Tús caoithiúil le chaidreamh nua le Náisiún na Móhácach

Súil ag Ceann Fine Náisiún na Móhácach go gcuirfidh an scéim nua le stór eolais a mhuintire

Ceann Fine Náisiún na Móhácach, Joseph Tokwiro Norton. Grianghraf: Alan Betson/The Irish Times

Ceann Fine Náisiún na Móhácach, Joseph Tokwiro Norton. Grianghraf: Alan Betson/The Irish Times

 

Foclóir: Tionól - gathering, Ceann Fine - chief, díshealbhú - dispossession, satail - trample, acmhainní - resources, iliomad - great number, plúchta- smothered, seordán - rustling, ceannairc - strife.

Ar a thaisteal dó i gCeanada lá, chonaic James Kelly comhartha ar leathtaobh an bhóthair a chuir in iúil go raibh powwow ar siúl sa cheantar ina raibh sé agus go raibh fáilte roimh chách ann.

Tionól é an powwow do bhundúchasaigh ina nglacann siad páirt i gcomórtais amhránaíochta, rince agus cheoil.

Cuireadh an-fháilte roimhe ag an powwow. Agus é ag cur síos ar an ócáid an tseachtain seo caite, dúirt an tUasal Kelly le Tuarascáil gur chuir an comhluadar agus an chaidreamh a chonaic sé féile shamhraidh Éireannach i gcuimhne dó.

Léim ar aghaidh cúpla bliain agus é ina phríomhfheidhmeannach ar Ollscoil Éireann Cheanada (icuf.ie) luadh leis go raibh aithne ag comhleacaí leis ar Cheann Fine Náisiún na Móhácach, Joseph Tokwiro Norton.

Cuireadh an bheirt in aithne agus tháinig an tUasal Norton ar cuairt go hÉireann cúpla uair agus mar a deir an tUas Kelly, “Thógamar beirt faoi deara go raibh go leor ceisteanna a bhí coiteann idir muid féin agus iad. Ina measc siúd bhí cúrsaí a bhaineann le caomhnú teanga.”

Cheap an bheirt go raibh go leor le foghlaim acu óna chéile.

Cuireadh tús foirmeálta mar sin le caidreamh nua idir muintir na Gaeltachta agus bundúchasaigh i gCeanada an tseachtain seo caite nuair a d’fhógair Aire Stáit don Ghaeilge, Seán Kyne, agus Ceann Fine Náisiún na Móhácach, Joseph Tokwiro Norton scéim Scoláireacht Gaeilge Móháicise.

Tiocfaidh ball de mhuintir na Móháicise ar cuairt go Éirinn gach samhradh faoin scéim chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar chultúr na tíre. Cuirfidh siad fúthu i nGaeltacht Chonamara agus freastalóidh siad ar chúrsa Gaeilge in Acadamh na hOllscoile ar an gCeathrú Rua.

D’fháiltigh an Ceann Fine roimh an scéim nua agus dúirt sé go raibh súil aige go gcuirfeadh sé leis an stór eolais atá ag a mhuintir - ní amháin ar an tír seo sa lá atá inniu ann - ach ar an streachailt a tharla anseo san am atá thart.

“Tá súil agam go dtabharfaidh siad an t-eolas sin abhaile leo agus go labhróidh siad le daoine ionas go bhfaighimid tuiscint níos mó ar an tír, ar a muintir agus ar an streachailt chéanna a bhí ag an dtír seo agus a bhí ag muintir Móhácach.”

Mar a tharla do na Gaeil, cuireadh sochaithe dúchasacha Mheiriceá Thuaidh faoi chois. An toradh a bhí ar seo ná gorta, marú, géarleanúint, caillteanas mór daonra agus díshealbhú.

Sa seachtó aois déag is mó a cuireadh deireadh le sochaí agus sean-ord na nGael ach rud sách tobann a bhí san ionradh a rinneadh ar na dúchasaigh.

Is cinnte go bhfuil cosúlachtaí ann mar sin féin. Nuair a rinneadh aon iarracht eagrú go polaitiúil nó go míleata, nó nuair a trialladh caomhnú cultúrtha shatail na húdaráis air.

Ach, tá feabhas tagtha ar chúrsaí ar an Oileán Turtar - mar a thugann roinnt bhundúchasach ar Mheiriceá Thuaidh.

Go dtí le gairid bhí na sean traidisiúin ag meath agus an oidhreacht shaibhir líofa plúchta ag srac-chultúr coimhthíoch ach, dúirt an Ceann fhine, go bhfuil athbheochan ar bun i measc a mhuintire.

“Is féidir linn athbheochan a thabhairt air,” a dúirt sé liom.

“Tá sé 50 bliain ó baineadh an brú dínn agus ón uair a raibh ár dteanga agus ár gcultúr faoi chois ag an rialtas agus ag an móramh thart timpeall orainn”.

“Táimid i gceannas anois ar ár gcóras oideachais féin. Tá scéimeanna cultúir againn do gach aoisaicme, agus tá smacht againn ar gach ar chóir dúinn smacht a bheith againn air.

“Is féidir ár dteanga a chloisteáil anois i measc mo mhuintire agus í á labhairt go forleathan - idir óg agus aosta. Is comhartha iontach maith é sin dúinne.”

Anois go bhfuil smacht acu ar a gcuid scolaíochta, feiceann a mhuintir an luach a bhaineann leis an tumoideachas agus leis an dátheangachas.

“Ó thaobh an chóras oideachais de, tá curaclam Móhácach, Béarla agus Fraincis againn. Tá muid inár gcónaí i gCúige Québec agus tá muid timpeallaithe ag an iliomad daoine a labhraíonn Fraincis. Má bhimid in ann trí theanga a labhairt, agus más féidir linn feidhmiú sna teangacha sin, measaimid go n-éireoidh go geal lenár muintir.”

Ach, le breis agus 250 teanga dúchasacha i gCeanada, tá dúshláin rompu fós.

“Tá cuid acu caillte agus caithfear teacht orthu arís - ar bhealach amháin nó ar bhealach eile,” ar sé.

“Is féidir leis an rialtas an reachtaíocht agus na dlíthe a athrú ach tá sé rí-thábhachtach go gcuirfí acmhainní ar fáil chun ‘neadacha teanga’ a mhaoiniú,” a dúirt sé.

Modh tumoideachais is ea na neadacha teanga atá ag bundúchasaigh Maorach sa Nua-Shéalainn. Múineann cainteoirí aosta a dteanga don aos óg sa chaoi agus gur féidir tuiscint agus inniúlacht teanga a aistriú ó ghlúin go glúin.

Tá gá freisin dul i ngleic le cúrsaí teicneolaíochta agus tá tuiscint mhaith ag an tUas Norton cén chaoi le sin a dhéanamh. Bhunaigh sé an chomhlacht Mohawk Internet Technologies i 1998 agus tá breis agus 100 duine ag obair don chomhlacht anois.

“Tá rudaí ag feabhsú,” a deir sé.

“Ach, tá contúirt fós ann mar go bhfuilimid i gcomórtas le go leor eile. Caithfear aird na ndaoine a tharraingt. Tá sé sin ríthábhachtach chun go dtiocfaidh muid slán.”