Beo ar Éigean: Scathán ar phobal na Gaeilge

‘Ag tosú amach, bhí faitíos orainn nach mbeadh aon rud le rá againn, nó níos measa fós, nach n-éisteadh éinne linn.’

Siún Ní Dhuinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin.

Siún Ní Dhuinn, Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin.

 

FOCLOIR: Borradh - growth, comhaimseartha - contemporary, beannacht - blessing, eascainí - cursing/swearing, snasta - polished, - era, cliabhán - cradle, eagrán - edition, canúintí - dialects.

Éist le Beo ar Éigean anseo

Is fiú i gcónaí dul sa seans. Dhá bhliain go leith ó shin, shuigh mé féin agus Sinéad Ní Uallacháin ag caint faoi na podchraoltaí a raibh muid ag éisteacht leo ag an am; My Favourite Murder, The Blindboy Podcast, Oprah’s SuperSoul Conversations, agus araile. Bhí borradh ar an bhfoirmle ag an am, ach ní raibh muid in ann smaoineamh ar aon phodchraoladh Gaeilge, a d’oirfeadh dúinne, triúr ban le spéiseanna comhaimseartha. Idir shúgradh agus dáiríre a bhí muid nuair a thosaigh muid ag caint ar ár gceann féin a thosú.

Chuaigh mise chomh fada le mo bhainisteoir ag an am, Rónán Mac Con Iomaire, chun a bheannacht a fháil, rud a fuair mé, chomh maith le tacaíocht chroíúil le tús a chur le tionscnamh nua. Bhí sé tógtha leis an smaoineamh agus chreid sé go bhféadfaimis an coincheap a thabhairt ar an saol go snasta. D’earcaigh muid Áine Ní Bhreisleáin agus ba ann do Bheo ar Éigean.

Ag tosú amach, bhí faitíos orainn nach mbeadh aon rud le rá againn, nó níos measa fós, nach n-éisteadh éinne linn. Tá sé tábhachtach a lua nach clár raidió é seo curtha i bhfoirm podchraolta, ach podchraoladh sa chiall is bunúsaí, cairde ag caint gan aon léiriú mór déanta air. Ní oirfeadh an stíl chraoltóireachta atá againn don raidió, cé go bhfuil muid buíoch de thacaíocht leanúnach RTÉ Raidió na Gaeltachta. Comhrá an-ionraic é seo idir cairde maithe, rud a chiallaíonn go sleamhnaíonn eascainí, sleamhnaíonn corrfhocal Béarla, sleamhnaíonn deora le gáire agus le brón. Ní chúlaíonn muid ón leochaileacht nádúrtha a thagann chugainn nuair atá ábhar trom á phlé againn.

D’fhéadfainn a rá anois go raibh muid níos coimeádaí ag an tús ná mar atá anois ach mar sin féin, bhain muid preab as ár gcuid éisteoirí nua lenár n-oscailteacht ar gach a bhí faoi chaibidil againn.

Ag dul ó neart go neart

Ó shin i leith, tá breis agus céad eagrán curtha amach againn agus is beag rud nach bhfuil pléite againn, ár smaointí, tuairimí agus taithí roinnte idir an triúr againn ar Ré an Tíogair Cheiltigh, ar an mbás, ar dhul i ngleic le dúshláin oibre, ar chúrsaí collaíochta agus ar chonspóid chomhaimseartha na Wags, fiú. Labhair muid faoin saol mór agus an saol beag atá againne.

Níor leagamar síos ach aon riail amháin ón tús, riail a bhfuil muid ag cloí leis go dtí an lá inniu, go docht daingean; ní phléann muid ‘ceist na teanga’. D’fhéadfainn alt eile a scríobh ar na cúiseanna ach is leor a rá go bhfuil go leor ráite ag daoine eile agus cé go bhfuil Gaeilge á labhairt againn, ní hionann sin agus a rá gur mhaith linn anailís a dhéanamh ar nósanna teangeolaíochta na tíre gach lá! Tá aiseolas faighte againn ó éisteoirí go bhfuil siad buíoch dínn as an seasamh atá tógtha againn ar an ábhar agus gur mó spéise ár gcuimhní cinn ar ár mblianta mar dhéagóirí ciotacha, seachas curaclam scolaíochta.

Mar a tharlaíonn sé, is saghas scátháin muid ar phobal comhaimseartha na Gaeilge; beirt a bhfuil Gaeilge ón gcliabhán acu (Áine agus Sinéad, as Gaoth Dobhair agus Corca Dhuibhne, araon) agus duine amháin (mise) a d’fhoghlaim a cuid Gaeilge i nGaelscoil uirbeach, i nDún Dealgan. Toisc gur ó mhúinteoirí ó chúlraí éagsúla Gaeilge a fuair mise mo chuid Gaeilge, is minic a fheidhmím mar ateangaire idir Gaoluinn na Ríochta agus Gaeilge Ghleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair.

Canúintí

De dheasca meascán na gcanúintí agus luas na cainte, deirtear liom go mbaintear úsáid as an bpodchraoladh in institiúidí oideachasúla mar acmhainn foghlama. Is breá linn sin a chloisteáil ach mar a dhéanann podchraoltaí eile, ba dheas linn a bheith mar chomhluadar dóibh siúd atá ag cur snas ar a gcuid Gaeilge, seachas mar cheacht. Bíonn neart gáire eadrainn ach mar thoradh ar ár gcomhráití scaoilte, bíonn éisteoirí i dteagmháil linn ar na meáin shóisialta agus ag ócáidí, ag rá go mothaíonn siad go bhfuil siad ag cúléisteacht linn agus buíoch gur labhair muid ar ábhair ar nós an uaignis, imposter syndrome agus caidrimh phearsanta, casta.

Cé gur lonnaithe i RTÉ atá muid, tugann muid Beo ar Éigean ar an mbóthar, nuair is féidir linn. Fuair muid cuireadh freastal ar Electric Picnic, Oireachtas na Samhna, All Together Now, Féile na Bealtaine sa Daingean agus Féile Liú Lúnasa i mBéal Feirste áit ar labhair muid le leithéidí Dáithí Ó Sé faoina phost ar bhád chun an Blascaod, le Muireann Nic Amhlaoibh faoina saol ceolmhar agus le DJ Próvaí ón ngrúpa ceoil Kneecap faoi thábhacht na féiniúlachta dó siúd, a d’fhás aníos i nDoire. Roinneann daoine a scéalta linn go fial, fáilteach. Féachann muid ar Bheo ar Éigean ar nós time capsule dúinne a chruthaigh agus a d’fhorbair é, rud a bheidh ann go deo agus a léiríonn an saol mar atá againne i láthair na huaire; casta, craiceáilte, lán le spraoi. A bhuíochas leis an teicneolaíocht chomhaimseartha, is féidir líon na n-éisteoirí a thomhais, agus is maith liom a rá go bhfuil na huimhreacha sin sláintiúil, rud a choinneoidh muid ag caint go ceann píosa eile.

* Is féidir leat éisteacht le Beo ar Éigean ar Spotify, ar ardáin eile podchraoltaí agus ar rte.ie/Gaeilge go seachtainiúil.