An scrios mór

Nach mairg don tír láidir ar imeall na tíre laige

Vársá na Polainne. Grianghraif: Kacper Pempel/Reuters

Vársá na Polainne. Grianghraif: Kacper Pempel/Reuters

 

Nach mairg don tír láidir ar imeall na tíre laige.

Ceithre scór bliain ó shin thosnaigh an dara cogadh mór, an cogadh b’uafásaí dar tharla riamh i stair an chine bharbartha. Nó, thosnaigh sé san Eoraip mar bhí an t-ár ar siúl cheana sa tSín le dhá bhliain roimhe sin, agus d’fhéadfaí ionsaí na hIodáile ar an Aibisín sa bhliain 1935 a áireamh mar phointe tosaigh, leis. Níor bhaineadar sin le leithinis bheannaithe na hEorpa, gan amhras, ionas gur beagthábhachtach iad mar dhaoine toisc dath eile craicinn a bheith á gclúdach. Mar sin féin.

Mar sin féin, ghluais arm na Gearmáine gona dtancanna agus a gcuid gunnaí isteach thar theorainn na Polainne i moiche na maidne ar 04.45 ar an gcéad lá de Mheán Fómhair 1939. Ba chuma nó turasóirí iad óir nárbh acmhainn d’arm na Polainne seasamh ina gcoinne agus bhíodar lasmuigh de Vársá laistigh de sheachtain, cé gur thóg tamall eile iad a chloí. Cé a chreidfeadh go raibh an locht ar an bPolainn féin?

Mar a chruthaigh na Gearmánaigh ar ball ‘cogadh cosanta’ (Verteidigungskrieg) ba ea an slógadh míleata seo. Gan aon amhras, bhí sluaite na Polainne réidh ullamh le tiomáint siar d’fhonn Dresden agus Leipzig agus Chemnitz a ghabháil de réir a chéile. Ba riachtanach stop a chur le himpireacht na Polainne ar an toirt, ar an gcuma chéanna agus is gátar stop a chur le himpireachtaí na Libia agus na Somáile agus Dúbai gabháltas a dhéanamh ar an Eoraip agus ar an domhan mór anois agus stad a chur le héadaí bhan rialta a dhéanamh éigeantach ar chailíní óga.

Má chuir ionsaí cosantach na Gearmáine cosc le leathnú impireacht na Polainne, níor éirigh leo sin a dhéanamh gan beagán éigin sibhialach mar ‘dhamáiste comhthaobhach’ a mharú. Gan ach tuairim is 200,000 a áirítear, ach cad eile leis a mbeifeá ag súil? Tháinig na Sóivéadaigh isteach ina ndiaidh sin ar eagla go rachadh impireacht an Polainne soir, agus d’éirigh leo stop a chur lena ruaig chun Vladivostock ar imeall Bhá na hAdairce Óir ar a slí go Meiriceá.

Is ea, leis, caithfear a bheith thar a bheith cúramach timpeall ar na tíortha beaga, na tíortha uaillmhianacha seo, nach bhfuil de chuspóir acu ach gabháltas a dhéanamh ar a gcuid comharsan, ar nós plean diablaí Ruairí Uí Chonchubhair Sasana a smísteadh sa bhliain 1169. Is cinnte go bhfuil sé i gceist ag an Éimin leathnú amach agus sící na hAraibe Sádaistí a chur de dhroim seoil, gan trácht ar ISIS a bheith réidh ullamh d’fhonn concais a dhéanamh ar an domhan ar fad. Agus tá plean núicléach ag an mBútáin (nach eol do mhórán) chun mórchathracha na Síne a scrios agus dul i mbun rialtais ann ina dhiaidh sin.

Nach maith nár éirigh le plean na Polainne an Ghearmáin a chur faoi chois? Tá páipéar rúnda taighde ann a mhaíonn go raibh sé i gceist acu sclábhaithe a dhéanamh de na Gearmánaigh ionas go mbeadh siad ag romhar is ag grafar dóibh, ach tá an páipéar sin curtha faoi chois ar eagla go músclódh sé uafás.

Agus féach leat iarmhairt na drochbhirte! Rinneadh scrios ar an bPolainn níos measa ná ar thír ar bith eile. Chaill siad an cúigiú cuid dá daonra agus lonnaíodh campaí uafásacha báis ar a bhfearann. Bhí de mhí-ádh orthu má bhí machairí méithe fairsinge acu chun gluaiseachta siar agus soir, go raibh na machairi méithe céanna ar fáil dá naimhde le teacht aniar agus anoir.

Bhí an t-ádh linne ceithre scór bliain ó shin go rabhamar neodrach, óir ní raibh an t-ádh céanna sin le tíortha eile ar nós na Gearmáine agus na hAibisíne go raibh naimhde ar lic an dorais acu.