Máire Mhic Ghiolla Íosa: An Ghaeilge agus an Fhéiniúlacht Éireannach

Is iontach mar a fhásann an cúpla focal nuair a thugann duine faoin Ghaeilge a fhoghlaim arís

Céad bliain ó shin bhí Gluaiseacht na Gaeilge agus Gluaiseacht na Poblachta ceangailte go dlúth i meon agus i saol mhuintir na hÉireann. “Ní amháin saor ach Gaelach chomh maith; ní amháin Gaelach ach saor chomh maith” a bhí mar shluaghairm choitianta ag an am. Bhí an Ghaeilge, dar le mórchuid de bhunaitheoirí an Stáit, mar dhlúthchuid den fhéiniúlacht Éireannach.

Tá an Ghaeilge mar chuid thábhachtach de m’fhéiniúlacht féin mar Éireannach, agus bhí riamh, fiú ag an am nach raibh Gaeilge agam. Tá taisí agus tionchar na Gaeilge de dhlúth agus d’inneach an tsaoil in Éirinn. Ní gá ach smaoineamh ar shaibhreas na logainmneacha a úsáideann muid gach lá. Tá siad fréamhaithe go daingean in ithir an dúchais. Tuigeann muid ar fad na focail is coitianta a úsáidtear, agus dá bharr sin tá tuiscint againn ar bhunús na logainmneacha. Níl dabht ar bith ach gur saibhre muid an tuiscint sin a bheith againn.

Is saibhre Béarla na hÉireann struchtúr na Gaeilge a bheith air fosta. As béal an Éireannaigh amháin a chluinfeá: “Is it yourself that’s in it?” nó “I’m after doing it.” Tá rian na Gaeilge beo beathach sa Bhéarla atá thart orainn in Éirinn. Sin oidhreacht ár sinsear; cuid den saol, cuid dár bhféiniúlacht.

Rugadh agus tógadh mé in Ard Eoin, i mBéal Feirste. As Contae Ros Comáin m’athair, áit a bhfuair sé a chuid scolaíochta i nGaeilge. Béarla a bhí ag a thuismitheoirí, ach Béarla a bhí breac le Gaeilge bhinn Chúige Connacht. Ní raibh Gaeilge ag mo mháthair, ach bhí Gaeilge na mBráithre Críostaí ag a cuid deartháireacha óga, agus ba í sin a labhair siad agus iad den bharúil go raibh cluasa fada ar na muca beaga.

READ MORE

Cion is nach raibh an Ghaeilge mar chuid den churaclam sna bunscoileanna paróiste le linn m’óige, chinn mo thuismitheoirí an chlann a chur chuig scoileanna a raibh an Ghaeilge á teagasc iontu.

Mar sin, cuireadh na cailíní chuig Clochar na Trócaire agus na buachaillí chuig na Bráithre Críostaí. Lean mé féin leis an Ghaeilge in Ardscoil San Dominic ina dhiaidh sin, agus chaith mé trí shamhradh fhada fhliucha i mBaile na Finne sa Ghaeltacht Láir.

Bhí cónaí orm ar imeall Ard Eoin i gceantar a raibh mórchuid na ndaoine ina bProtastúnaigh agus ina nAontachtaithe. Ní haon iontas é gur mhinic teannas san áit. Cé gur ag tarraingt ar thobair éagsúla a bhí an dá phobal, d’fhás cairdeas idir mé féin agus roinnt de na comharsana Protastúnacha, muintearas atá beo beathach go fóill. Nuair ba ghnách liomsa dul chuig an chamógaíocht nó feiseanna, nó chuig an damhsa Gaelach, is caithimh aimsire de shórt eile ar fad a bhí ag mo chairde Protastúnacha.

Ba ghnách liom cuid de gach samhradh a chaitheamh i gContae Ros Comáin, le tuismitheoirí m’athar. Bhí an tAthair John Joe McGreevy ina chuairteoir rialta sa teach, col ceathrar le m’athair agus scoláire Gaeilge. Ní chluinfeá focal Béarla sa teach nuair a bheadh an tAthair John Joe ar cuairt. Ba mhinic mé faoi dhraíocht ann. Cé nár thuig mé na focail, thuig mé go raibh caidreamh álainn éigin ceilte orm.

Blianta fada ina dhiaidh sin, agus mé ar chuairteanna oifigiúla thar lear mar Uachtarán na hÉireann, ba ghnách liom an Ghaeilge a úsáid i ngach píosa cainte poiblí a rinne mé. Is minic a tháinig daoine chugam i ndiaidh na cainte le hinsint dom gur mhothaigh siad ceangal agus comhbhá ní ba láidre leis an tír de bharr na teagmhála leis an Ghaeilge. Bíonn tábhacht ar leith ag baint leis an chúpla focal i saol an deoraí.

Is iomaí duine in Éirinn a shíleann nach bhfuil acu ach traidhfil bheag Gaeilge. Ach is iontach mar a fhásann agus a fhorbraíonn an cúpla focal nuair a thugann duine faoin Ghaeilge a fhoghlaim arís. Sin mar a tharla dom féin: faoi mar a bheadh mo chuid Gaeilge, a bhí ina sámhchodladh, i ndiaidh í féin a mhúscailt arís.

Mar is faide a bhíonn daoine gan an Ghaeilge a úsáid, mar is deacra a bhíonn sé orthu dul i ngleic léi. Is minic a bhíonn eagla ar dhaoine tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim arís. Síleann siad nach bhfuil bunús maith go leor acu, ach is beag duine nach bhfuil stór fairsing focal acu thiar ansin áit éigin sa chuimhne.

I mo chás féin, tháinig mo chumas faoi bhláth nuair a chuaigh mé isteach san Áras. Thug mé faoin staidéar go cíocrach, agus níorbh fhada gur thuig mé go raibh mé ar thairseach saoil eile ar fad, saol litríochta agus cultúrtha a bhí ceilte orm roimhe sin. Diaidh ar ndiaidh, osclaíodh doras dom isteach sa saol sin.

Fuair mé blaiseadh ceart, den chéad uair, de shaibhreas na teanga agus d’áilleacht na litríochta Gaeilge. Bhí mé faoi dhraíocht ag na scéalta agus an fhilíocht. Cé go raibh cuid den saothar léite agam i mBéarla cheana féin, níor leor liom a thuilleadh an t-aistriúchán. An léirstean dubh agus bán a bhí agam ar shaol na Gaeilge, bhí sé anois ildathach, gleoite, glé.

Ní thig liom a mhaíomh go bhfuil m’fhéiniúlacht Éireannach níos láidre anois ná mar a bhí nuair nach raibh an Ghaeilge agam, ach tá tuiscint agus léirstean níos doimhne agam anois ar m’fhéiniúlacht ná mar a bhí riamh.

Is saibhre go mór mo shaol an Ghaeilge a bheith mar chuid de; agus ní miste dom a rá gur boichte go mór a bheadh mo shaol le scór bliain anuas, gan an chairdeas agus an chuideachta agus an chraic a bhí agam as Gaeilge.