Cad is Eorpach, go díreach?

A chara, - Is iomaí ceist a éiríonn as tuairisc John Downes ar an "new model school planned for Dublin" (24ú Meitheamh)

A chara, - Is iomaí ceist a éiríonn as tuairisc John Downes ar an "new model school planned for Dublin" (24ú Meitheamh). De réir na tuairisce sin "subjects such as English, maths, history and geography, will be taught through English, with the remainder taught through either French or German. . .to create a "trilateral school in the European spirit. . .children of three different cultures. . .becoming Europeans".

Cad is Eorpach ann? An mbeidh ionad ar bith ag an nGaeilge sa scoil sin? Cad iad na trí chultúr atá ar aigne inti? An bhfuil airgead agus tacú ó Rialtas na hÉireann laistiar di, i dtuarastail nó i dtógáil? An ionann cuid den "European spirit" sin agus balbhú na Gaeilge, in ainneoin na cainte go léir faoi stádas oifigiúil Eorpach na teanga sin le déanaí? Nó an amhlaidh gurb é sampla seachantach Rialtas Éireann a bheidh á leanúint i gcéin agus i gcóngar sa "stádas" agus sa "spirit" Eorpach i dtaca leis an nGaeilge as seo amach? - Is mise,

EOGHAN Ó SÚILLEABHÁIN, Ascal Achadh Feá, Áth Cliath 15.