn na hairm tine do na buamadóirí lasnairde. Is fiú an rabhadh a thabhairt, áfach, a bheith thar a bheith cúramach má tá tú ag triall ar Chorn an Domhain sa Chatar sa bhliain 2022; sa chás is ndéanfá iarracht ar phóca a phiocadh cá bhfios nach dtiocfá abhaile gan aon chloigeann ar do ghuaillí?

Cé gur beag duine a d’éileodh go dtabharfaí an gearradh brád le claíomh ná le tua ar ais arís, ní féidir a áiteamh nach raibh feidhm leis tráth dá raibh. Ba mhór an áis í chun ríthe agus banríona a thabhairt ar aon chomh-mhéid lena ngéillseanaigh. Tharla do Mharie Antoinette na Fraince, agus Séarlas I Shasana, ‘óir an té a uaisleofar de láimh, ísleofar cúig orlach é, adeir an mogha’ mar atá scríte sa Leabhar Maith.

Sna laethanta dorcha seo nuair atá tíortha de chuid na hEorpa ar tí a bheith gafa ag rialtais de chuid na heite deise agus iad réidh ullamh ag beartú céasadh níos measa dá gcuid naimhde polaitiúla, is dócha gur fearr an dícheannadh ná a bheith stiallta ag madraí allta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar