‘Is gá dúinn dul i bhfeidhm anois’

Agus cláir chuimsitheacha rialtais dhá phlé faoi láthair tá seans anois ann éilimh #Gaelvóta a bhaint amach

Tá deis againn fós cothrom na féinne a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa chlár Rialtais nua atá á phlé faoi láthair ag an gComhaontas Glas, Fianna Fáil agus Fine Gael. Níl na gealltainis a thug na trí pháirtí i bhfad ó na héilimh a rinne ochtó grúpa Gaeilge agus Gaeltachta mar chuid den fheachtas #Gaelvóta.

Ó thaobh infheistiú sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge, gheall na trí pháirtí infheistíocht de €20 milliún nó níos mó sa bhreis ar an maoiniú reatha. D’aontaigh siad go bhfuil gá le hinfheistiú i gcruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, i bhforbairt na pleanála teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, i bhforbairt TG4 agus meáin Ghaeilge eile chomh maith le forbairtí eile tríd buiséad Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge a mhéadú.

Dar ndóigh, tá bagairt ann don ghealltanas seo mar gheall ar éigeandáil an choróinvíris agus an brú a bheidh ar chúrsaí airgid an Stáit amach anseo. Bhí cruinnithe againn le déanaí, áfach, le baill de na toscaireachtaí ó Fhianna Fáil agus ón gComhaontas Glas atá ag déanamh idirbheartaíochta ar an gClár Rialtais agus bhí an dá pháirtí fós taobh thiar don ghealltanas seo cé gur chuir siad in iúl go mbeadh sé níos deacra é a bhaint amach.

Chuireamar ina luí orthu go bhfuil sé ríthábhachtach go dtógfar san áireamh go bhfuil cás faoi leith ann don Ghaeltacht agus don Ghaeilge mar gheall ar an slad a rinneadh ar bhuiséad caipitil an Údaráis i 2008 agus nár tugadh aon mhaoiniú sa bhreis don Fhoras le 10 mbliain anuas (a mhalairt de sin a tharla - rinneadh laghdú 5 faoin gcéad ar a mbuiséid ). Sa tréimhse chéanna tugadh acmhainní suntasacha breise don IDA, Fiontraíocht Éireann, An Chomhairle Ealaíon agus eile.

READ MORE

Ní mór linn na harduithe ina mbuiséid a fuair na dreamanna seo, ach léirigh na cinntí a rinne na rialtais éagsúla sna blianta sin easpa cothrom na féinne don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Chuireamar ina luí ar na polaiteoirí mar gheall air seo agus eile go bhfuilimid ag súil go seasfaidh siad len a ngealltanas maidir le maoiniú breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Ceann de na héilimh is mó eile a bhí againn san fheachtas #Gaelvóta ná go mbeidh Aire Sinsearach ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

D’aontaigh an Comhaontas Glas leis seo agus gheall Fianna Fáil go gcuirfear an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 i bhfeidhm agus luaitear ann go mbeidh Aire Sinsearach agus roinn le lárfhreagracht as an nGaeilge acu.

Is gá dúinn dul i bhfeidhm anois, ní amháin ar na polaiteoirí sna toscaireachtaí atá ag cur an Chláir Rialtais le chéile, ach ar cheannairí na dtrí pháirtí chomh maith mar go mbeidh an triúr sin ag roghnú na nAirí éagsúla.

Is fiú dúinn ar fad teagmháil a dhéanamh leis na ceannairí sin pé bhealach gur féidir sna laethanta agus sna seachtainí romhainn chun an t-éileamh seo a chur chun cinn leo.

Tuigeann muid nach mbeidh seirbhís shásúil curtha ar fáil ag an Stát do phobal na Gaeltachta nó do phobal na Gaeilge go dtí go mbeidh a dhóthain daoine atá inniúil ar an nGaeilge ag obair sa státchóras.

Chuige sin lorgaíomar agus fuaireamar gealltanas ón gComhaontas Glas agus ó Fhianna Fáil go gcuirfear spriocdháta leis an bhforáil i mBille na dTeangacha Oifigiúla, nach déanaí ná 2030 go mbeidh 20 faoin gcéad do na hiarrthóirí a earcófar sa státseirbhís inniúil ar an nGaeilge.

Níor chóir go mbeadh aon leithscéal ann nach mbeadh seo luaite go sonrach sa Chlár Rialtais le dhá pháirtí as na trí pháirtí ar son na leasuithe seo.

Mar an gcéanna leis sin, chuir an Comhaontas Glas agus Fianna Fáil in iúl dúinn go bhfuil siad ag seasamh len a ngealltanas go bhforbrófar agus go gcuirfear i bhfeidhm Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais, ón Réamhscoil go dtí an Tríú leibhéal. Chuimseodh an polasaí seo an Ghaeilge sa chóras oideachais ag gach leibhéal agus i ngach earnáil, leis na trí chroípholasaí seo a leanas san áireamh sa pholasaí féin: An Polasaí Oideachais Gaeltachta reatha; An Polasaí don Ghaelscolaíocht atá le forbairt (fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna ar 30/12/19); Polasaí don oideachas a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Tá Fine Gael ag tacú leis an chéad dá chuid den pholasaí seo chomh maith. Arís, ní fheictear dúinn go bhfuilfáth ar bith ann nach bhféadfadh an polasaí seo a bheith san áireamh sa Chlár Rialtais.

Tá éilimh eile ann, dar ndóigh, a phléighmear agus grúpaí eile leis na páirtithe i rith an olltoghcháin; go mbeidh an toghchán curtha ar bun arís do bhord Údarás na Gaeltachta, an gá le Raidió Rí-Rá a bheith ag craoladh ar FM go náisiúnta agus eile, agus táimid maraon leis na dreamanna eile ag brú na n-éileamh seo i gcónaí.

Bhí toradh maith ar an bhfeachtas #Gaelvóta i rith an olltoghcháin leis an méid gealltanas a thug gach páirtí polaitiúil agus cuid mhaith de na neamhspleácha do na héilimh Ghaeilge agus Ghaeltachta. Fuair muid na gealltanais sin mar gheall ar an mbrú agus an tiomantas ón bpobal i rith an olltoghcháin.

Anois an t-am le cinntiú go mbeidh na gealltanais sin san áireamh sa Chlár Rialtais atá an Comhaontas Glas, Fianna Fail agus Fine Gael ag obair air. Anois an t-am le cur in iúl do na TD tofa i do dháilcheantar ón trí pháirtí go bhfuil tú ag súil go seasfaidh siad leis na gealltanais a thug siad san olltoghchán. Anois an t-am le cothrom na féinne a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le chéile.

Tá Julian de Spáinn ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge